- Preaseisiúint
- 12 Samhain 2019
- 12:00
An comhar cosanta: 13 dtionscadal nua de chuid PESCO seolta ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle liosta nuashonraithe de 13 thionscadal a dtabharfar fúthu faoi PESCO. Fágann cinneadh an lae inniu go bhfuil 47 dtionscadal i bhfeidhm faoi láthair.
Díríonn cúig cinn de na tionscadail nua ar oiliúint, lena gcumhdaítear réimsí amhail cibearoiliúint, tumadóireacht, oirbheartaíocht, cúrsaí leighis chomh maith le hoiliúint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRND). Tá tionscadail eile dírithe ar fheabhas a chur ar ghníomhaíochtaí comhoibríocha an Aontais agus ar fhorbairt cumais maidir leis an bhfarraige, an t-aer agus an spás.
Ghlac an Chomhairle go foirmiúil an chéad sraith de 17 dtionscadal ar an 6 Márta 2018 agus an dara sraith de 17 dtionscadal ar an 20 Samhain 2018.
Cúlra
Ar an 11 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle cinneadh lena mbunaítear Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO). Cuireann PESCO ar chumas na mBallstát a bheith ag obair le chéile ar bhealach níos dlúithe i réimse na slándála agus na cosanta. Béarfaidh an buanchreat seo le haghaidh comhar cosanta go mbeidh gach Ballstát ar mian agus ar acmhainn leis sin in ann cumais cosanta a fhorbairt i dteannta na mBallstát eile, infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail chomhroinnte, agus feabhas a chur ar ullmhacht oibríochtúil agus rannpháirtíocht a gcuid fórsaí armtha.
Seo a leanas na 25 Bhallstát atá rannpháirteach in PESCO: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, Poblacht na Seice, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an tSualainn, an Spáinn, an Ungáir.
- Forléargas nuashonraithe ar thionscadail chomhoibritheacha PESCO
- Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO) - Bileog eolais
Teagmhálaithe preasa
- Maria Daniela Lenzu
- +32 2 281 21 46
- +32 470 88 04 02