An tAontas agus do shaol laethúil
⸺
Cén chaoi a dtéann an tAontas i bhfeidhm ortsa agus ar do shaolsa?
Bíonn tionchar ag na cinntí a dhéantar ar leibhéal an Aontais ar do chuid gníomhaíochtaí laethúla, bíodh siad beag nó mór, pé áit ina bhfuil tú san Aontas agus is minic nach dtugann tú faoi deara é.
Is toradh iad na cinntí agus na dlíthe sin, atá infheidhme i dtíortha uile an Aontais, ar chaibidlíocht idir ionadaithe do thírse agus na 26 Bhallstát eile laistigh de Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus le Feisirí Pharlaimint na hEorpa, ar Feisirí iad a thogh tú féin, araon.
Cén tionchar atá ag an méid sin ortsa? Tuilleadh eolais thíos.
...agus tú ag ól uisce agus ag ithe
⸺
Ní mór do bhia aon áit san Aontas ceanglais sábháilteachta an-dian a chomhlíonadh - ar ceanglais iad atá ar na cinn is déine ar fud an domhain.
Cinntíonn sé sin go bhfuil fáil agat ar bhia sábháilte inrianaithe atá ar ardchaighdeán ar fud an Aontais, chomh maith le lipéadú soiléir ar thionscnamh agus ar chomhdhéanamh na dtáirgí a cheannaíonn tú.
Chun a chinntiú go bhfuil tú faoi chosaint in aon tír san Aontas, malartaíonn údaráis náisiúnta um shábháilteacht bia faisnéis nuair a aithníonn siad táirge bia a bhféadfadh riosca a bheith ag gabháil leis.
Tá teacht agat ar ardchaighdeáin bhia agus uisce óil
Ó tharla gur san Aontas atá cónaí ort, is féidir leat leas a bhaint as na caighdeáin is airde ar domhan maidir le huisce óil, mar aon le bia.
A bhuí le breis agus 30 bliain de bheartas an Aontais sa réimse sin, tá teacht agat ar uisce óil atá sábháilte agus ar ardchaighdeán sna cásanna seo a leanas:
- nuair a ólann tú uisce ón sconna
- nuair a thógann tú cith
- nuair a níonn tú do chuid éadaí
Maidir leis an athbhreithniú is déanaí ar na rialacha i ndáil le cáilíocht uisce, is mar thoradh díreach ar thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh é, ar bealach eile é duitse agus d’aon saoránach do thuairimí a chur in iúl maidir le beartais a mbíonn tionchar acu ar do shaol laethúil.
...agus tú ag siopadóireacht
⸺
Nuair a cheannaíonn tú earraí nó seirbhísí, bíodh sé ar líne nó i siopa, baineann tú tairbhe as rialacha soiléire a thugann cosaint duit mar thomhaltóir.
Ráthaíonn rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí an ceart go gcaithfear go cothrom le gach duine, chomh maith leis an gceart chun faisnéis chruinn thrédhearcach a fháil faoi do cheannacháin. Mar shampla, ní mór na muirir agus na táillí uile a chur in iúl go soiléir agus ticéad aerlíne á chur in áirithe.
Tugtar ráthaíocht 2 bhliain, ar a laghad, i gcás gach earra. Ciallaíonn sé sin nach mór don trádálaí an t-earra a cheannaigh tú a dheisiú, a athsholáthar, an praghas a laghdú nó aisíocaíocht iomlán a thairiscint duit má tharlaíonn sé go bhfuil sé lochtach nó nach bhfuil sé mar a ndearnadh fógraíocht faoi.
Tá ráthaíocht 2 bhliain ann i leith do chuid earraí
Nuair a cheannaíonn tú táirge nó seirbhís ar líne nó lasmuigh de shiopa, tá sé de cheart agat freisin an t-ordú a chur ar ceal agus é a chur ar ais laistigh de 14 lá, gan aon údar a bheith leis.
Agus ba cheart go gcomhlíonfaidh cibé rud a cheannaíonn tú rialacha sábháilteachta ginearálta.
