Skip to content

Cosaint sonraí san Aontas

Tá na rialacha cosanta sonraí is déine ar domhan ag an Aontas Eorpach. Áirítear sonraí pearsanta a chosaint a bheith ina cheart bunúsach san Aontais.

Sonraí pearsanta sa ré dhigiteach

Tháinig dúshláin nua chun cinn maidir le sonraí pearsanta a chosaint de bharr forbairtí meara teicneolaíochta a rinneadh le scór bliain anuas. Tháinig méadú as cuimse ar chomhroinnt agus ar bhailiú sonraí, a tharlaíonn ar an leibhéal domhanda corruair, agus tá níos mó dá n-eolas pearsanta á chur ar fáil go poiblí ag daoine aonair anois.

Tháinig ardú suntasach ar an sreabhadh trasteorann sonraí freisin mar gheall ar an lánpháirtiú eacnamaíoch agus sóisialta atá ann mar thoradh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Ní mór ardleibhéal cosanta a chinntiú ar shonraí pearsanta leis na forbairtí sin uile a chur san áireamh ina n-iomláine agus leis an ngeilleagar digiteach a chur chun cinn, agus ag an am céanna saorghluaiseacht na sonraí sin a cheadú.

I gcás sonraí pearsanta a úsáidtear chun críche fhorfheidhmiú an dlí, is gá do na húdaráis sna Ballstáit, anois níos mó ná riamh, sonraí a phróiseáil agus a mhalartú mar chuid de chomhrac na coireachta trasnáisiúnta agus na sceimhlitheoireachta.

Sa chomhthéacs sin, tá rialacha soiléire agus comhsheasmhacha maidir le cosaint sonraí ar leibhéal an Aontais bunriachtanach le feabhas a chur ar chomhar idir na húdaráis sin.

Cosaint sonraí ina cheart bunúsach

Ó síníodh Conradh Liospóin in 2007, tá cosaint sonraí pearsanta ina cheart bunúsach anois faoi dhlí an Aontais, ceart a aithnítear sna cáipéisí seo a leanas:

  • Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
  • Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Ciallaíonn sin go bhfuil bunús sonrach dlí ag an Aontas ar a nglacfar reachtaíocht leis an gceart bunúsach sin a chosaint.

Sonraítear in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil an ceart ag gach duine san Aontas:

  • go gcosnófar sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi
  • chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfar na sonraí sin a cheartú

Samplaí de shonraí pearsanta

  • uimhir cárta aitheantais
  • sonraí suímh, mar shampla feidhm na sonraí suímh ar fhón póca
  • seoladh prótacal idirlín (IP)
  • uimhir aitheantais fianáin
  • aitheantóir fógraíochta ar d'fhón póca
  • sonraí atá i seilbh ospidéil nó dochtúra, a d'fhéadfadh a bheith ina siombail lena sainaithnítear duine

An rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí (RGCS)

Glacadh Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) in 2016 agus tháinig sé i bhfeidhm i mí Bealtaine 2018.

Glacadh Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) in 2016 agus tháinig sé i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2018.

Ciallaíonn teacht RGCS go bhfuil tacar amháin rialacha cosanta sonraí ann do gach cuideachta atá ag feidhmiú san Aontas, cibé áit a bhfuil siad lonnaithe.

Fágann na rialacha diana a tugadh isteach leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí:

  • gur mó an smacht atá ag daoine ar a gcuid sonraí pearsanta
  • go mbaineann gnólachtaí tairbhe as cothrom na Féinne

Tugann RGCS níos mó smachta do dhaoine ar an gcaoi a n-úsáidtear a gcuid sonraí ar líne, lena n-áirítear i ndáil le seirbhísí ar líne, fógraíocht agus próiseáil uathoibrithe.

Treoir maidir le cosaint sonraí ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí

Is é is aidhm don treoir sin maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críche fhorfheidhmiú an dlí choiriúil cosaint a thabhairt don cheart atá ag an duine aonair a chuid sonraí pearsanta a chosaintfad atá ardleibhéal slándála poiblí á ráthú.

Baineann an treoir sin leis an bpróiseáil trasteorann agus leis an bpróiseáil náisiúnta a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát ar shonraí chun críche fhorfheidhmiú an dlí.

Glacadh an treoir in 2016 agus tháinig sí i bhfeidhm in 2018.

Sciath ghorm thréshoilseach ar a bhfuil patrún líonra caolchúiseach os comhair gréasán ciorclach poncanna buí nasctha, rud atá ina shiombail de chosaint sonraí agus de shlándáil.
An rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí

An rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí

Deilbhín de ghlas fraincín digiteach lonrach ar chúlra cláir ciorcaid ghoirm, mar chomhartha ar shlándáil agus ar chosaint sonraí.
Cosaint sonraí ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí

Cosaint sonraí ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí

Colm bán ar eitilt in aice le leabhar oscailte, agus ciorcal buí sa chúlra.
Cearta bunúsacha san Aontas

Cearta bunúsacha san Aontas

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Meitheamh 2026