Skip to content

Cáilíocht an aeir

Is é an truailliú aeir an riosca is mó don tsláinte ón gcomhshaol san Eoraip. Le rialacha nua de chuid an Aontais, cuirfear feabhas suntasach ar cháilíocht an aeir agus laghdófar líon na mbásanna arb é an truailliú is cúis leo.

Truailliú aeir san Aontas Eorpach

Is cúis mhór le galar agus bás luath san Eoraip e an truailliú aeir. Is féidir le mínábhar cáithníneach (PM2.5) go háirithe dul isteach go domhain sna scamhóga agus sa sruth fola agus is é atá freagrach as an líon is airde básanna anabaí san Eoraip.

In 2022, ba é an truailliú aeir ba chúis le thart ar 350 000 bás anabaí san Eoraip, agus 239 000 acu sin mar gheall ar PM2.5 amháin. Tá sé sin os cionn 11 oiread líon na ndaoine a maraíodh i dtionóiscí bóthair (20 634 in 2022).

Cuirtear i láthair ar an leathanach seo na sonraí is déanaí maidir leis an truailliú aeir san Eoraip, chomh maith le fíricí faoin tionchar a bhíonn ag an truailliú ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol.
Truailliú aeir san Aontas Eorpach: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Truailliú aeir san Aontas Eorpach: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)

Tá laghdú tagtha ar astaíochtaí truailleán aeir san Aontas ó 1990, ach tá na leibhéil truaillithe níos airde ná na caighdeáin mholta fós. In 2023, nochtadh 94% de dhaoine a bhí ina gcónaí i gcathracha an Aontais do thiúchain PM2.5 a bhí níos airde ná na leibhéil treoirlíne cáilíochta aeir is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil.

An chaoi a dtéann an tAontas i ngleic le truailliú aeir

bearta diana i bhfeidhm ag an Aontas chun truailliú aeir a laghdú ó bhí na 1980idí ann.

Leagtar amach leis na príomhghníomhartha reachtacha leis an méid seo a leanas:

  • caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir le haghaidh aer lasmuigh (comhthimpeallach)
  • spriocanna náisiúnta maidir le hastaíochtaí na bpríomhthruailleán aeir a laghdú

I mí Dheireadh Fómhair 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle treoir lena leagtar amach caighdeáin nuashonraithe maidir le cáilíocht an aeir san Aontas. Leis na rialacha nua, bunaítear teorainnluachanna ceangailteacha do 2030, mar chéim idirmheánach chun spriocanna maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, rud a chuirfidh le comhshaol atá saor ó thocsainí san Aontas faoi 2050.

Cuidíonn a lán gníomhartha dlí eile le cáilíocht an aeir san Aontas a fheabhsú, lena n-áirítear rialacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha eacnamaíocha éagsúla, caighdeáin Euro 7 maidir le feithiclí agus rialacha maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha.

Rialacha nua an Aontais maidir le cáilíocht an aeir

Le treoir nua ón Aontas maidir le cáilíocht an aeir ((AE) 2024/2881), rinneadh na treoracha maidir le cáilíocht an aeir a bhí ann roimhe seo (2004/107/CE agus 2008/50/CE) a chumasc agus tháinig an treoir nua ina n-ionad.

Tacaíonn sí le sprioc an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip truailliú aeir, uisce agus ithreach a laghdú faoi 2050 go leibhéil nach mbeidh díobhálach a thuilleadh.

Ní mór do Bhallstáit an Aontais an treoir a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 11 Nollaig 2026.

Ar na príomhathruithe tá:

  • caighdeáin níos déine an Aontais maidir le cáilíocht an aeir do 2030, caighdeáin atá níos gaire do threoirlínte 2021 ón EDS, lena léirítear an fhianaise eolaíochta is déanaí maidir leis an tionchar an truaillithe aeir ar an tsláinte
  • ceart nua do dhaoine cúiteamh a éileamh má dhéantar dochar dá sláinte mar gheall ar sháruithe ar na rialacha

Caighdeáin níos láidre maidir le cáilíocht an aeir

Sa treoir nua leagtar amach caighdeáin níos déine maidir le cáilíocht an aeir do13 thruailleándo 2030, ina measc tá PM2.5, PM10, dé-ocsaíd nítrigine agus ózón. Cumhdaítear leis an gcaighdeán teorainneacha astaíochtaí, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus tairseacha foláirimh, i measc nithe eile.

Maidir le mínábhar cáithníneach (PM2.5), laghdófar an teorainnluach bliantúil faoina leath faoi 2030:

  • caighdeán an Aontais a bhí ann roimhe seo: 25 µg/m³
  • caighdeán nua an Aontais: 10 µg/m³
  • Treoirlíne ón EDS: 5 µg/m³

Meastar go laghdóidh na teorainneacha níos déine básanna anabaí a bhaineann le PM2.5 faoi 75 % laistigh de 10 mbliana.

Ní mór don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar fhianaise eolaíoch chun a fhíorú an bhfuil na caighdeáin athbhreithnithe maidir le cáilíocht an aeir éifeachtach i dtaca le sláinte a chosaint.

Faoi choinníollacha áirithe, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go gcuirfí siar an spriocdháta chun teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir a chomhlíonadh.

Rochtain ar cheartas agus an ceart chun cúitimh a fháil

Leis na rialacha nua, cuirtear leis an gceart chun aeir ghlain agus rochtain ar cheartas a bheith ag duine. Is féidir le daoine agus eagraíochtaí, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, a bhfuil leas leordhóthanach an chaoi a gcuirfear an treoir chun feidhme a cheistiú.

Den chéad uair, beidh ar Ballstáit an Aontais a chinntiú gur féidir le daoine cúiteamh a éileamh agus a fháil i gcás ina ndearnadh damáiste dá sláinte mar thoradh ar shárú d’aon ghnó nó le faillí ar na rialacha náisiúnta lenar trasuíodh an treoir.

Pleanáil agus faireachán níos fearr

I gcás ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán na teorainnluachanna agus na spriocluachanna, ceanglaítear leis an treoir ar na Ballstáit treochláir agus pleananna maidir le cáilíocht an aeir a bhunú. Ní mór dóibh bearta iomchuí a dhéanamh chun truailliú a laghdú agus an tréimhse sáraithe a choinneáil a ghiorra agus is féidir.

Ina theannta sin, neartaítear leis an treoir na ceanglais maidir le faireachán agus samhaltú a dhéanamh ar cháilíocht an aeir. Cuideoidh sonraí níos fearr leis na húdaráis cáilíocht an aeir a bhainistiú, bearta coisctheacha a phleanáil agus na rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí.

Truailliú trasteorann agus faisnéis phoiblí

Is minic a thrasnaíonn truailliú aeir teorainneacha, mar sin ní mór do na Ballstáit comhoibriú chun na foinsí truaillithe aeir agus na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt orthu a shainaithint, agus chun gníomhaíocht chomhordaithe a phleanáil.

Ní mór dóibh freisin breis a dhéanamh chun an pobal a chur ar an eolas faoi cháilíocht an aeir.

An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Meitheamh 2026