Creidiúnú do na meáin
Suaitheantas bliana 2026
Ach an suaitheantas seo a bheith agat, ní gá duit, feasta, creidiúnú a iarraidh do gach ócáid ar leithligh. Tugann sé rochtain duit freisin ar an gComhairle le linn laethanta oibre nuair nach mbíonn aon chruinnithe mullaigh ná imeachtaí ardleibhéil ar siúl.
Níl an suaitheantas bliana ar fáil ach amháin dóibh seo a leanas:
- náisiúnaigh den Aontas nó de CSTE atá ina gcónaí sa Bheilg
- náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Aontas iad a bhfuil cónaí orthu sa Bheilg le 5 bliana, ar a laghad.
Tá iarratais don bhliain féilire 2026 dúnta anois.
Athosclófar na clárúcháin le linn 2026.
Téigh i dteagmháil linn
Má tá cabhair uait i ndáil le creidiúnú, déan teagmháil leis an lárionad preasa:
Pointe Teagmhála
- An Lárionad Preasa
- +32 2 281 90 00
- [email protected]
Creidiúnú le haghaidh cruinnithe mullaigh agus ócáidí ardleibhéil
Ní mór d’ionadaithe ó na meáin ar mian leo tuairisciú i bpearsa a dhéanamh ar chruinnithe mullaigh agus imeachtaí ardleibhéil an Aontais clárú roimh ré.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Chun an scéala is déanaí a fháil maidir le creidiúnú, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:
Creidiúnú le haghaidh cruinnithe aireachta agus imeachtaí eile
Is féidir le gairmithe meán ar mian leo tuairisciú a dhéanamh ar chruinnithe aireachta agus aon chruinnithe eile (cé is moite de chruinnithe mullaigh agus imeachtaí ardleibhéil) leas a bhaint as trí rogha:
- suaitheantas aon lae amháin
- suaitheantas bliana
- suaitheantas idirinstitiúideach an Aontais
Creidiúnú aon lae
Is féidir an suaitheantas aon lae a fháil ag an deasc slándála ar an mbealach isteach chuig an lárionad preasa. Tabhair leat, le do thoil, na doiciméid seo a leanas:
- cárta aitheantais nó pas bailí
- cárta preasa náisiúnta bailí nó litir atá sínithe ag príomheagarthóir na heagraíochta meán a mbíonn tú ag obair di, lena ndeimhnítear do stádas mar iriseoir agus ina sonraítear an ócáid ar a mbeidh tú ag tuairisciú
Suaitheantas bliana
Is féidir an suaitheantas bliana le haghaidh chruinnithe mullaigh an Aontais a úsáid freisin chun rochtain a fháil ar an gComhairle ar ghnáthlaethanta oibre.
Suaitheantas idirinstitiúideach an Aontais
Tá scéim chomhpháirteach creidiúnaithe ag institiúidí an Aontais do chomhfhreagraithe atá lonnaithe sa Bhruiséil. Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn an scéim.
Tá rochtain ag sealbhóirí an tsuaitheantais idirinstitiúidigh ar áiseanna preasa na Comhairle, an Choimisiúin Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa.
Téarmaí agus coinníollacha
Ní mór do gach iriseoir creidiúnaithe cloí leis na rialacha ginearálta is infheidhme maidir leis an lárionad preasa agus le haon rialacha sonracha breise a leagfadh Ardrúnaíocht na Comhairle síos.
Ní cheadaítear dóibh, in imthosca ar bith, pictiúr ná íomhá ar bith den suaitheantas a fuarthas ná aon íomhá ina mbeadh an suaitheantas sin le feiceáil a fhoilsiú ar an idirlíon ná ar na meáin shóisialta. Ar an gcaoi chéanna, geallann siad nach bhfoilseoidh tríú páirtí aon phictiúr ná íomhá den suaitheantas sin ar an idirlíon ná ar na meáin shóisialta.
Forchoimeádann preasoifig Ardrúnaíocht na Comhairle an ceart chun creidiúnú aon iriseoirí a gcuireann a n-iompar isteach ar dhea‑fheidhmiú na meán nó ar ghníomhaíochtaí eile na n-institiúidí Eorpacha a chúlghairm.
Cé a thig é a fháil?
