• Comhairle AE
  • Preaseisiúint
  • 30 Meitheamh 2020
  • 15:30

An Chomhairle tagtha ar chomhaontú go maolófar na srianta taistil atá ar chónaitheoirí tríú tíortha áirithe

Ghlac an Chomhairle moladh maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas. Ba cheart deireadh a chur le srianta taistil i gcás na dtíortha atá liostaithe sa mholadh, agus athbhreithniú á dhéanamh ar an liosta sin agus, de réir mar a bheidh, é á thabhairt cothrom le dáta gach coicís.

Bunaithe ar na critéir agus ar na coinníollacha a leagtar amach sa mholadh, amhail ón 1 Iúil ar aghaidh, ba cheart do na Ballstáit maolú céimseach a dhéanamh ar na srianta taistil ag na teorainneacha seachtracha atá ar chónaitheoirí na dtríú tíortha seo a leanas:

  • An Ailgéir
  • An Astráil
  • Ceanada
  • An tSeoirsia
  • An tSeapáin
  • Montainéagró
  • Maracó
  • An Nua-Shéalainn
  • Ruanda
  • An tSeirbia
  • An Chóiré Theas
  • An Téalainn
  • An Túinéis
  • Uragua
  • An tSín, faoi réir dearbhú cómhalartachta

Ba cheart cónaitheoirí Andóra, Mhonacó, San Mairíne agus na Vatacáine a mheas mar chónaitheoirí de chuid an Aontais chun críche an mholta seo.

Na critéir a úsáidfear lena chinneadh cé na tríú tíortha ar cheart deireadh a chur leis an srian reatha taistil ina leith, cumhdaítear iontu go háirithe an staid eipidéimeolaíoch agus na bearta imshrianta, lena n-áirítear scaradh fisiciúil, chomh maith le gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta. Cuirtear i bhfeidhm go carnach iad.

Maidir leis an staid eipidéimeolaíoch, ba cheart do na tríú tíortha a liostaítear na critéir seo a leanas a chomhlíonadh, go háirithe:

  • líon na gcásanna nua de COVID-19 le 14 lá anuas agus in aghaidh an 100 000 áitritheoir a bheith gar do mheán an Aontais nó faoina bhun (mar a bhí sé an 15 Meitheamh 2020)
  • treocht na gcásanna nua a bheith cobhsaí nó ag dul i laghad thar an tréimhse seo i gcomparáid leis na 14 lá roimhe sin
  • freagairt fhoriomlán ar COVID-19 agus an fhaisnéis atá ar fáil á cur san áireamh, lena n-áirítear faisnéis faoi ghnéithe amhail tástáil, faireachas, rianú teagmhála, srianadh, cóireáil agus tuairisciú, chomh maith le hiontaofacht na faisnéise agus, más gá, an meánscór iomlán do na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (IHR). Ba cheart faisnéis a chuireann toscaireachtaí an Aontais ar fáil faoi na gnéithe sin a chur san áireamh freisin.

Ba cheart cómhalartacht a chur san áireamh freisin go rialta agus de réir an cháis.

I gcás tíortha ina leanfaidh srianta taistil d'fheidhm a bheith acu, ba cheart na catagóirí daoine seo a leanas a dhíolmhú ó na srianta:

  • Saoránaigh an Aontais Eorpaigh agus a mbaill teaghlaigh
  • cónaitheoirí fadtéarmacha de chuid an Aontais agus a mbaill teaghlaigh
  • taistealaithe a bhfuil feidhm nó riachtanas riachtanach acu, mar a liostaítear sa Mholadh.

Glacann tíortha atá comhlachaithe le Schengen (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis) páirt sa mholadh sin freisin.

Na chéad chéimeanna eile

Ní ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí é an moladh ón gComhairle. Is iad údaráis na mBallstát a bheidh freagrach i gcónaí as ábhar an mholta a chur chun feidhme. Féadfaidh siad, agus trédhearcacht iomlán á cleachtadh acu, deireadh a chur le srianta taistil de réir a chéile, agus ar an gcaoi sin amháin, i leith na dtíortha a liostaítear.

Níor cheart do Bhallstát cinneadh a dhéanamh deireadh a chur leis na srianta taistil i gcás tríú tíortha nach liostaítear sula gcinnfear sin ar bhealach comhordaithe.

Ba cheart an liosta tríú tíortha a athbhreithniú gach coicísagus féadfaidh an Chomhairle é a nuashonrú, de réir mar a bheidh, tar éis dlúthchomhairliúchán leis an gCoimisiún agus le gníomhaireachtaí agus seirbhísí ábhartha an Aontais, tar éis measúnú foriomlán a dhéanamh agus é bunaithe ar na critéir thuas.

D’fhéadfaí srianta taistil a bhaint ina n-iomláine nó i bpáirt, nó a athbhunú i gcás tríú tír ar leith atá liostaithe cheana féin má thagann athrú ar chuid de na coinníollacha agus, mar thoradh air sin, ar mheasúnú na staide eipidéimeolaíche. Má théann an staid i dtríú tír a liostaítear in olcas go tapa, ba cheart cinntí a dhéanamh go tapa dá réir.

Cúlra

An 16 Márta 2020, ghlac an Coimisiún teachtaireacht inar moladh go gcuirfí srian sealadach ar an taisteal neamhriachtanach ó thríú tíortha isteach san Aontas go ceann míosa. Chomhaontaigh cinn stáit nó rialtais an Aontais an srian sin a chur chun feidhme an 17 Márta. Cuireadh síneadh míosa eile leis an srian taistil an 8 Aibreán 2020 agus an 8 Bealtaine 2020 faoi seach.

An 11 Meitheamh, ghlac an Coimisiún teachtaireacht inar moladh go gcuirfí síneadh, arís eile, leis an srian go dtí an 30 Meitheamh 2020 agus lena leagtar amach cur chuige chun deireadh a chur de réir a chéile leis an srian ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas amhail ón 1 Iúil 2020. Tá plé déanta ó shin idir na Ballstáit faoi na critéir agus an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm.

Teagmhálaithe preasa

Verónica Huertas Cerdeira
Press officer
+32 2 281 45 48
+32 470 88 21 99

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.