• Comhairle AE
  • Preaseisiúint
  • 17 Márta 2021
  • 19:00

Clár InvestEU glactha ag an gComhairle

Ghlac an Chomhairle InvestEU, clár nua infheistíochta an Aontais.

Sa chlár, tugtar na hionstraimí airgeadais éagsúla atá ar fáil faoi láthair le chéile chun tacú le hinfheistíocht san Aontas. I bhfianaise chomh maith agus a d’éirigh leis an gCiste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha, tá sé d’aidhm aige infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh san Aontas trí ráthaíocht bhuiséid ón Aontas dar luach €26.2 billiún lena gcuirfear tacaíocht ar fáil do thionscadail infheistíochta de chuid na gcomhpháirtithe airgeadais, amhail Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta.

A bhuí le héifeacht iolraitheora, táthar ag súil go ndéanfar breis agus €370 billiún d’infheistíocht bhreise a shlógadh faoi InvestEU sna seacht mbliana atá romhainn, lena gcuirfear leis an téarnamh eacnamaíoch agus le tosaíochtaí beartais meántéarma agus fadtéarma an Aontais, lena n-áirítear an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.

João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile

Is den ríthábhacht infheistíocht a shlógadh san Eoraip le haghaidh an téarnaimh eacnamaíoch agus chun ár gcuspóirí fadtéarmacha a bhaint amach. Beidh ról tábhachtach ag InvestEU i ndáil leis sin, trí chuidiú le maoiniú a dhéanamh ar thionscadail a rannchuidíonn le sochaithe níos glaise agus níos digití a thógáil, a thugann tacaíocht don nuálaíocht agus do FBManna agus a chothaíonn an cuimsiú sóisialta. Táim ag súil go mbeidh an próiseas cur chun feidhme tapa ionas go mbeifear in ann na chéad tionscadail a bhainfidh tairbhe as InvestEU a chur faoi lán seoil a luaithe is féidir.

João Leão, Aire Airgeadais na Portaingéile

Déanfar an ráthaíocht bhuiséid ón Aontas a roinnt go táscach idir na ceithre fhuinneog bheartais in InvestEU mar seo a leanas:

  • Bonneagar inbhuanaithe (mar shampla tionscadail i réimse an fhuinnimh inbhuanaithe, na nascachta digití, an iompair agus an gheilleagair chiorclaigh): 37.8 %
  • Taighde, nuálaíocht agus digiteáil (mar shampla torthaí taighde a thabhairt chun na margaí, tionscadail i réimse na hintleachta saorga): 25.1 %
  • FBManna (rochtain ar mhaoiniú a éascú do FBManna): 26.4 %
  • Infheistíocht shóisialta agus scileanna (mar shampla tionscadail i réimse an oideachais agus na hoiliúna, na tithíochta sóisialta agus an chúraim sláinte): 10.6 %

Ina theannta sin, is féidir tacú le hinfheistíochtaí a bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas ag baint leo faoi na fuinneoga beartais uile.

Chun tacú le haistriú glas an Aontais, rannchuideoidh 30 % ar a laghad de na hinfheistíochtaí faoi InvestEU le gníomhú Aontais ar son na haeráide. Leis an Scéim um Aistriú Cóir, a bhunaítear go cothrománach trasna na bhfuinneog beartais uile, tacófar leis na críocha is mó a ndéanann an bpróiseas aistrithe difear dóibh i dtreo chuspóirí aeráide an Aontais.

Ina theannta sin, chun maoiniú a fháil, ní mór urraim a thabhairt sna tionscadail infheistíochta don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, lena gcinnteofar nach ndéanfar dochar leo do chuspóirí comhshaoil an Aontais.

Ina theannta sin, faoi InvestEU, beifear in ann tacaíocht chaipitil a chur ar fáil do FBManna ar imir géarchéim COVID-19 tionchar diúltach orthu, ar choinníoll nach raibh siad i gcruachás cheana féin i dtéarmaí státchabhrach ag deireadh 2019.

Beidh na Ballstáit in ann leas a bhaint as InvestEU chun cuid dá bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme faoin tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht. Ina theannta sin, beidh an deis acu freisin cuid dá gcistí struchtúracha a dhíriú chuig InvestEU chun infheistíocht bhreise a shlógadh.

Na chéad chéimeanna eile

Táthar ag súil go dtiocfaidh an rialachán lena mbunaítear InvestEU i bhfeidhm ag tús mhí Aibreáin agus ina dhiaidh sin cuirfidh an Coimisiún bailchríoch ar na nósanna imeachta is gá i gcomhar leis na comhpháirtithe cur chun feidhme.

Ba cheart do chuideachtaí agus do thionscnóirí tionscadail a bheith in ann cur isteach ar chistiú faoi lár 2021.

Teagmhálaithe preasa

Lidija Tisma
Press officer
+32 2 281 79 14
+32 476 77 01 96

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.