Níl creidiúnú do na meáin ar fáil ach amháin d’iriseoirí ó eagraíochtaí meán bona fide.
Déanann preasoifig na Comhairle athbhreithniú ar na hiarrataí de réir critéir a shainítear in éineacht leis an gComhlachas Idirnáisiúnta Preasa.
Tá iarrataí ar an suaitheantas bliana faoi réir fíorú slándála freisin. Dá bhrí sin, úsáidfidh Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh an t-eolas arna chur isteach agus seolfar é chuig ceann amháin nó níos mó de na hÚdaráis um Shlándáil Náisiúnta.
Ní mór d’iriseoirí atá ag cur isteach ar chreidiúnú do na meáin don Chomhairle Eorpach na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- ní mór dóibh a bheith fostaithe ag eagraíocht meán bona fide nó a bheith ag obair mar shaoririseoir a thuairiscíonn ar ghnóthaí an Aontais go rialta d’eagraíocht meán bona fide.
- ní mór gurb í an iriseoireacht an phríomhfhoinse ioncaim atá acu.
Cad is meáin bona fide ann?
Ionas go measfar gur eagraíocht meán bonafide í, ní mór do d’eagraíocht na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- a bheith neamhspleách ó thaobh na heagarthóireachta de agus a bheith ina heagraíocht tráchtála gan aon srianta dáilte
- a bheith oscailte faoin gcaoi a maoinítear í agus faoin té a mhaoiníonn í
- eolas a chur ar fáil faoi ghníomhaíochtaí na n-institiúidí Eorpacha
Ceanglais bhreise do na meáin ar líne: ní mór don suíomh gréasáin a bheith ina shuíomh gréasáin de chuid na meán gairmiúil ar líne, ní mór dó cloí leis na rialacha a leagtar síos d’eagraíochtaí meán (féach thuas), agus ní mór dó seoladh poist agus uimhir theileafóin atá sonrach infhíoraithe a bheith aige.
Ní mór don chuid is mó d’ábhar an tsuímh gréasáin an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tuairisciú a dhéanamh ar nuacht bhunaidh, nó tráchtaireacht nó anailís bhunaidh a dhéanamh
- tuairisciú a dhéanamh ar ghnóthaí an Aontais
- a bheith tugtha cothrom le dáta uair amháin sa tseachtain, ar a laghad
Cé nach bhfuil incháilithe?
- foilseacháin pháipéir nó foilseacháin ar líne ar foilseacháin cumarsáide for‑rochtana nó abhcóideachta de chuid eagraíochtaí neamhrialtasacha nó neamhbhrabúis iad.
- meithleacha machnaimh nó grúpaí sainleasa.
- diúltóidh an Chomhairle d’iarratais ó dhaoine nach iriseoirí iad, ó bhrústocairí agus ó chomhairleoirí, nó ó dhaoine aonair atá i mbun gníomhaíocht ghairmiúil thánaisteach a mheasann sí a bheith ar neamhréir le creidiúnú preasa.
Cad iad na critéir a úsáidtear chun d’iarratas a athbhreithniú?
Is í Ardrúnaíocht na Comhairle a dhéanann athbhreithniú ar gach iarraidh ar chreidiúnú. Chun na críche sin, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort faisnéis nó doiciméid bhreise a chur ar fáil (e.g. cruthúnas ar obair, conarthaí fostaíochta, cruthúnas ar ioncam, etc.). Féadfaidh an Ardrúnaíocht dul i gcomhairle leis an gComhlachas Preasa Idirnáisiúnta.
Má dhiúltaítear creidiúnú duit ar an bhforas nach meastar gur iriseoir ó eagraíocht meán bona fide thú, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin trí ríomhphost a sheoladh:
Ní mór fianaise mhionsonraithe ar chomhlíonadh na gcritéar thuasluaite a bheith san iarraidh sin. Scrúdóidh Preasoifig Ardrúnaíocht na Comhairle, in éineacht leis an gComhlachas Idirnáisiúnta Preasa, d’iarraidh ar athbhreithniú. Go dtí go ndéanfaidh tú achomharc, féadfaidh preasoifig Ardrúnaíocht na Comhairle a chinneadh creidiúnú sealadach a dheonú duit nó gan é a dheonú duit.
An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Meitheamh 2026