Dearbhú Schuman
Bunú an Aontais
An 9 Bealtaine 1950, leagadh amach dúshraith an Aontais Eorpaigh, faoi mar is eol dúinne é, i ndearbhú urghnách bunaithe ar dhá chroíphrionsabal: an tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht.
An Eoraip tar éis an chogaidh
In 1950, bhí tíortha na hEorpa ag téarnamh go mall as léirscrios daonna agus eacnamaíoch an Dara Cogadh Domhanda; ba faoi scáth a bhí siad freisin, scáth an teannais dhomhanda a tháinig as an gCogadh Fuar.
1945, Vársá, leanbh i bhfothrach Eaglais Naomh Casimir.
1945, Vársá, leanbh i bhfothrach Eaglais Naomh Casimir.
Tháinig grúpa polaiteoirí Eorpacha le chéile, a raibh a bhformhór tar éis teacht slán as léirscrios an dá chogadh dhomhanda, agus fís acu maidir le hEoraip aontaithe a chuirfeadh cosc ar choinbhleachtaí as sin amach idir tíortha na hEorpa. Tugadh fondúirí an Aontais Eorpaigh ar na polaiteoirí sin ina dhiaidh sin.
An Fhís? Go ndéanfadh na tíortha Eorpacha sin a bhí in adharca a chéile tráth den saol - cuir i gcás, an Fhrainc agus an Ghearmáin - comhthiomsú ar acmhainní straitéiseacha ionas go mbeadh sé, ní hamháin doshamhlaithe cogadh a fhearadh arís, ach go mbeadh sé dodhéanta cogadh a fhearadh arís, ceal ábhair cogaidh!
‘Le comhthiomsú na táirgeachta guail agus cruach... athrófar dán na réigiún sin a bhí tiomanta le fada do mhonarú muinisean cogaidh, agus arbh é iad féin is mó a bhí thíos leo.’
An tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht
I gcroílár na físe sin d’Eoraip aontaithe, bhí aontas an ghuail agus na cruach. Go dtí sin, ba iad na stáit cheannasacha ar leithligh a rinne cúram de thionscal trom an ghuail agus na cruach, rud a bhí ríthábhachtach - dar ndóigh - chun dul i mbun cogaíochta.
Ó ba dheimhin leo go gcuirfí cosc ar chairtéil agus monaplachtaí agus go dtiocfadh ardú ar chaighdeáin mhaireachtála dá ndéanfaí a leasanna eacnamaíocha a chumasc, thug rialtais na Fraince, na Gearmáine Thiar, na hIodáile, na hÍsiltíre, na Beilge agus Lucsamburg céim stairiúil chun cinn i dtreo Eoraip aontaithe.
Ba ghrúpa éagsúil iad ceannródaithe an Aontais - trodairí na saoirse, dlíodóirí agus parlaiminteoirí - a raibh na hidéil chéanna acu: Eoraip aontaithe shíochánta rathúil.
An leacht cuimhneacháin ‘Hommage aux Pères fondateurs de l’Europe’ os comhair theach Robert Schuman. Ceathrar bunaitheoirí na hEorpa atá i gceist leis na dealbha: Alcide de Gasperi, Robert Schuman, Jean Monnet agus Konrad Adenauer.
An leacht cuimhneacháin ‘Hommage aux Pères fondateurs de l’Europe’ os comhair theach Robert Schuman. Ceathrar bunaitheoirí na hEorpa atá i gceist leis na dealbha: Alcide de Gasperi, Robert Schuman, Jean Monnet agus Konrad Adenauer.
An 9 Bealtaine 1950, d’fhógair Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, go rabhthas chun Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a chruthú a bheadh faoi rialú Ard-Údaráis chomhchoitinn. Tugtar Dearbhú Schuman air seo.
‘Ní féidir an tsíocháin dhomhanda a chosaint gan iarrachtaí cruthaitheacha a dhéanamh atá comhréireach leis na contúirtí atá ag bagairt uirthi.’
Eoraip aontaithe
Sna sála ar Dhearbhú Schuman, i bPáras an 18 Aibreán 1951, síníodh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach. Tar éis don Bheilg, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, don Fhrainc, don Iodáil, do Lucsamburg agus don Ísiltír (na 6 Bhallstát is Bunaitheoirí) é a dhaingniú, tháinig an conradh i bhfeidhm an 23 Iúil 1952.