Go bhfuil do chuid earraí sábháilte
Deimhníonn an mharcáil chomhréireachta go bhfuil earraí sábháilte, mar shampla nuair a cheannaíonn tú bréagán do leanbh.
Ráthaítear leis an gcaighdeán sin de chuid an Aontais nach gceadaítear ceimiceáin a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailse nó eilimintí troma, mar shampla, mearcair, sna codanna inrochtana de bhréagáin thar theorainneacha dochta.
...agus tú ar líne
⸺
Bíonn tú faoi chosaint ag an dlí príobháideachais agus slándála is láidre ar domhan agus tú ar an Idirlíon.
A bhuí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), tá níos mó smachta agat ar do shonraí pearsanta ar líne. Tá sé de cheart agat do shonraí a rochtain, a athrú nó a scriosadh.
Tá meas ar do phríobháideachas
Ar an gcaoi chéanna, leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, arb é an chéad dlí riamh é chun an intleacht shaorga a rialáil, cinnteofar go mbeidh na réitigh intleachta saorga a úsáidtear san Aontas Eorpach eiticiúil agus go n-urramófar do phríobháideachas leo. Ciallaíonn sé sin, cuir i gcás, nach ndéanfaidh meaisín cinneadh cibé acu an féidir nó nach féidir leat iasacht a fháil bunaithe ar shonraí a phróiseáiltear go huathoibríoch.
Ina theannta sin, faoi dhlí an Aontais, tá cosc ar fhógróirí díriú ort ar bhonn do shonraí pearsanta íogaire (gnéaschlaonadh, cine, reiligiún nó creideamh polaitiúil).
Is féidir leat ábhar neamhdhleathach a thuairisciú
Tá sé d’aidhm ag an tsraith nua rialacha sin freisin tú a choinneáil sábháilte ó earraí, ábhar nó seirbhísí neamhdhleathacha ar líne. Is féidir leat, mar shampla, fógra a thabhairt d’ardáin ar líne faoi tháirgí neamhdhleathacha nó aird a tharraingt ar an bhfuathchaint.
Tá feidhm ag na rialacha maidir le haon ghnó ar líne atá ag feidhmiú san Aontas - is cuma cá háit ina bhfuil siad lonnaithe.
...agus tú amuigh faoin aer
⸺
Go leor de na hainmhithe agus de na héin timpeall ort, tá siad faoi chosaint an dlí. Tá a ngnáthóg faoi chosaint leis.
Cuidíonn bearta a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais chun an dúlra agus a bhithéagsúlacht a chosaint.
Tá 18% de chríoch talún an Aontais faoi chosaint líonra Natura 2000 agus é mar aidhm aige speicis agus limistéir nádúrtha faoi bhagairt a chosaint. Cistítear bearta caomhnaithe chun pobail na speiceas mar shampla an lincse Ibéarach agus an turtar ceannramhar mara a chothú.
An dúlra atá timpeall ort, tá sé faoi chosaint
Tá fiadhúlra sláintiúil agus gnáthóga sláintiúla tábhachtach duit ar go leor bealaí:
- cuidíonn pailneoirí lenár mbia a tháirgeadh
- cuireann crainn aer glan ar fáil dúinn
- tá timpeallacht shláintiúil go maith don mheabhairshláinte
Tá aer níos fearr á análú agat
Tá bearta dochta i bhfeidhm ag tíortha an Aontais freisin lena chinntiú go bhfuil an t-aer a análaíonn tú ar ardchaighdeán.
Ciallaíonn sé sin nach mór do chainníocht na dtruailleán aeir a nochtar duit, mar shampla mínábhar cáithníneach nó ózón, a bheith laistigh de theorainneacha an-daingean. Go nithiúil, ó 1990 i leith, tá laghdú 70 % tagtha ar astaíochtaí na 6 thruailleán aeir is mó.
...agus tú tinn nó gortaithe
⸺
An raibh timpiste nó éigeandáil leighis agatsa nó ag duine éigin timpeall ort? Cibé áit a bhfuil tú san Aontas Eorpach, is féidir glaoch ar 112 saor in aisce ó aon fhón seasta nó fón póca chun glaoch a chur ar otharcharr agus ar chúnamh éigeandála.
