Beartas teanga

Tá sé mar aidhm ag Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (an Ardrúnaíocht) an suíomh gréasáin a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir dá lucht úsáide. Mar sin, is é an beartas teanga réamhshocraithe a chuirtear i bhfeidhm ar an suíomh gréasáin an t-ábhar uile a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.

Tá roinnt eisceachtaí ann maidir leis an riail sin: foilsítear faisnéis áirithe ar líne i mBéarla agus i bhFraincis nó i mBéarla amháin.

Cé na teangacha a úsáidtear ar an suíomh gréasáin?

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as 24 theanga oifigiúla an Aontais:

Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris.

Cén chaoi a n-úsáidtear na teangacha ar shuíomh gréasáin na Comhairle?

Baineann an suíomh gréasáin úsáid as 3 bheartas teanga éagsúla:

  1. ábhar a fhoilsítear i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais
  2. ábhar a fhoilsítear i mBéarla amháin nó i mBéarla agus i bhFraincis amháin
  3. ábhar a fhoilsítear i mBéarla, i bhFraincis agus in aon teanga ábhartha eile

Is é an beartas teanga réamhshocraithe an t-ábhar uile i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais a fhoilsiú ag an am céanna. Áirítear leis sin doiciméid oifigiúla i gclár poiblí na Comhairle.

An t-aon eisceacht ar an riail sin is ea an t-ábhar a fhoilsítear sa roinn 'cruinnithe' nó sa roinn 'nuacht agus meáin' ar an suíomh gréasáin.

Cruinnithe

Tá an fhaisnéis maidir le cruinnithe na Comhairle agus an Ghrúpa Euro, mar shampla príomhphointí an phlé agus láthair agus dáta an chruinnithe ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Foilsítear achoimre ar na príomhfhorbairtí agus ar na príomhchinntí a rinneadh ag gach cruinniú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais freisin. Mar sin féin, foilsítear roinnt doiciméad a bhfuil faisnéis níos mionsonraithe iontu i mBéarla agus i bhFraincis nó i mBéarla amháin.

Foilsítear eolas faoi chruinnithe na Comhairle Eorpaí i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

Táirgí preasa

Ó tharla gur dírithe ar shaineolaithe atá cuid de na táirgí preasa, ní fhoilsítear iad ach i mBéarla nó i mBéarla agus i bhFraincis. Áirítear leis sin:

Ó tharla gur gá eolas a chur in iúl don phreas go tapa maidir le saincheisteanna ar leith, foilsítear preaseisiúintí i dtosach sa teanga bhunaidh sula n-aistrítear iad go dtí an 23 theanga oifigiúla eile. Déanann muid dianiarracht leaganacha aistrithe a fhoilsiú chomh tapa agus is féidir i ndiaidh an bhunleagain, agus foilsítear leagan gach teanga de réir mar a bhíonn sé ar fáil.

Cén fáth nach féidir liom teacht ar eolas i mo theangasa?

Díríonn an Ardrúnaíocht ar an méid is mó eolais atá cothrom le dáta a chur ar fáil d'úsáideoirí a suíomh gréasáin sa teanga is fearr a thuigeann siad.

Mar sin féin, tá teorainn leis an mbuiséad agus na hacmhainní aistriúcháin atá ar fáil dúinn. Ar an drochuair, ciallaíonn sé sin nach féidir linn an t-ábhar ar fad a aistriú go teangacha uile an Aontais go tráthúil. Mar sin, díríonn muid ár n-iarrachtaí ar a chinntiú go mbíonn an príomhábhar ar fáil i ngach teanga oifigiúil, agus teorainn a chur le líon na dteangacha i gcás ábhair atá dírithe ar lucht léite saineolach, ar nós an phreasa.

Cé nach mbíonn fáil ar roinnt den ábhar ar an suíomh gréasáin i do theanga féin, is féidir teacht ar reachtaíocht an Aontais agus doiciméid oifigiúla na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais tríd an gclár poiblí.