Skip to content

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Is é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an chéad rialachán digiteach ar domhan a fhágann go bhfuil cuideachtaí digiteacha ar fud an Aontais freagrach as an inneachar a chuirtear in airde ar a gcuid ardán.

Is é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an chéad rialachán digiteach ar domhan a fhágann go bhfuil cuideachtaí digiteacha ar fud an Aontais freagrach as an inneachar a chuirtear in airde ar a gcuid ardán.

Cad é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha?

Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, dírítear ar thimpeallacht níos sábháilte a chruthú ar líne d’úsáideoirí agus do chuideachtaí digiteacha, agus ar chearta bunúsacha sa spás digiteach a chosaint trí rialacha nua a bhunú maidir leis an méid seo a leanas:

  • inneachar neamhdhleathach ar líne a chomhrac, cosúil le hearraí, seirbhísí agus faisnéis, agus lánurraim á tabhairt don Chairt um Chearta Bunúsacha
  • dul i ngleic le rioscaí sochaíocha ar líne
  • inrianaitheacht trádálaithe i margaí ar líne
  • bearta trédhearcachta le haghaidh na n-ardán ar líne
  • maoirseacht fheabhsaithe

Ghlac an Chomhairle an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an 4 Deireadh Fómhair 2022. Tá na rialacha nua i bhfeidhm ón 17 Feabhra 2024.

Is cuid de phacáiste an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha é an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, arb é is aidhm dó, in éineacht leis an nGníomh um Margaí Digiteacha an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a chinntiú go bhfuil rochtain ag úsáideoirí digiteacha ar tháirgí sábháilte agus cearta bunúsacha úsáideoirí a chosaint
  • go mbeidh iomaíocht chothrom shaor sna hearnálacha digiteacha le borradh a chur faoin nuáil agus faoin bhforás
Léarscáil stílithe den Eoraip forleagtha le deilbhíní líonraithe agus figiúirí beaga daonna, rud a léiríonn seirbhísí digiteacha idirnasctha, slándáil agus margaí ar líne ar fud an Aontais Eorpaigh.
An Gníomh um Margaí Digiteacha

An Gníomh um Margaí Digiteacha

Bearta nua

Ní mór d’ardáin dhigiteacha sraith beart a chur i bhfeidhm chun cosaint níos fearr a thabhairt d’úsáideoirí agus chun an trédhearcacht a fheabhsú.

Cur i gcoinneinneachar neamhdhleathach agus freagairt thapa a thabhairt dó (an bhréagnuacht, an bholscaireacht, an fhuathchaint, an ciapadh agus mí-úsáid leanaí), agus ligean d’úsáideoirí inneachar den sórt sin a chur in iúl.

Díol táirgí agus seirbhísí neamhdhleathacha a chomhrac.

úsáid a bhaint as uirlisí modhnóireachta inneachair, lena ngabhann an rogha cur i gcoinne cinntí nuair a bhaintear inneachar úsáideoirí nó nuair a chuirtear srian air.

an trédhearcacht a mhéadú d’úsáideoirí i ndáil le téarmaí agus coinníollacha agus an tslí a molann algartaim an t-inneachar.

fógraíocht do leanaí a thoirmeasc mar aon le sonraí pearsanta íogaire a úsáid chun fógraí a spriocdhíriú (inscne, gnéaschlaonadh, cine, reiligiún nó creideamh polaitiúil).

'patrúin dhorcha' a thoirmeasc, i.e. comhéadain mhíthreoracha a deartar d’aon ghnó chun an dallamullóg a chur ar úsáideoirí, mar shampla, síntiús a ghlacadh le seirbhísí i ngan fhios dóibh.

Na cuideachtaí a chumhdaítear

Ní mór do na cuideachtaí idirghabhála ar fad ar líne a bhíonn ag nascadh úsáideoirí le hinneachar, táirgí agus seirbhísí i margadh aonair an Aontais an Gníomh a leanúint, bíodh siad bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas.

Margaí ar líne

Líonraí sóisialta

Ardáin comhroinnte ábhair

Ardáin taistil agus lóistín ar líne

Tá na rialacha comhréireach le méid na gcuideachtaí agus leis an tionchar atá acu ar an tsochaí. Tá díolúine ag ardáin an-bheag ón gcuid is mó de na hoibleagáidí.

Tá rialacha níos déine i gceist le hardáin an-mhór (VLOPanna) agus innill chuardaigh (VLOSEanna) a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir gníomhach acu, i bhfianaise an phríomhróil atá acu sa ríomhthráchtáil, i scaipeadh faisnéise agus i mbabhtáil tuairimí agus smaointe a éascú.

