Yooki
agus Aontas na Coille
—
Bhí rírá agus ruaille buaille sa choill agus ní den chéad uair é. Bhain an bhéicíl geit as Yooki, ceannaire óg na lampróigíní, agus dhúisigh sé.
“Gread leat amach as mo theach!” arsa Lilou, an phéist, in ard a cinn agus a gutha.
“Ní ghreadfaidh mé, ná baol orm,” arsa Frida an salamandar, “go dtabharfaidh tú ar ais dom an subh a rinne mé.” “Cá bhfuil sé?”
“Abhaits, mo chuid aintéiní!” arsa Yooki ag geonaíl.
Rugadh Yooki agus aintéiní speisialta aige. Dinglis dheas a bhíonn iontu nuair a chastar ceol, ach lag lúbach a bhíonn siad nuair a bhítear ag gleo.
Leis sin, chuala Yooki trup coimhthíoch: “BÚÚÚÚÚÚÚÚMMMM!”
D’éirigh sé as an leaba de léim.
“Is leor sin! Ní féidir a bheith ag cur suas leis seo — agus déarfaidh mise leo é!”

“A FRIDA,” arsa Lilou, ceannaire na bpéisteanna, de bhéic, “TÁ CISEACH DÉANTA DE MO STÓR BIA AGAT!”.
“Tá an subh a rinne mé imithe,” arsa Frida, ceannaire na salamandar. “Tá an áit ar fad cuardaithe agam á lorg.” “Maith dom é má leag mé an teach ort agus mé ag tochailt sa chré!”
Agus leis sin, thit Frida béal fúithi sa mhullach ar Lilou. Píosa de bhriosca nach bhfaca sí a leag í.
“ABHAITS! Níl mé in ann anáil a tharraingt!” arsa Lilou agus cnead aisti. “Ní anseo atá an subh a rinne tú. Anois gread leat go beo! Amach leat! Liomsa an áit seo!”
“Mm,” arsa Yooki, de ghuth íseal, “bígí socair le bhur dtoil.”
Rinne sé iarracht dul eatarthu ach bhrúigh sciathán i leataobh é. Milos a bhí ann — ceannaire na gcnagairí.
“Leatsa an áit seo?” arsa Milos go giorraisc. “Nach ort atá an t-éadan, Lilou! Banríon na coille, an ea?”
Bhí pian ina chuid aintéiní ag Yooki ag éisteacht leo.
“Tá mo dhóthain achrainn cloiste agam! Tá mé ag imeacht!”
D’eitil an lampróigín leis go tromchroíoch agus d’fhág an gleo ina dhiaidh.

Ba é an cnoc an áit ba shuaimhní ar fad sa choill. Is ann a bhí Arber, an seanchrann darach, ina chónaí.
“Cad atá ort, a Yookín?” arsa an seanchrann séimh agus é dúisithe tar éis néal sámh codlata.
“Ó — gabhaim pardún, ní raibh mé ag iarraidh thú a dhúiseacht, a Arber. Ní raibh uaim ach áit chiúin a ndéanfainn néal ann. Tá ag éirí idir na ceannairí eile arís. Bhí na haintéiní dá ngortú ag an ngleo agus d’imigh mé!”
“Ba cheart duit labhairt leo, a Yooki. Ní fhéadfaidh tú imeacht ar do theitheadh am ar bith atá sé ina thrioblóid.”
“Ach ní thugann siad aird dá laghad orm! B’fhéidir gur róbheag atáim. Is cuma leis na ceannairí eile ann nó as mé.”
“Gabh i leith anseo chugam agus inseoidh mé scéilín duit,” arsa an crann darach.

“Fadó fadó, bhí sé ina raic sa choill sin againne, agus na hainmhithe go síoraí ag troid...”
“An bhfuil tú ag rá liom,” arsa Yooki, “go mbíodh mamó agus daideo Lilou, Milos agus Frida ag achrann?”
