Skip to content

Maidir leis an suíomh gréasáin seo

Is é seo an suíomh gréasáin oifigiúil atá ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gComhairle Eorpach.

Beartas teanga

Tá eolas ar an suíomh seo faoi na hinstitiúidí sin agus faoina mbíonn ar siúl acu, agus é ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais nuair is féidir é.

Cad atá ar an suíomh gréasáin seo

Ar an suíomh gréasáin seo gheobhaidh tú:

  • eolas faoi eagrú, ról, comhaltaí agus gníomhaíochtaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh, na Comhairle Eorpaí agus an Ghrúpa Euro
  • an nuacht is déanaí faoina bhfuil ar siúl ag na hinstitiúidí sin
  • treoir, teagmhálacha, preaseisiúintí, agus ábhar closamhairc agus eile le haghaidh lucht iriseoireachta
  • eolas faoin méid a chaithfidh tú a dhéanamh más mian leat cuairt a thabhairt ar na foirgnimh atá ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gComhairle Eorpach
  • eolas faoin té ar cheart dul i dteagmháil leo má tá ceisteanna agat faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh nó faoin gComhairle Eorpach
  • eolas faoi Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
  • doiciméid agus foilseacháin

Fianáin

Úsáidimid fianáin chun a chinntiú go bhfeidhmíonn an suíomh gréasáin mar is cuí, ach ní dhéanaimid aon eolas pearsanta a bhailiú, a stóráil ná a roinnt. Baineann an Chomhairle úsáid as fianáin ó uirlisí anailísíochta gréasáin PianoAnalytics agus Hotjar chun staidreamh comhiomlánaithe anaithnid a bhailiú maidir le heispéireas an úsáideora. Féach an leathanach atá againn faoi fhianáin agus gheobhaidh tú amach conas is féidir fianáin a rialú agus a bhainistiú i do bhrabhsálaí.

Inrochtaineacht

Dearadh an suíomh gréasáin seo ar chaoi agus go sásaítear treoirlínte W3C maidir le hinrochtaineacht ábhair idirlín. Féach an leathanach atá againn faoin mbeartas inrochtaineachta agus gheobhaidh tú amach cé na teicneolaíochtaí a úsáidimid agus cé na huirlisí inrochtaineachta a bhfuil an suíomh comhoiriúnach dóibh.

Aiseolas

Is mian linn an taithí is fearr is féidir a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Leis an aiseolas a thabharfaidh tú, beimid in ann a chinntiú go bhfuil suíomh gréasáin na Comhairle éasca a úsáid agus go bhfreastalaíonn sé ar na riachtanais atá agat.

Cláraigh agus beidh tú in ann páirt a ghlacadh sa phainéal atá againn nó teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann taithí úsáideora atá againn agus do chuid aiseolais a roinnt.

Cé a dhéanann bainistiú ar an suíomh gréasáin seo?

Is í foireann cumarsáide digití Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC) a dhéanann cothabháil ar an suíomh. Má bhíonn aon cheist agat faoin suíomh gréasáin seo téigh i dteagmháil, le do thoil, leis an stiúrthóir gréasáin atá againn.

An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Feabhra 2026