• Comhairle Eorpach
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 18 Deireadh Fómhair 2019
  • 15:40

A ndúirt an tUachtarán, Donald Tusk, i ndiaidh an chruinnithe den Chomhairle Eorpach ar an 17 agus an 18 Deireadh Fómhair 2019

Phléigh na ceannairí méadú an Aontais aréir. Theastaigh óna dtromlach mór na cainteanna aontachais a oscailt leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin. Is gá aontoilíocht a bheith ann do chinneadh den sórt sin, áfach, agus ní raibh aontoilíocht ann inné. Dá dheasca sin, fillfidh an tAontas Eorpach ar an tsaincheist sin roimh chruinniú mullaigh Shágrab a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine 2020.

Ar fhaitíos na míthuisceana: ní ar an Macadóin Thuaidh ná ar an Albáin atá an locht faoi seo. Is léir, freisin, ó na tuarascálacha ón gCoimisiún go ndearna an dá thír sin gach ar iarradh orthu a dhéanamh. Ina theannta sin, b'éacht as miosúr é Comhaontú Prespa a ghlacadh. Dá bhrí sin, tá sé de cheart ag an dá thír tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Aontas inniu féin. Tá siadsan ullamh. Ar an drochuair, tá roinnt Ballstát ann nach bhfuil ullamh fós. Sin an fáth nár éirigh linn teacht ar chinneadh dearfach. Measaim féin gur botún atá ann, ach ní chuirfidh mé leis an méid atá ráite agam faoi.

Is é is mian liom a rá inniu lenár gcairde Macadónacha agus Albánacha: ná baintear deireadh dúile de go fóill. Is rómhaith a thuigim an frustrachas atá oraibh ó tharla go ndearna sibhse bhur gcuidse den obair agus nach ndearna muidne ár gcuidne. Is eintiteas casta polaitiúil é an tAontas Eorpach agus is fíor, corruair, go gcaitheann sé a bharraíocht ama agus cinntí á ndéanamh aige. Ina ainneoin sin, níl amhras dá laghad orm faoi ná gur baill iomlána de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh ionaibh amach anseo.

Ina theannta sin, phléigh na ceannairí tosaíochtaí an Choimisiúin nua inniu, leis an Uachtarán toghaí Von der Leyen, agus phléigh siad buiséad an Aontais a bheidh ann amach anseo. Plé tábhachtach a bhí ann, a leanfaidh ar aghaidh sna míonna atá amach romhainn. Is plé a dhéanfar, áfach, gan mé féin ná Jean-Claude a bheith inár suí ag tábla na Comhairle Eorpaí, mar is eol daoibh. I ndáil leis sin, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Jean-Claude, ar comhghleacaí agus cara liom é, as an gcairdeas a bhí againn, as an dílseacht agus an dlúthpháirtíocht a léirigh sé dom, agus as an gcomhar as cuimse a bhí againn le chéile. Is mian liom freisin mo bhuíochas a ghabháil libhse sna meáin, as na ceisteanna a chuir sibh orm, a bhí crua ach a bhí cothrom, as a bheith foighneach, agus as oícheanta fada a chaitheamh inár gcuideachta. Agus as gáire a dhéanamh faoi chuid de na hiarrachtaí a rinneamar a bheith greannmhar. Nach raibh riamh iontach greannmhar, le fírinne. Go raibh maith agaibh as a ndearna sibh dom.