• Comhairle AE
  • Preaseisiúint
  • 15 Deireadh Fómhair 2019
  • 01:15

Muir Bhailt: Comhaontú ón gComhairle maidir le teorainneacha gabhála 2020

Ar an 10 Deireadh Fómhair 2019, chomhaontaigh an Chomhairle na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus cuótaí na mBallstát maidir leis na deich stoc éisc is tábhachtaí i Muir Bhailt don bhliain seo chugainn. Dá bhrí sin, leagtar amach sa chomhaontú seo an méid a bheidh cead ag na hiascairí Eorpacha a ghabháil agus na dálaí faoina ndéanfar sin.

I gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is déanaí a tharraingíonn aird ar dhroch-dhálaí i Muir Bhailt, chinn an Chomhairle na deiseanna iascaireachta d'fhormhór na stoc éisc a laghdú. Níor méadaíodh TACanna go measartha ach amháin do scadáin i Murascaill Ríge, agus coimeádadh iad le haghaidh bradán i Murascaill na Fionlainne.

Is suntasach go háirithe iad na ciorruithe i leith an troisc, le laghdú60% i bhfeidhm sa chuid Thiar de Mhuir Bhailt, agus gan cead foghabhálacha a bheith ann ach sa chuid Thoir amháin.

Jari Leppä, Aire Talmhaíochta agus Foraoiseachta na Fionlainne agus Uachtarán na Comhairle

Bhí roinnt cinntí misniúla le déanamh chun sláinte stoc éisc Mhuir Bhailt a chaomhnú chomh maith le hinbhuanaitheacht níos fadtéarmaí na n-iascach sa limistéar. Ní hamháin go mbeidh comhaontú an lae inniu ina chuidiú maidir le téarnamh stoic, ach beidh sé ina chuidiú freisin chun na héifeachtaí socheacnamaíocha ar iascairí san Aontas a mhaolú.

Jari Leppä, Aire Talmhaíochta agus Foraoiseachta na Fionlainne agus Uachtarán na Comhairle

Mionsonraí an chomhaontaithe

Bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, cuirtear san áireamh sna cainníochtaí a comhaontaíodh an gealltanas chun cuspóirí an chomhbeartais iascaigh a chomhlíonadh, lena n-áirítear an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach, chomh maith leis an gcomhairle eolaíoch a cuireadh ar fáil, go háirithe ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara. Cloíodh go mion le forálacha an phlean ilbhliantúil bainistíochta do Mhuir Bhailt freisin.

Chomh maith le TACanna agus cuótaí náisiúnta a shocrú i dtaca le speicis áirithe, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi bhearta breise do stoic trosc amhail:

- teorainneacha níos déine maidir le hiascaigh áineasa (teorainneacha málaí cúig eiseamal do gach iascaire in aghaidh an lae mar riail ghinearálta)

- tréimhsí coiscthe níos faide i bhforanna 25 agus 26 (ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa), i bhforanna 22-23 (ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta), agus i bhforoinn 24 (ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil)

Ós rud é go mbeidh iarmhairtí socheacnamaíocha díobhálacha ann do na hiascaigh dá ndéantar difear mar thoradh ar na laghduithe móra a comhaontaíodh i ndáil le deiseanna iascaireachta, chuir na Ballstáit i Muir Bhailt agus an Coimisiún i dtreis a thábhachtaí atá sé bainistiú cuí ar an ngéarchéim a áirithiú.

Rinneadh obair ullmhúcháin a chuidigh le teacht ar chomhaontú go gasta ar an leibhéal réigiúnach trí BALTFISH, comhlacht a chuireann ardán ar fáil do phlé maidir le saincheisteanna tábhachtacha iascach i Muir Bhailt, atá faoi chathaoirleacht na Fionlainne faoi láthair.

Na chéad chéimeanna eile

Glacfaidh an Chomhairle an mhír seo go foirmiúil trí nós imeachta i scríbhinn.

Cúlra

Bunaíodh pléití an lae inniu ar thogra ón gCoimisiún, agus Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar bhunús dlí leis.
Faoin Airteagal sin, is faoin gComhairle atá sé bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh faoi chuimsiú an chomhbheartais iascaigh. Dá bhrí sin, ní gá rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa ná tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta chun go nglacfaí an rialachán seo.

Teagmhálaithe preasa

Assen Indjiev
Preasoifigeach
+32 2 281 68 14
+32 470 46 17 15