Skip to content

An Chomhairle Eorpach

Is í an Chomhairle Eorpach an institiúid de chuid an Aontais a shainíonn treoir pholaitiúil ghinearálta agus tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

An scéal is déanaí

Oifigigh a bhfuil culaith orthu timpeall ar bhord mór ciorclach comhdhála i seomra geal, ina bhfuil úrlár ildaite gréasach agus plandaí pota sa lár.
  • 19 Meitheamh 2026
Aghaidh tugtha ag ceannairí an Aontais ar na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le todhchaí na hEorpa

Aghaidh tugtha ag ceannairí an Aontais ar na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le todhchaí na hEorpa

Ag cruinniú mullaigh an Aontais, phléigh na ceannairí príomh-shaincheisteanna ar nós tacaíocht leanúnach don Úcráin, an staid sa Mheánoirthear, iomaíochas agus dúshláin eacnamaíocha dhomhanda chomh maith leis an gcéad CAI eile.

An Chomhairle Eorpach

Is í an Chomhairle Eorpach a shainíonn treoir agus tosaíochtaí polaitiúla foriomlána an Aontais; is gnách go ndéantar sin trí chonclúidí a ghlacadh. Ní dhéanann sí aon chaibidlíocht ar dhlíthe an Aontais Eorpaigh ná, go deimhin, ní ghlacann sí na dlíthe sin.

Léaráid de chruinniú den Chomhairle Eorpach, ina dtaispeántar toscairí ina suí timpeall bord mór ciorclach ar urlár ildaite, in éineacht le deilbhín stílithe de dhoiciméad oifigiúil a bhfuil tic ghorm air, rud a léiríonn conclúidí a glacadh.
Conclúidí ón gComhairle Eorpach

Conclúidí ón gComhairle Eorpach

Portráid stílithe den Uachtarán Costa, léirithe ón mbrollach aníos le cúlra dronuilleogach gorm geal, le bloic ingearacha agus chothrománacha de dhathanna agus patrúin éagsúla leagtha amach ar thaobh na láimhe clé den íomhá.
António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Léaráid de thrí lámh ag cur páipéir bhallóide dhaite i mbosca ballóide gorm atá marcáilte le ciorcal réaltaí an Aontais Eorpaigh.
An ról in ainmniúcháin agus i gceapacháin

An ról in ainmniúcháin agus i gceapacháin

Mar a fheidhmíonn an Chomhairle Eorpach

Mar a fheidhmíonn an Chomhairle Eorpach

Clár oibre straitéiseach an Aontais 2024 – 2029

Clár oibre straitéiseach an Aontais 2024 – 2029

Léaráid stílithe ina dtaispeántar bonn aon euro a bhfuil deighleoga sonraí ildaite timpeall air agus píchairt ina bhfuil siombailí agus réaltaí euro.
An Cruinniú Mullaigh Euro

An Cruinniú Mullaigh Euro

Léaráid theibí d’áras Europa na Comhairle Eorpaí in aice le radharc den Domhan.
Cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta

Cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta

Colláis stílithe de chuid an Uachtaráin Van Rompuy, an Uachtaráin Tusk agus an Uachtaráin Michel i gcoinne cúlra éadrom breactha le cruthanna geoiméadracha gorma.
Iar-Uachtaráin

Iar-Uachtaráin

Stair

  • 1974

    9 Nollaig

    Bunaíodh an Chomhairle Eorpach mar fhóram neamhfhoirmiúil le haghaidh plé idir cinn stáit nó rialtais Bhallstáit an Aontais.

  • 1992

    7 Feabhra

    Faoi Chonradh Maastricht, tugadh stádas agus ról foirmiúil don Chomhairle Eorpach chun spreagadh a thabhairt don Aontas Eorpach agus chun treoirlínte polaitiúla ginearálta a chur ar fáil dó.

  • 2009

    1 Nollaig

    Mar thoradh ar na hathruithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin, rinneadh ceann de sheacht n-institiúid an Aontais Eorpaigh den Chomhairle Eorpach.

Grianghraf dubh agus bán de cheannairí an Aontais Eorpaigh agus iad ag teacht le chéile den chéad uair i mBaile Átha Cliath.
An chéad chruinniú den Chomhairle Eorpach i mBaile Átha Cliath, an 11 Márta 1975