- Preaseisiúint
- 9 Iúil 2019
- 12:12
Beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha: Moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith do 2019
Ar an 9 Iúil 2019, ghlac an Chomhairle a cuid moltaí agus tuairimí tírshonracha do 2019 maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha na mBallstát.
Is é cuspóir foriomlán na moltaí na Ballstáit a spreagadh a n-acmhainneacht fáis a mhéadú trína a ngeilleagair a nuachóiriú agus a n-athléimneacht a neartú tuilleadh.
In ainneoin na n-éiginnteachtaí domhanda agus coinníollacha nach bhfuil chomh fabhrach, tuartar go bhfásfaidh geilleagair uile na mBallstát in 2020 agus tá dífhostaíocht ag an leibhéal is ísle riamh. Sa chomhthéacs sin, díríonn na moltaí tírshonracha ar athchóirithe struchtúracha éifeachtacha a chur chun feidhme, borradh a chur faoi straitéisí infheistíochta agus beartais stuama fhioscacha a spreagadh.
Agus na moltaí sin á nglacadh inniu, sin an chéim deiridh den "Seimeastar Eorpach" in 2019, próiseas bliantúil maidir leis an mbeartas eacnamaíoch a chomhordú. Bhí plé ag an gComhairle Eorpach maidir leis an moladh tír-shonrach ar an 20 Meitheamh. D'fhormheas an Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí na codanna i ndáil le beartas fostaíochta ar an 8 Iúil.
Déantar faireachán comhuaineach ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha na mBallstát le linn tréimhse sé mhí mar chuid den Seimeastar Eorpach.
I bhfianaise na treorach beartais a thugann an Chomhairle Eorpach gach bliain i mí an Mhárta, tíolacann na Ballstáit an méid seo a leanas gach bliain i mí Aibreáin:
- cláir náisiúnta um athchóiriú dá gcuid beartas eacnamaíoch. Leis na cláir sin, leagtar amach cás maicreacnamaíoch don mheántéarma, spriocanna náisiúnta chun straitéis an Aontais "Eoraip 2020" do phoist agus don fhás a chur chun feidhme, sainaithnítear na bacainní is mó ar an bhfás, agus bearta do thionscnaimh lena gcothaítear an fás sa ghearrthéarma;
- cláir um chobhsaíocht nó um chóineasú dá gcuid beartas fioscach. Cláir um chobhsaíocht a thíolacann na Ballstáit atá sa limistéar euro agus cláir um chóineasú a thíolacann na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro. Sna cláir sin, leagtar amach cuspóirí buiséadacha meántéarma, na príomhthoimhdí maidir le forbairtí eacnamaíocha atáthar a thuar, cur síos ar bhearta beartais fhioscacha agus eacnamaíocha, agus anailís ar an gcaoi a bhféadfadh athruithe ar thoimhdí difear a dhéanamh do sheasaimh fhioscacha agus fiachais.
Agus an méid sin déanta, glacann an Chomhairle moltaí agus tuairimí tírshonracha. Tugann sí míniúcháin i gcásanna nach dtagann na moltaí sin leis na bearta a mholann an Coimisiún.
Den chéad uair, agus tar éis imeacht na Gréige ón tríú clár coigeartaithe eacnamaíoch i mí Lúnasa 2018, díríonn na moltaí tírshonracha don bhliain 2019 ar na Ballstáit uile.
I mí an Mhárta 2019, ghlac an Chomhairle moladh sonrach maidir le beartais eacnamaíocha an limistéir euro. Rinneadh sin ag tráth ní ba luaithe d'fhonn saincheisteanna an limistéir euro a chur san áireamh agus na moltaí tírshonracha á bhformheas aici.
Féadtar teacht ar na dréachtmholtaí sna doiciméid seo a leanas:
- An Ostair
- An Bheilg
- An Bhulgáir
- An Chróit
- An Chipir
- Poblacht na Seice
- An Danmhairg
- An Eastóin
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Ghearmáin
- An Ghréig
- An Ungáir
- Éire
- An Iodáil
- An Laitvia
- An Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- An Ísiltír
- An Pholainn
- An Phortaingéil
- An Rómáin
- An tSlóvaic
- An tSlóivéin
- An Spáinn
- An tSualainn
- An Ríocht Aontaithe
Teagmhálaithe preasa
- Maria Tomasik
- +32 2 281 24 63
- +32 470 88 23 83