• Comhairle AE
  • Preaseisiúint
  • 15 Aibreán 2019
  • 10:35

Rialacha maidir le cóipcheart curtha in oiriúint don ré dhigiteach ag an Aontas

Rialacha cóipchirt arna gcur in oiriúint don ré dhigiteach.

Tá leasú á dhéanamh ag an Aontas ar a chreat dlíthiúil maidir le cóipcheart chun go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm i dtimpeallacht dhigiteach an lae inniu. Ghlac an Chomhairle treoir inniu lena ndéantar an dlí maidir le cóipcheart AE atá ann cheana a nuachóiriú le go mbeidh fíor-mhargadh aonair digiteach ann. Leis na rialacha nua cinnteofar go mbeidh cosaint leordhóthanach ag údair agus ag ealaíontóirí agus cruthaítear féidearthachtaí nua maidir le hábhar atá faoi chosaint cóipchirt a rochtain agus a chomhroinnt ar líne ar fud an Aontais.

Táim an-sásta go bhfuil téacs cothrom anois againn, lena gcruthófar an iliomad deiseanna in earnálacha cruthaitheacha na hEorpa, agus as sin go dtiocfaidh borradh fúthu agus is ea is fearr a léireofar an éagsúlacht chultúrtha agus luachanna Eorpacha eile, agus gur fearr a bheidh sé d'úsáideoirí eile, a ndéanfar a saoirse cainte ar an idirlíon a chomhdhlúthú. Is sprioc thábhachtach é seo chun margadh aonair digiteach a bheidh dea-fheidhmeach agus láidir a fhorbairt.

Valer Daniel Breaz, Aire Cultúir agus Aitheantais Náisiúnta na Rómáine

Leis an treoir, tugtar aghaidh ar shaincheisteanna éagsúla ar féidir iad a chur i dtrí chatagóir:

A) Eisceachtaí ó chóipcheart nó srianta ar chóipcheart a chur in oiriúint don timpeallacht dhigiteach agus trasteorann Leis an treoir, tugtar isteach eisceachtaí éigeantacha ó chóipcheart chun críocha mianadóireacht téacs agus mianadóireacht sonraí mar aon le gníomhaíochtaí teagaisc ar líne, agus an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a scaipeadh ar líne.

B) Feabhas a chur ar chleachtais cheadúnúcháin chun rochtain níos leithne ar ábhar a chinntiú Leis an treoir foráiltear do rialacha comhchuibhithe lena n-éascaítear na nithe seo a leanas:

  • an úsáid a bhaintear as saothair nach ndéantar a thráchtálú a thuilleadh (saothair nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála),
  • comhcheadúnais a bhfuil éifeacht bhreise acu a eisiúint agus
  • imréiteach ceart do scannáin ag ardáin físeáin ar éileamh.

C) Áit mhargaidh dhea-fheidhmeach le haghaidh cóipchirt a bhaint amachLeis an treoir tugtar isteach ceart nua d'fhoilsitheoirí preasa maidir le húsáid ar líne a bpreasfhoilseachán. Údair a bhfuil a saothair ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán, beidh siad i dteideal sciar den ioncam a fhaigheann an foilsitheoir preasa de thoradh an chirt nua sin.

Maidir le hardáin comhroinnte ábhair ar líne, atá bunaithe ar an samhail "ábhar arna uaslódáil ag úsáideoirí", déantar soiléiriú leis an treoir ar an gcreat dlíthiúil ina bhfeidhmíonn siad. I bprionsabal, beidh ar na hardáin sin ceadúnas a fháil i gcás saothair faoi chosaint cóipchirt a uaslódálann úsáideoirí ach amháin má chomhlíontar roinnt coinníollacha dá bhforáiltear sa treoir. Is fearr dá bhrí sin a bheidh sealbhóirí cirt in ann caibidlíocht a dhéanamh i ndáil le coinníollacha úsáide a gcuid saothar ar líne agus luach saothair a fháil i leith úsáid ar líne a n-ábhar ag na hardáin sin. Ag an am céanna, ceadaítear leis an treoir d'úsáideoirí ábhar a ghiniúint agus a uaslódáil gan bhac, ar mhaithe le hathlua, critic, léirmheas, scigmhagadh, scigaithris nó paistís. Chuige sin, cuirtear claochlú léi ar na heisceachtaí seo, atá roghnach faoi láthair do na Ballstáit, go heisceachtaí éigeantacha don chineál ar leith úsáide seo.

Cumhdaítear leis an treoir freisin an ceart atá ag údair agus taibheoirí luach saothair iomchuí agus comhréireach a fháil nuair a dhéanfaidh siad a gcearta a cheadúnú nó a aistriú; agus ina theannta sin, tugtar isteach léi oibleagáid trédhearcachta maidir leis an úsáid a bhaintear as saothair cheadúnaithe agus sásra coigeartaithe luach saothair, mar aon le sásra tiomnaithe malartach um réiteach díospóidí. Eisiatar forbróirí bogearraí ó na rialacha seo.

Na chéad chéimeanna eile

Tar éis shíniú agus fhoilsiú na treorach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, beidh 24 mhí ag na Ballstáit chun na rialacha nua a thrasuí ina ndlí náisiúnta.

Teagmhálaithe preasa

Leonidas Karamountzos
Press officer
+32 2 281 85 46
+32 476 53 11 80

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.