An dúlra agus an bhithéagsúlacht
A bhfuil á dhéanamh ag an Aontas chun an dúlra a chosaint, éiceachórais a athbhunú agus cailliúint na bithéagsúlachta a aisiompú.
Ní aithníonn an dúlra teorainn ar bith, mar sin oibríonn tíortha an Aontais le chéile chun pobail speiceas agus a ngnáthóga a chaomhnú.
Is é is aidhm do rialacha an Aontais an comhshaol agus an fiadhúlra a chaomhnú trí limistéir nádúrtha a chosaint agus éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú.
An tslí a gcaomhnaíonn an tAontas an dúlra
Le treoracha an Aontais maidir le héin agus gnáthóga, déantar speicis agus a ngnáthóga a chosaint trí limistéir faoi chosaint agus pleananna caomhnaithe a bhunú.
Sábháladh roinnt speiceas uathúil Eorpach ón díobhadh, ar nós na lincse Ibéaraí, a bhuí le bearta atá cistithe ag an Aontas.
Is é an dlí um athbhunú dúlra an chéad sraith riamh de rialacha de chuid an Aontais atá dírithe ar théarnamh an dúlra.
Beidh ar thíortha an Aontais bearta éifeachtacha athchóirithe a chur i bhfeidhm le haghaidh 20% ar a laghad de thalamh agus d’fharraigí an Aontais faoi 2030 agus le haghaidh gach éiceachórais dhíghrádaithe faoi 2050.
Gnáthóga, éiceachórais agus speicis a chosaint
An bhithéagsúlacht
Tá éagsúlacht na beatha ríthábhachtach d’éiceachórais a fheidhmíonn go maith. Is é is aidhm do rialacha an Aontais deireadh a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus líon na speiceas a mhéadú.
Pailneoirí
Is faoi na beacha agus speicis eile na bláthanna a phailniú, rud atá ríthábhachtach chun barra a fhás. Is mian leis an Aontas meath na bpailneoirí ar nós na mbeach agus na n-éan a aisiompú.
Foraoisí
Ionsúnn foraoisí 10% d’astaíochtaí an Aontais gach bliain. Is mian leis an Aontas feabhas a chur ar fhoraoisí agus ar a mbithéagsúlacht chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac.
Uisce agus aibhneacha
Tá bearta de chuid an Aontais ann chun truailliú uisce dromchla agus screamhuisce a laghdú. Is mian leis an Aontas deireadh a chur le bacainní in aibhneacha chun sláinte éiceachóras a fheabhsú.
Talamh feirme
Tá 70% de na hithreacha san Aontas Eorpach i ndrochshláinte. Tá sé d'aidhm ag an Aontas an truailliú san ithir a laghdú agus an talmhaíocht a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
Limistéir uirbeacha
Tá na crainn sna cathracha ríthábhachtach chun teas a mhaolú. Is é is aidhm do bhearta an Aontais a chinntiú go mbeidh cathracha níos glaise agus, dá bhrí sin, go mbeidh sé níos éascaí maireachtáil iontu.
Cad é staid an dúlra?
Tugtar léargas scáfar ar an dúlra sa mheasúnú is déanaí a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.
Níl ach 15% de ghnáthóga an Aontais i ndea-bhail agus tá líon na speiceas ag laghdú. Beidh tionchar ar leith ann ar phailneoirí ar nós na bhféileacán agus na mbeach.
An dúlra a chosaint lasmuigh de theorainneacha an Aontais
Tá an tAontas gníomhach freisin ar an leibhéal idirnáisiúnta chun an dúlra a chosaint.
Is páirtí é i gcoinbhinsiúin iltaobhacha, mar shampla an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, ina leagtar síos rialacha domhanda chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú, agus an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), lena dtéitear i ngleic leis an trádáil neamhdhleathach.
Tábhacht an tsalamandair duitse
B’fhéidir go gceapfá gur créatúr neamhshuntasach é an salamandar ar maith leis a bheith ag fánaíocht thart i dtimpeallachtaí taise. Mar sin féin, tá ról bunúsach aige i ndea-fheidhmiú éiceachóras, agus ar deireadh thiar tá sé ríthábhachtach dár bhfolláine féin agus don gheilleagar.
An scéala is déanaí
Na blaisíní breise is déanaí
Feirmeoireacht orgánach
Athléimneacht agus cosaint foraoisí
An talmhaíocht a ghlasú
An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Iúil 2026