Foráladh ann do chruthú na chéad eagraíochta fornáisiúnta Eorpaí, is é sin an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. Cé gurbh é príomhchuspóir an chéad chonartha sin cómhargadh do ghual agus cruach a bhunú, bhí sé d’aidhm aige freisin bonn a leagan síos do chomhphobal eacnamaíoch as a dtiocfadh aontas polaitiúil de réir a chéile ina dhiaidh sin.
Leis an gconradh sin, bunaíodh Ard-Údarás, Comhthionól, Comhairle Speisialta Airí agus Cúirt Bhreithiúnais, óna n-eascródh institiúidí an Aontais Eorpaigh faoi mar is eol dúinne inniu iad: an Coimisiún, an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Chúirt Bhreithiúnais.
Airí gnóthaí eachtracha na 6 Bhallstát den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach ag Comhdháil Messina.
Airí gnóthaí eachtracha na 6 Bhallstát den Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach ag Comhdháil Messina.
Forbraíodh coincheap an chómhargaidh Eorpaigh ag comhdháil a tionóladh in Messina na hIodáile an 1 agus an 2 Meitheamh 1955.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin, rinneadh an coincheap sin a ghreanadh i gConarthaí na Róimhe. Tugtar Conarthaí na Róimhe orthu ó tharla gur sa Róimh an 25 Márta 1957 a shínigh na 6 Bhallstát is Bunaitheoirí na Conarthaí. Tháinig na Conarthaí i bhfeidhm an 1 Eanáir 1958.
Searmanas sínithe na gconarthaí ag Palazzo dei Conservatori ar Chnoc an Chaipeatóil sa Róimh.
Searmanas sínithe na gconarthaí ag Palazzo dei Conservatori ar Chnoc an Chaipeatóil sa Róimh.
‘Ceal aontachta san Eoraip, ba é an cogadh a bhí againn. Ní láithreach bonn, ná de réir plean aonair, a thógfar an Eoraip: cruthófar trí bhearta nithiúla í agus dlúthpháirtíocht de facto mar thoradh orthu.’
Robert Schuman: Bunaitheoir na hEorpa
Cé gur rugadh ina Ghearmánach é, rinneadh saoránach de chuid na Fraince de Robert Schuman in 1919 nuair a tugadh Alsace-Lorraine ar ais don Fhrainc.
Bhí Robert Schuman ina aire sóisearach i rialtas na Fraince nuair a cuireadh tús leis an Dara Cogadh Domhanda.
Bhí sé gníomhach i bhfeachtas frithbheartaíochta na Fraince le linn an chogaidh agus gabhadh é. Bhí sciorta den ádh air nár cuireadh chuig sluachampa géibhinn Dachau é; d'éirigh leis éalú agus chaith sé na chéad 3 bliana eile ar a theitheadh sa Fhrainc.
Tar éis an chogaidh, thug sé faoin bpolaitíocht náisiúnta arís agus bhí sraith post ardleibhéil aige: ar dtús mar Aire Airgeadais, mar Phríomh-Aire in 1947, mar Aire Gnóthaí Eachtracha ó 1948 go 1952 agus ansin mar Aire Dlí agus Cirt ó 1955 go 1956.
Ina cháil mar Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, ba é a stiúir ullmhú an dearbhaithe laistigh dá aireacht, agus ba iad Paul Reuter, Bernard Clappier, Jean Monnet, Pierre Uri agus Etienne Hirsch a rinne é a dhréachtú.
Níor leor do Robert Schuman an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a bheith bainte amach aige.
In 1958, ceapadh é ina chéad Uachtarán ar Chomhthionól an Chomhphobail Eorpaigh - réamhtheachtaí Pharlaimint na hEorpa faoi mar is eol dúinn inniu í.
Nuair a d'éirigh sé as oifig, bhronn an Pharlaimint an teideal ‘Bunaitheoir na hEorpa’ air.
Lá na hEorpa
Mar léiriú ar an tábhacht a bhain le Dearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950, tugtar ‘Lá na hEorpa’ ar an 9 Bealtaine feasta.
In ómós dá chuid oibre ceannródaíche i dtreo Eoraip aontaithe, ainmníodh an ceantar ina bhfuil ceanncheathrú roinnt institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil as.
Teidil chreidiúna
Baile Gearmánach, tar éis an Dara Cogadh Domhanda: Údar anaithnid
Leanbh i bhfothrach Eaglais Naomh Casimir: via wikimedia, údar anaithnid, fearann poiblí
Íomhánna eile: cóipcheart an Aontais Eorpaigh
Arna nuashonrú an 24 Aibreán 2025