Shainaithin an Coimisiún Eorpach 23 VLOP agus 2 VLOSE:

  • AliExpress
  • Amazon Store
  • Appstore
  • Bing
  • Booking.com
  • Facebook
  • Google Play
  • Google Maps
  • Google Search
  • Google Shopping
  • Instagram
  • LinkedIn
  • Pinterest
  • Pornhub
  • Shein
  • Snapchat
  • Stripchat
  • Temu
  • TikTok
  • Wikipedia
  • X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo)
  • XNXX
  • XVideos
  • YouTube
  • Zalando

Seo a leanas cuid de na ceanglais bhreise a thugann an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha isteach do chuideachtaí dá leithéid sin:

  • pleananna maolaithe a bhunú, faoi réir iniúchtaí, do na rioscaí córasacha a bhaineann leo cosúil le bréagaisnéis, ionramháil le linn próisis toghcháin, cibearfhoréigean in aghaidh na mban, nó mí-úsáid mionaoiseach
  • sonraí a roinnt le taighdeoirí agus le húdaráis
  • ligean d’úsáideoirí a chinneadh an mian leo moltaí pearsantaithe a fháil agus más mian, an chaoi lena dhéanamh (m.sh. nach bhfuil bunaithe ar a gcuid cuardach ar líne)

Cad a tharlaíonn mura gcomhlíonann cuideachtaí na rialacha?

Gearrtar pionóis agus fíneálacha ar chuideachtaí nach leanann an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, atá comhréireach lena méid:

  • seans go ngearrfar pionóis, fíneálacha san áireamh, ar chuideachtaí a bhfuil níos lú ná 45 mhilliún úsáideoir gníomhach acu, mar a leagtar síos i ndlíthe náisiúnta na mBallstát
  • seans go ngearrfar fíneálacha suas le 6% dá láimhdeachas domhanda ar chuideachtaí a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir gníomhach acu

Na buntáistí a bhaineann leis an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Cosnóidh an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha cearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, go háirithe saoránaigh an Aontais.

Cumhachtú úsáideora

Tabharfar de chumhacht d’úsáideoirí ar líne san Aontas níos mó smachta a bheith acu ar a bhfeiceann siad ar líne, a bheith in ann na fógraí a fhaigheann siad a thuiscint nó a bheith eolach fúthu. Beidh úsáideoirí in ann inneachar neamhdhleathach a thuairisciú, agus beidh sé d’oibleagáid ar an ardán fógra a thabhairt dóibh faoi na cinntí a dhéanfaidh siad.

An trédhearcacht

Méadóidh an dlí trédhearcacht na rialacha maidir le modhnóireacht inneachair ar líne, agus beidh rochtain níos fearr ag údaráis agus ag taighdeoirí ar shonraí chun tuiscint níos fearr a fháil ar an spás ar líne, ar an tionchar sochaíoch a ghabhann leis agus ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Mionaoisigh a chosaint

Cuirfear toirmeasc ar ardáin a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu fógraíocht spriocdhírithe a chur i láthair bunaithe ar úsáid sonraí pearsanta mionaoiseach mar a shainítear sin i ndlí an Aontais.

An bhréagaisnéis a chomhrac

Ní mór do na hardáin bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh ar líne Ní mór sásra a bheith i bhfeidhm acu d’úsáideoirí chun inneachar neamhdhleathach a chur in iúl agus gníomhú de réir fógraí go tapa.

Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna

I gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin agus na n-iarmhairtí maidir le cúbláil faisnéise ar líne, cuireadh airteagal nua le téacs an rialacháin lena dtugtar isteach sásra um fhreagairt ar ghéarchéimeanna.

Leis an sásra sin, beifear in ann anailís a dhéanamh ar thionchar ghníomhaíochtaí na n-ardán an‑mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne ar an ngéarchéim atá i gceist agus cinneadh a dhéanamh maidir le bearta chun a chinntiú go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú.

Do shaol ar líne: Cad atá á dhéanamh ag an Aontas ionas gur fusa agus gur sábháilte duit é?



Tá an tAontas Eorpach ag obair go gníomhach ar an timpeallacht dhigiteach a fheabhsú ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad. Ní mór don saol digiteach a bheith sábháilte, gan dua agus go ndéanfar na saoirsí bunúsacha a urramú ann.

I bhfianaise na nuashonruithe ar an dá phríomhrialachán chun saol níos sábháilte agus níos éasca ar líne a chinntiú d’úsáideoirí, tá tuilleadh eolais ar fáil sa scéal atá faoi thrácht thíos faoina bhfuil á dhéanamh ag an Aontas ionas gur fusa agus gur sábháilte do shaol ar líne.

Duine ina sheasamh os cionn deisce, ag féachaint ar ríomhaire glúine oscailte agus muga ina lámh aige, le cúlra grafach simplí gorm agus glas.

Féach freisin

An chaoi a ndéanann an tAontas ábhar díobhálach ar líne a chomhrac

An chaoi a ndéanann an tAontas ábhar díobhálach ar líne a chomhrac

Sciath ghorm thréshoilseach ar a bhfuil patrún líonra caolchúiseach os comhair gréasán ciorclach poncanna buí nasctha, rud atá ina shiombail de chosaint sonraí agus de shlándáil.
An rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí

An rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí

Prevention of online child sexual abuse

Prevention of online child sexual abuse

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Lúnasa 2025