Is féidir glaoch a chur ar 112 áit ar bith san Aontas
Má éiríonn tú tinn nó má bhíonn timpiste agat agus tú ag fanacht go sealadach thar lear, tá tú i dteideal an chóir leighis chéanna a fháil agus a fhaigheann daoine atá faoi árachas sa tír ina bhfuil tú. Is ionann do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte agus cruthúnas go bhfuil tú faoi árachas i mBallstát den Aontas.
Agus má thugtar aon chógas leighis nó vacsaín ar oideas duit, ná bíodh aon imní ort: rialaíonn an tAontas údarú cógas leighis ar leibhéal an Aontais tríd an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach nó ar an leibhéal náisiúnta trí na húdaráis inniúla i dtíortha an Aontais. Ach a gcuirtear ar an margadh é, leantar d'fhaireachán a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge leighis le linn a shaolré iomláin.
...agus tú ag iarraidh foghlaim nó obair thar lear
⸺
Le breis agus 35 bliana anuas, chuir an clár Erasmus+ deiseanna ar fáil do níos mó ná 12 mhilliún rannpháirtí tuiscint níos fearr a fháil ar an saol trí chuidiú leo eolas a fhorbairt agus a chomhroinnt i dtíortha éagsúla.
Féadfaidh tú a bheith páirteach sa chlár Erasmus+
Le blianta beaga anuas, neartaíodh an clár agus tá sé níos cuimsithí anois. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat páirt a ghlacadh in Erasmus+:
- más dalta, mac léinn nó iníon léinn, oiliúnaí, oibrí don óige, foghlaimeoir fásta, nó ball foirne teagaisc nó spóirt thú
- cibé cúlra cultúrtha, sóisialta nó eacnamaíoch atá agat
- is cuma cén aois thú
Agus más taighdeoir thú, is féidir le gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie cabhrú leat do ghairm a fhorbairt a bhuí le deontais soghluaisteachta agus deiseanna oiliúna agus comhoibrithe.
Ní gá duit cead oibre a fháil
Mar shaoránach den Aontas, tá tú i dteideal obair a dhéanamh - d’fhostóir nó mar dhuine féinfhostaithe - áit ar bith san Aontas gan cead oibre.
Agus más trádálaí gnó thú, féadfaidh tú do tháirgí a dhíol ar fud mhargadh iomlán an Aontais gan aon chostas breise agus gan aon teorainn maidir le cainníocht, ar choinníoll go gcomhlíonann siad riachtanais chaighdeánacha an Aontais.
...agus tú ag íoc as rud
⸺
Is é an euro an t-airgeadra aonair i roinnt mhaith Ballstát le 25 bliana anuas. Fágann sé go bhfuil sé níos éasca earraí agus seirbhísí a cheannach ar fud thíortha uile an euro.
Cosnaíonn íocaíochtaí in euro idir bainc i dtíortha éagsúla an méid céanna le híocaíochtaí intíre.
Cosnaítear do choigilteas
Tá do choigilteas bainc faoi chosaint ag dlí an Aontais. Má theipeann ar do bhanc, is féidir leat suas le EUR 100 000 de choigilteas caillte a fháil ar ais, agus é a fháil laistigh de 7 lá.
Agus tá tuilleadh ann fós.
Sa lá atá inniu ann, nuair a dhéanann tú aistriú airgid, is minic nach bhfaigheann an tairbhí é go dtí an lá gnó dár gcionn. Athróidh sé seo!
Ní thógfaidh sé ach 10 soicind ort chun airgead a aistriú
Tá rialacha nua glactha ag an Aontas a chuirfidh ar do chumas íocaíochtaí meandracha in euro a sheoladh agus a fháil:
- tráth ar bith den lá
- gan aon chostas breise
- laistigh de do thír féin, chuig aon Bhallstát eile de chuid an Aontais nó ón mBallstát sin
...agus tú ag taisteal
⸺
Mar shaoránach den Aontas Eorpach, tá sé de cheart agat taisteal gan bhac sna 27 mBallstát agus pas bailí nó cárta aitheantais náisiúnta agat.