“Achrann agus tuilleadh. Ag piocadh ar a chéile a bhídís i dtosach — ach choinnigh siad orthu agus is é an deireadh a bhí leis an scéal, nach raibh siad in ann aon cheart a bhaint dá chéile, agus go raibh sé ina chogadh dearg eatarthu. Mhill siad cuid mhaith den choill leis an réabadh a rinne siad.”
Stán Yooki ar Arber agus a dhá shúil ar leathadh.
“Fad is a bhí an choill á scriosadh ag an gcogadh”, arsa Arber, “tháinig stoirm mhór, agus nochtadh meall mór millteach gloine ina chaor cheárta os a gcomhair. Lóchrann a bhí ann.”
“An Lóchrann?” arsa Yooki, agus ríméad air. “Tá a leithéid de rud ann, mar sin?”
“Bí cinnte go bhfuil! Agus deirtear, nuair a chuaigh na ceannairí isteach faoi scáth an Lóchrainn, go bhfuair siad uchtach rudaí a phlé go séimh — agus gur mar sin a d’éirigh leo an tsíocháin a chur ar bun arís sa choill.”

“Caithfidh muid éisteacht a thabhairt dá chéile,” arsa Arber, “fiú mura bhfuil muid ar aon intinn le chéile.”
“Is maith atá a fhios agam é,” arsa Yooki, “ach is fusa é a rá ná é a dhéanamh.”
“Caithfidh tú iarracht a dhéanamh,” arsa Arber agus é lán dáiríre. “Tá sé in am na ceannairí a thabhairt le chéile arís — leis an méid sin a dhéanamh, agus tuilleadh. Is é mian mo chroí le fada go dtiocfadh na hainmhithe le chéile agus nach mbeadh aon chogadh go brách arís ann agus go...”
Sula raibh an abairt caite amach as a bhéal ag Arber, thosaigh an bhéicíl arís agus bhí sí le cloisteáil i bhfad agus i gcéin.
“Áigh! Mo chuid aintéiní!” arsa Yooki bocht, agus cantal ag teacht air. “Cloisim ag achrann iad, anseo féin agus mé i bhfad uathu! Beidh orthu déanamh de m’uireasa,” arsa Yooki.
“Gabh ar ais abhaile, a chréatúirín,” arsa Arber. “Cuimhnigh gur fearr an teanntás ná an teitheadh.”
Cé go raibh sé ag éirí dorcha, is beag fonn a bhí ar Yooki dul abhaile.
Chaith Yooki scaitheamh ag eitilt roimhe, agus ansin shoiprigh sé é féin ar phíosa de chraobh a bhí ar snámh ar an loch. Bhí sé ag creathadh leis an bhfuacht.
Meabhraíodh dó picnicí ar an gcladach in éineacht le Frida, agus é féin agus Milos ag damhsa le chéile agus Lilou ag bualadh bos le háthas.
Tháinig deor lena leiceann. Samhlaíodh dó nach mbeadh sé féin agus a chairde in ann a bheith ag spraoi le chéile arís agus tháinig cumha air.
Agus ba ansin a chonaic sé roimhe é — solas glan gléigeal ar an uisce.
“Meas tú” arsa Yooki, “an bhféadfadh sé gurb é sin an Lóchrann?”
Agus brí ann arís, d’imigh Yooki leis i dtreo an tsolais.

Scrolláil síos chun an lóchrann a lasadh
“Dar m’anam!
Ó nach álainn é!” arsa Yooki, agus é faoi gheasa ag an Lóchrann a bhí mar a bheadh réalta eolais os a chionn sa spéir.
Scrolláil síos chun an lóchrann a lasadh
“Dar m’anam!
Ó nach álainn é!” arsa Yooki, agus é faoi gheasa ag an Lóchrann a bhí mar a bheadh réalta eolais os a chionn sa spéir.
Céard a sheasfadh roimhe ar an gcosán ach céadchosach.
