Skip to content

Uisce

Is acmhainn theoranta é an t-uisce. Le reachtaíocht an Aontais, cosnaítear acmhainní uisce agus éiceachórais, agus cinntítear go bhfuil an t-uisce óil agus an t-uisce snámha glan.

An fáth a bhfuil sé ríthábhachtach uisce a chosaint

Ní féidir an iomarca béime a leagan ar thábhacht an uisce don saol ar domhan. Tá uisce sláintiúil riachtanach do gach orgánach beo ar an bpláinéid, agus ríthábhachtach d’fheidhmiú agus do chaomhnú an chomhshaoil nádúrtha.

Braitheann gníomhaíocht agus fás eacnamaíoch ar infhaighteacht uisce ghlain, a úsáidtear i bpróisis táirgthe, i bhfás bia agus in go leor gníomhaíochtaí daonna eile.

Mar sin féin, ní féidir talamh slán a dhéanamh d’uisce glan toisc gur acmhainn theoranta é an t-uisce. Níl ach 3% d’uisce an domhain ina fhionnuisce agus oiriúnach le húsáid ag an duine.

Is fíorfhadhb é ganntanas uisce in go leor áiteanna ar domhan. Bíonn tionchar breise ar infhaighteacht acmhainní uisce ag triomaigh agus tuilte foircneacha a tharlaíonn de bharr an athraithe aeráide.

Chomh maith leis an athrú aeráide, cuireann truailliú agus róshaothrú acmhainní aibhneacha, lochanna agus dobharlaigh eile faoi bhrú.

Rialacha an Aontais maidir le cáilíocht agus úsáid uisce

Tá rialacha curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun uisce a chosaint. Is í Treoir Réime an Aontais maidir le hUisce an príomhphíosa reachtaíochta maidir le huisce a chosaint. Baineann rialacha eile le forálacha sonracha ar nós forálacha maidir le huisce óil agus uisce snámha.

Is é sprioc dheiridh bheartas uisce an Aontais rannchuidiú le timpeallacht saor ó thruailliú a bhaint amach faoi 2050.

An Treoir Réime maidir le hUisce

Is í Treoir Réime an Aontais maidir le hUisce bunchloch bheartas uisce an Aontais. Is é an sprioc atá aige uisce ar ardchaighdeán agus go leor uisce a chur ar fáil do dhaoine.

Faoin an Treoir, ceanglaítear ar thíortha an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • dobharlaigh a chosaint agus, más gá, iad a athbhunú ionas go mbeidh stádas maith acu
  • meath na n-éiceachóras uisce a chosc

Tacaítear leis an Treoir Réime maidir le hUisce le dhá threoir bhreise atá dírithe ar screamhuisce agus uisce dromchla.

I mí Mheán Fómhair 2025, tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le treoir a moladh chun athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar liostaí na dtruailleán a dhéanann difear d’uisce dromchla agus do screamhuisce agus ar na caighdeáin chomhfhreagracha rialála. Leis an gcomhaontú sin, nuashonraítear na caighdeáin cáilíochta comhshaoil i gcás roinnt truailleán agus cuirtear cinn nua leis, rud a dhéanann beartas uisce an Aontais a ailíniú leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí.

Uisce óil

Tá bearta i bhfeidhm ag an Aontas le breis agus 30 bliain chun a chinntiú go bhfuil uisce buacaire in áit ar bith san Aontas sábháilte le hól agus go gcosnaítear sláinte an duine.

Ar na príomhfhorálacha, áirítear an méid a leanas:

  • caighdeáin cháilíochta a leagan síos maidir le huisce óil
  • rialacha a dhaingniú, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhorfheidhmiú
  • an rochtain ar uisce a fheabhsú

Glacadh leagan athbhreithnithe den Treoir maidir le huisce óil in 2020. Ba iad na príomhchuspóirí a bhí leis caighdeáin cháilíochta an uisce a thabhairt cothrom le dáta agus cur chuige rioscabhunaithe a thabhairt isteach maidir le faireachán a dhéanamh ar uisce.

Cóireáil fuíolluisce

Mura ndéantar an chóireáil go cuí, féadfaidh an fuíolluisce a bheith ina chúis mhór le truailliú uisce, rud a bhfuil tionchar aige ar shláinte an duine agus an comhshaol.

Baineann rialacha an Aontais le bailiú, cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce i limistéir uirbeacha agus tá sé mar aidhm acu truailliú a laghdú agus sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint.

In 2024, rinneadh athbhreithniú ar na rialacha chun cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh a leathnú chuig níos mó limistéir uirbeacha agus chun níos mó truailleán a chumhdach.

Cóireáil fuíolluisce

Cóireáil fuíolluisce

Uisce snámha

Tá sé d’aidhm ag reachtaíocht an Aontais maidir le huisce snámha a chinntiú go bhfuil uisce snámha glan agus ar ardchaighdeán ar fud an Aontais. Ina theannta sin, tá sé d'aidhm ag an reachtaíocht saoránaigh a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi cháilíocht a gcuid uisce snámha.

Comhlíonann os cionn 95% de na láithreacha uisce snámha san Aontas na caighdeáin maidir le cáilíocht an uisce.

Tháinig feabhas ar cháilíocht an uisce snámha le blianta beaga anuas mar thoradh ar rialacha an Aontais maidir le huisce snámha, chomh maith le bearta eile, na bearta maidir le cóireáil fuíolluisce san áireamh.

An t-athbhreithniú deireanach: an 21 Deireadh Fómhair 2025