• Comhairle AE
  • Preaseisiúint
  • 12 Aibreán 2021
  • 14:55

An Iaráin: Córas smachtbhannaí an Aontais maidir le cearta an duine athbhreithnithe ag an gComhairle

Chinn an Chomhairle síneadh a chur lena bearta sriantacha go dtí an 13 Aibreán 2022 mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. Is éard atá i gceist leis na bearta sin toirmeasc ar thaisteal agus calcadh sócmhainní, agus toirmeasc onnmhairithe chun na hIaráine i leith trealamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh an bhrú faoi chois inmheánach agus trealamh fairthe teileachumarsáide. Anuas air sin, níl cead ag saoránaigh ná ag cuideachtaí de chuid an Aontais cistí a chur ar fáil do na daoine ná do na heintitis liostaithe.

Ba in 2011 a cuireadh na bearta sin i bhfeidhm i gcéaduair agus táthar á síneadh ar bhonn bliantúil ó shin.

Chomh maith leis sin, chuir an Chomhairle ochtar agus trí eintiteas breise le liosta iad siúd atá faoi smachtbhannaí mar gheall ar a ról san fhreagairt fhoréigneach ar léirsithe mhí na Samhna 2019 san Iaráin. Tá 89 duine aonair agus 4 eintiteas ar an liosta anois.

Teagmhálaithe preasa

Maria Daniela Lenzu
Press officer
+32 2 281 21 46
+32 470 88 04 02

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.