“Stop! Bhfuil cúnamh uait?” arsa Bilou, fear faire an Lóchrainn.
“Um, bhuel...Ní mór dúinn ceannairí na n-ainmhithe a thabhairt le chéile. Caithfidh siad stop a chur leis an troid sula mbeidh sé ina chogadh dearg.”
“Ina chogadh dearg?!” arsa Bilou arís, agus é ag creathadh. “Cuirfidh mé scéala amach láithreach bonn agus beidh cruinniú againn de Chomhairle na gceannairí!”
Shéid sé isteach i gcorn a bhí déanta as duilleoga aige, chomh maith in Éirinn agus a bhí sé in ann: “TÚÚÚÚÚÚÚÚÚÚÚÚT!”
Chomh hard gur chualathas ar fud na coille é.
Bhí Frida, Milos agus Lilou le feiceáil i bhfad uathu.
“Bilou!” arsa Frida. “Is fada ó chonaic mé thú! In éineacht le mo mhamó a bhí mé, an uair dheireanach a chuala mé an trumpa sin!”
“Céard a thugann anseo sibh?” a d’fhiafraigh Yooki agus iontas air.
“Cén saghas ceiste í sin? Nach maith atá a fhios agat go bhfuil ar gach neach aghaidh a thabhairt ar an Lóchrann nuair a fhaighimid an comhartha ó Bilou — sin é an riail atá ann,” arsa Lilou go postúil.
“An bhfuil sibh ag rá liom,” arsa Yooki, ag cogaint na bhfocal, “go raibh a fhios agaibh go bhféadfadh muid teacht le chéile anseo agus cúrsaí a phlé, agus nár rith sé le haon neach beo agaibh é sin a dhéanamh roimhe seo?!”.
“I gcead dom,” arsa Lilou, “is deacair mórán a phlé le liúdramán de shalamandar atá tar éis do stór bia a scriosadh.”
“Liúdramán?! Tusa is measa”, arsa Frida “ceapann tú gur leat féin gach a bhfuil le hithe agus le hól sa choill!”
“Sea,” arsa Milos agus olc air, “síleann tusa, a phéistín lofa, gur tú banríon na coille!”
Bhí aintéiní Yooki ag éirí lag lúbach ag an ngleo.
Bhí an méid a bhí ráite ag Arber leis fós mar a bheadh macalla ina cheann: “Caithfear éisteacht a thabhairt dá chéile, fiú mura bhfuil sibh ar aon intinn le chéile. Caithfear éisteacht.”
Chruinnigh sé a mhisneach agus labhair leis na daoine eile.
“Go réidh, anois, a chairde, go réidh” arsa Yooki. “Ní hé an chúis oilc ná an chúis imní chéanna a bhíonn ag éinne againn — drogall roimh an ngeimhreadh, faitíos roimh an ocras, buairt faoinár muintir féin...Ach ní mór dúinn cur le chéile.
Áit faoi leith é an Lóchrann. Seo é an áit a ndearnadh síocháin idir ár sinsir. Nuair a rachaimid isteach, beidh deis cainte ag gach neach beo, agus tabharfar cluas éisteachta dóibh.”
Bhain teanntásacht Yooki siar as na ceannairí eile agus d’fhanadar ina dtost.
D’oscail Bilou doras an Lóchrainn.
“Cé a chuirfidh tús leis an gcaint, mar sin?” arsa Yooki.
“Mise! Mise!” arsa Frida, go fonnmhar. “Bhuel,” ar sise, “maidin inné, chonaic mé go raibh an subh ar fad a rinne mé imithe gan tásc gan tuairisc. Chuardaigh mé timpeall orm go bhfeicfinn rian de ghadaí. Thíos faoin gcré fuair mé boladh milis, choinnigh mé orm ag tochailt, agus nár thit mé caol díreach isteach sa stór bia milis atá ag Lilou.”