Tá cearta stóinseacha paisinéirí agat
Bíodh sé d’aer, d’iarnród, d’uisce nó ar bhus a thaistealaíonn tú, cinntíonn rialacha an Aontais go bhfuil tú faoi chosaint sna cásanna seo a leanas:
- cealú
- moill tráth an imeachta
- teacht isteach déanach
- bagáiste caillte nó a bhfuil damáiste déanta dó
- gortú le linn an turais
Ag brath ar na himthosca, féadfaidh an soláthraí taistil aisíocaíocht iomlán nó pháirteach, athródú, atháirithint, bia, lóistín nó cúiteamh a thairiscint duit.
Má tá míchumas nó soghluaisteacht laghdaithe agat:
- ní féidir iompar a dhiúltú duit
- ní mór duit faisnéis faoi do thuras a fháil i bhformáid inrochtana
- tá sé de cheart agat cúnamh saor in aisce a fháil ag críochfoirt agus ar bord
Agus ná bíodh imní ort más gá duit glaoch a chur, téacs a sheoladh nó an tIdirlíon a úsáid, ní bheidh ort aon táillí breise a íoc a bhuí le rialacha fánaíochta an Aontais!
Féadfaidh tú cúnamh a fháil lasmuigh den Aontas
Má theastaíonn cúnamh uait lasmuigh den Aontas, áfach, agus mura bhfuil ambasáid nó consalacht ag do thír féin san áit ina bhfuil tú ag fanacht, is féidir leat cúnamh a lorg ó ambasáid nó ó chonsalacht Ballstáit eile, má bhíonn timpiste thromchúiseach agat nó má bhíonn tinneas ort, cuir i gcás.
Tuilleadh eolais
Conas a dhéantar dlíthe an Aontais?
Is i gcomhpháirt le chéile a ghlacann Comhairle an Aontais Eorpaigh formhór dhlíthe an Aontais, rud a thugann rialtais Bhallstáit an Aontais agus Parlaimint na hEorpa le chéile. Comhaontaíonn an dá institiúid dlíthe nua bunaithe ar thograí a thíolaic an Coimisiún Eorpach. Breis eolais
Cad is saoránacht an Aontais ann?
Mar náisiúnach de cheann de na 27 mBallstát, is saoránach den Aontas thú freisin. Is ionann a bheith i do shaoránach den Aontas agus lear mór ceart, saoirsí agus cosaintí dlíthiúla a bheith agat ar fud thíortha uile an Aontais. Ina theannta sin, is féidir leat ról gníomhach a bheith agat sa phróiseas daonlathach, trí vótáil nó trí sheasamh i dtoghcháin áitiúla agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, fiú má tá cónaí ort i mBallstát eile. Breis eolais
Ceisteanna agat faoin Aontas?
Téigh i dteagmháil le Europe Direct ar an bhfón nó trí ríomhphost nó tabhair cuairt ar thairseach ‘An Eoraip Agatsa’ chun faisnéis, cúnamh agus comhairle atá cothrom le dáta a fháil faoi do chearta mar shaoránach den Aontas Eorpach (e.g. taisteal, obair agus dul ar scor, siopadóireacht, gnó a reáchtáil) i do theanga féin. Breis eolais
Is í Ardrúnaíocht na Comhairle a chuir an scéal seo i dtoll a chéile. Freastalaíonn an Rúnaíocht ar an gComhairle Eorpach, arb í an institiúid de chuid an Aontais í a bhunaíonn treo polaitiúil ginearálta agus tosaíochtaí ginearálta polaitiúla an Aontais Eorpaigh, agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ina dtugtar le chéile airí rialtais náisiúnta ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais. Tagann na hairí le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla chun reachtaíocht a phlé agus a chinneadh in go leor réimsí beartais, mar shampla iompar, trádáil agus an comhshaol. Tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin











