- Preaseisiúint
- 10 Nollaig 2019
- 12:25
Comhionannas inscne san Aontas Eorpach: conclúidí glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle conclúidí ar an lá sin maidir le comhionannas inscne i ngeilleagair an Aontais, a bhfuil sé mar aidhm leo ionchur a bheith acu i straitéis comhionannais inscne an Choimisiúin nua. Dréachtaíodh iad faoi chuimsiú an athbhreithnithe bhliantúil ar chur chun feidhme chlár oibre na Náisiún Aontaithe don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban ag an Aontas gona Bhallstáit (Dearbhú agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising, a glacadh in 1995), aithnítear sna conclúidí an dul chun cinn a rinne an tAontas i réimsí áirithe, amhail an treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil a ghlacadh, sciar méadaithe na mban ar bhoird chuideachtaí móra agus líon laghdaithe na mban agus na bhfear atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta. Ag an am céanna, iarrtar sna conclúidí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an comhionannas inscne a chur chun cinn tuilleadh mar thosaíocht pholaitiúil agus trí bhearta nithiúla.
Féach ar leathanach na gcruinnitheTeagmhálaithe preasa
- Assen Indjiev
- +32 2 281 68 14
- +32 470 46 17 15
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.