“Ní mise a ghoid do chuid seanphrócaí suibhe!” arsa Lilou agus í ag cur na gcos beag uaithi. “Ach is tusa a rinne an scriosadh agus an slad ar mo stór bia-sa! An bhfuil rud ar bith le rá agat faoi sin?”
Bhí an salamandar ar tí freagra a thabhairt, ach chuaigh Yooki roimpi.
“Fan nóiméad a Frida, is ag Milos atá cead cainte anois.”
Ar an gcnagaire a bhreathnaigh siad ar fad. Ní raibh smid as ó tháinig sé thar tairseach isteach sa Lóchrann.
“Mise ..., bhuel... mise a rinne é.”
“Cad a deir tú?” arsa Frida de bhéic.
“Mise a thóg an subh — gan cead gan iarraidh,” arsa Milos.
“Cén fáth a ndearna tú é sin?” arsa Yooki.
“Bhí mé ag iarraidh mo chuid sicíní a thabhairt slán,” arsa Milos. “Níl go leor bia ar ár ngiota talún níos mó. Caillfear leis an bhfuacht na sicíní mura bhfaighidh siad greim le hithe.”
Ní raibh focal as aon neach sa Lóchrann.
“Tá a fhios agam cad a dhéanfaimid!” arsa Yooki. “Lilou, d’inis tú dom uair amháin go ligeann na tolláin a dhéanann na péisteanna talún don aer scaipeadh sa chré. Agus gur fearr a fhásann na plandaí mar sin — nach ea?”
“Sin é é — go díreach glan — déantar leasú ar an gcré,” arsa Lilou, go postúil. “Ach cén bhaint atá aige sin le cúrsaí?”
“Cuimhnigh ort féin — nár bhreá an rud é dá mbeadh cead ag na péisteanna a gcuid tollán a thochailt ó cheann ceann na coille,” arsa Yooki. “Bheadh níos mó plandaí agus torthaí ann, rud a chiallódh go mbeadh níos mó bia ann dúinne, do na hainmhithe go léir.”
“Bheadh cead ag na péisteanna imeacht rompu pé áit a dtogróidís, ach ní bheadh ag an gcuid eile againn, an mar sin é? Tusa a chuimhnigh ar an bplean sin, is dóigh,” arsa Milos, agus é ag déanamh beag is fiú den smaoineamh.
“Ní hiad na péisteanna amháin a bheadh in ann imeacht rompu,” arsa Yooki. “Bheadh na hainmhithe go léir in ann imeacht rompu, dul pé áit ba mhaith leo.”
“An bhféadfainn torthaí a bhailiú in áit ar bith, ní hamháin ar mo thalamh féin?” arsa Frida.
“Agus,” arsa Milos agus aoibh anois air, “bheadh níos mó bia ann do mo chuid sicíní, nach mbeadh?”
Ní raibh gíog as Lilou. Ní maith léi a cuid a roinnt. Ach ba bhreá léi bheith in ann dul ag fánaíocht trí tholláin gan teorainn...
“An é atá tú ag rá,” arsa Lilou, “go roinnfeadh muid ár gcuid talún agus ár gcuid acmhainní le chéile agus go mbainfeadh gach aon neach tairbhe astu go léir?”
“Sin é!” arsa Milos, go fonnmhar. “Caithfimid cur le chéile!”
“Cén fáth nach gcruthaímid aontas ceart a mbeadh na hainmhithe ar fad ann?” arsa Frida, agus sceitimíní uirthi. “Mar a bheadh comhshocrú eadrainn go dtabharfaimis cúnamh dá chéile?”
“Sin é é, go díreach glan!” arsa Yooki, in ard a chinn agus a ghutha. “An-smaoineamh — agus sin é atá ó Arber freisin. D’fhéadfaimis ‘Aontas na Coille’ a thabhairt air!”
Thug na ceannairí bualadh bos mór.
Go tobann, las an lóchrann beo le dathanna áille. Tháinig duilleoigín darach anuas as an spéir agus síos léi gur thuirling ar an talamh.
