Skip to content

Tréimhsí oiliúna Consilium

Faoi dhó gach bliain, cuireann an Chomhairle tréimhsí oiliúna le pá ar fáil sa Bhruiséil dar fad 5 mhí. Déan iarratas agus gheobhaidh tú léargas luachmhar ar obair an Aontais Eorpaigh.

Ár gclár oiliúna

Le clár oiliúna Consilium, is féidir le céimithe ó chúlraí éagsúla taithí phearsanta a fháil ar cheapadh beartais an Aontais.

Cuirimid tréimhsí oiliúna ar fáil i réimsí éagsúla, mar shampla an beartas, an dlí, an riarachán, an chumarsáid, an t-aistriúchán agus teicneolaíocht na faisnéise.

Bíonn thart ar 110 dtréimhse oiliúna ar fáil gach bliain.

Tá an chéad bhabhta eile d'iarratais oscailte anois!

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna Consilium go dtí an 15 Meán Fómhair 2026, ar 12.00 (am na Bruiséile).

Mairfidh na tréimhsí oiliúna ón 1 Feabhra go dtí an 30 Meitheamh 2027.

Triúr oiliúnaithe, an té atá i lár báire suite le ríomhaire glúine os a comhair, tá an bheirt eile - duine ar gach aon taobh di – ina seasamh ag féachaint ar an scáileán. Dath fionnghlas atá ar an gcúlra.
Conas iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna

Conas iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna

Cé ag a bhfuil cead cur isteach ar thréimhse oiliúna?

Tá clár oiliúna Consilium oscailte do chách, faoi réir critéir incháilitheachta áirithe.

Saoránacht san Aontas

Céim bhaitsiléara nó céim níos airde

Eolas an-mhaith ar an mBéarla nó ar an bhFraincis agus ar theanga amháin eile, ar a laghad, de chuid an Aontais Eorpaigh

Gan aon taithí oibre roimhe seo déanta agat in institiúid eile de chuid an Aontais Eorpaigh

A bhfuil á thairiscint againn

Tugann ár gclár oiliúna deis do ghairmithe óga léargas a fháil ar obair an Aontais, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí laethúla na Comhairle, foghlaim óna gcomhghleacaithe agus óna gcomhairleoirí agus rannchuidiú le cinntí tábhachtacha a mhúnlú.

Íoctar na hoiliúnaithe agus bíonn liúntais agus sochair eile i gceist.

An clár gníomhaíochta dearfaí d’oiliúnaithe faoi mhíchumas

Gach bliain, coimeádaimid suas le sé thréimhse oiliúna do náisiúnaigh de chuid an Aontais atá faoi mhíchumas aitheanta.

Tugann an clár seo léargas uathúil d’oiliúnaithe ar bheartas agus ar reachtóireacht an Aontais, agus ag an am céanna cuireann sé socruithe speisialta san ionad oibre ar fáil dóibh de réir mar is gá.

Tréimhsí oiliúna do mhic léinn sna scoileanna náisiúnta riaracháin

Chomh maith lenár gclár ginearálta tréimhsí oiliúna, tugaimid léargas uathúil ar phróisis agus ar bheartais institiúidí an Aontais do mhic léinn sna scoileanna náisiúnta riaracháin. Maireann na tréimhsí oiliúna sin idir 2 mhí agus 5 mhí.

Féilire na dTréimhsí Oiliúna

Cuirimid tréimhsí oiliúna ar fáil faoi dhó sa bhliain.

Is ón 1 Feabhra go dtí an 30 Meitheamh a mhairfidh an tréimhse oiliúna. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ó lár mhí Iúil go lár mhí Mheán Fómhair, agus roghnaítear iarrthóirí idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag.

Taispeánann an amlíne chothrománach seo de réir míosa an tréimhse iarratais (Iúil-Meán Fómhair), céim an roghnúcháin agus céim na n-agallamh (Deireadh Fómhair-Nollaig), agus an tréimhse oiliúna féin (Feabhra-Meitheamh). Tá barraí daite ann chun gach tréimhse a léiriú.

Is ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Eanáir a mhairfidh an dara tréimhse oiliúna. Féadfar iarratas a dhéanamh i mí Feabhra agus i mí an Mhárta agus roghnófar na hiarrthóirí idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh.

Taispeánann an amlíne chothrománach seo de réir míosa an tréimhse iarratais (Feabhra–Márta), céim an roghnúcháin agus céim na n-agallamh (Aibreán-Meitheamh), agus an tréimhse oiliúna féin (Meán Fómhair-Eanáir). Tá barraí daite ann chun gach tréimhse a léiriú.

Ceisteanna coitianta

An bhfuil tuilleadh eolais uait? Caith súil ar na ‘Ceisteanna Coitianta’ chun teacht ar na freagraí ar na ceisteanna a thagann chun cinn arís agus arís eile.

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Iúil 2026