• Comhairle AE
  • Preaseisiúint
  • 17 Nollaig 2020
  • 16:05

An digiteáil ar mhaithe leis an gcomhshaol: conclúidí formheasta ag an gComhairle

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí inniu lena dtugtar aghaidh ar dhúshlán déach sochaíoch an chlaochlaithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais agus lena mbreathnaítear ar bhealaí chun cuidiú le droichid a thógáil idir an dá aistriú sin.

Cuireann an Chomhairle i dtreis sna conclúidí uaithi an cumas atá ag an dá aistriú poist nua ghlasa agus dhigiteacha a chruthú atá riachtanach ionas go mbeidh téarnamh eacnamaíoch ann tar éis phaindéim COVID-19. Cuireann sí i bhfios go láidir freisin gur cheart don aistriú digiteach a bheith cothrom agus cuimsitheach agus nach bhfágfadh sé aon duine ar lár.

Is luamhán den scoth é an digiteáil chun dlús a chur leis an aistriú ionsar gheilleagar aeráidneodrach, ciorclach agus níos athléimní. Ag an am céanna, ní mór dúinn an creat beartais iomchuí a chur i bhfeidhm chun éifeachtaí díobhálacha na digiteála ar an gcomhshaol a sheachaint. Léirítear ar bhealach cothrom sna conclúidí sin na réimsí inar gá don Aontas Eorpach gníomhú chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an dá aistriú siúd.

Svenja Schulze, Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine

Tugtar treoir pholaitiúil don Choimisiún sna conclúidí d’fhonn tionscnaimh iomchuí a chur i láthair chun leas a bhaint as na deiseanna a thugann an digiteáil i dtaca le cosaint comhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide agus chun éifeachtaí díobhálacha comhshaoil na digiteála féin a theorannú.

Molann an Chomhairle don Choimisiún clár oibre beartais uaillmhianach a cheapadh ina n-úsáidfear réitigh dhigiteacha chun an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach.

Ina theannta sin, iarrtar ar an gCoimisiún sna conclúidí ón gComhairle bearta rialála nó neamhrialála a mholadh chun lorg comhshaoil na lárionad sonraí agus na líonraí cumarsáide a laghdú agus, lena chois sin, plean gníomhaíochta a chur i láthair faoi dheireadh 2021 maidir le líon na dtáirgí TFC a dhiúscartaítear a laghdú faoi 2025.

Cúlra

Ar leibhéal an Aontais, tá dlús á chur le blianta beaga anuas leis an bplé ar na naisc idir an digiteáil agus an comhshaol. Tá an Coimisiún Eorpach ag féachaint go córasach le tamall ar na naisc idir an digiteáil agus an comhshaol, go háirithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus lena chois sin i gcomhthéacsanna na Straitéise Digití agus na Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip uaidh.

Tá leas á bhaint ag roinnt de na tionscnaimh a foilsíodh le déanaí faoin gComhaontú Glas don Eoraip as uirlisí digiteacha chun a spriocanna comhshaoil agus aeráide a bhaint amach agus é mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ar bhealach comhleanúnach mar shampla an Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach, an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc agus Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais do 2030.

Teagmhálaithe preasa

Johanna Store
Press officer
+32 2 281 84 55
+32 478 83 26 62

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.