“Seas ar an duilleoigín seo agus cuir lorg do choise uirthi. Beidh tú i do bhall ansin d’Aontas na Coille” arsa Lilou in ard a cinn agus a gutha.
“Fan bog! Cad a tharlóidh,” arsa Milos, “má thograíonn neach againn nach bhfuil siad le haird a thabhairt ar an gcomhaontú seo níos mó?”
“Nó má thosaímid ag troid is ag bruíon arís?” arsa Frida.
Leath monabhar amhrais i measc na n-ainmhithe sa Lóchrann. Tháinig smúit ar an solas os a gcionn.
“Má tharlaíonn sé sin, tiocfaimid anseo arís go réiteoimid cúrsaí,” arsa Yooki. “Caithimid go léir cloí leis an méid a shocraímid i dteannta a chéile. Sin í an chéad riail.”
D’aontaigh na hainmhithe. Lonraigh an Lóchrann arís.
Go tobann, las an duilleog darach, agus suas léi ansin, suas, suas i dtreo na réaltaí. Amach leis na ceannairí agus chonaic go raibh an choill ina caor cheárta, í ag soilsiú léi go glé.
“Waoúú!” a dúirt siad, agus gach neach acu i ngreim ar a chéile.
“Ar scáth agus faoi sholas a chéile a mhairimid!” arsa Yooki, lena chairde a raibh an oiread grá aige dóibh.
Thug Yooki faoi deara nach raibh pian ina chuid aintéiní níos mó.
Díreach ansin, chuala siad glór cainte:
“Céard fúmsa? Bhfuil dearmad déanta agaibh orm?” arsa Bilou an fear faire, agus é ag cur de. “Tá na céadchosaigh ag iarraidh a bheith san Aontas freisin!”
Ábhar foghlama
Do pháistí
Is leabhar cleachtaidh é ‘Seo leat. Foghlaim le Yooki’. Mínítear an stair agus na himeachtaí is bun leis na meafair a úsáidtear sa scéal maisithe seo, agus tá roinnt cluichí agus gníomhaíochtaí spraíúla ann freisin.
Don mhúinteoir
Treoirleabhar don mhúinteoir, le húsáid sa seomra ranga. Tá moltaí ann don phlé téamach agus do ghníomhaíochtaí gur féidir a dhéanamh leis na páistí chun cuspóirí foghlama sainithe a bhaint amach.
Eolas:
Is chun bunú an Aontais Eorpaigh agus a bhfuil i gceist leis an Aontas Eorpach é féin a mhíniú do pháistí idir 7 agus 9 mbliana d’aois a forbraíodh scéal Yooki agus a chuid cairde beaga. Leagtar béim ar an bpríomhchúis a bhí le bunú an Aontais Eorpaigh, eadhon: an tsíocháin bhuan a chinntiú idir na Ballstáit.
Tugtar eolas bunúsach faoin Aontas Eorpach sa phacáiste freisin, mar aon le heolas faoi choincheapa a bheidh nua do na páistí – an chogaíocht, an tsíocháin agus conas coinbhleachtaí a réiteach, mar shampla. Mínítear ann freisin ról na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh mar ‘teach na mBallstát’ i gcroílár an Aontais.
Údar: Magali Pingaut
Comhúdair: Angélique Berhault, Nathalie Vandelle
Léaráidí: Thomas Leclercq
Dearadh grafach: Angélique Berhault, José Sánchez Martínez
Aistriúchán: Gráinne Aylward, Éilis Ní Anluain, Maedhbh Nic Dhonnchadha, Tammy O'Leary (An tSeirbhís Aistriúcháin Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh)
Buíochas ar leith leo siúd go léir a raibh lámh acu sa tionscadal seo, go háirithe: Marta Ausín García, Liliana Bicanová, Kathleen Bulteel, Leszek Jarosz, Achilleas Karras, Steffen Ludwig, Inga Rosinska, Nadia Spirito