A mbíonn ar bun ag an gComhairle
Príomhchinnteoir de chuid an Aontais
Is príomhchinnteoir de chuid an Aontais í Comhairle an Aontais Eorpaigh (ar a dtugtar an Chomhairle go minic) i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Is institiúid í Comhairle an Aontais Eorpaigh ina dtagann airí rialtais na 27 mBallstát le chéile chun reachtaíocht an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh, chun beartais a chomhordú agus chun cinntí a dhéanamh.
Is í reachtóireacht an Aontais Eorpaigh príomhchúram Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Déanann an Chomhairle, i bhformhór na gcásanna i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, dlíthe an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh bunaithe ar thograí ón gCoimisiún Eorpach. Sin é an fáth a dtugtar ‘comhreachtóir’ de chuid an Aontais ar an gComhairle freisin.
Ról na Comhairle: cúig phríomhchúram
Reachtaíocht an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh
Tagann airí rialtais na 27 mBallstát le chéile sa Chomhairle chun reachtaíocht an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh ina dhiaidh sin. Is é seo an príomhchúram atá orthu sa Chomhairle – gníomhú mar chomhreachtóir de chuid an Aontais.
Sa Chomhairle, is é cúram na n-airí oibriú le chéile chun teacht ar réitigh ar fhadhbanna coiteanna ar leibhéal an Aontais. Baineann solúbthacht agus comhréiteach leis sin ós rud é go bhfuil réitigh choiteanna a rachaidh chun tairbhe don Aontas ina iomláine agus dá dtír féin de dhíth.
I gcás fhormhór na dtograí reachtacha ón Aontas, ní mór don dá chomhreachtóir de chuid an Aontais iad a ghlacadh go comhpháirteach: Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa. Fágann sin go mbíonn an Chomhairle páirteach i níos mó ná sruth caibidlíochta amháin i dtaca le togra:
- déanfaidh na hairí a marana air le chéile sa Chomhairle agus tiocfaidh siad ar chur chuige ginearálta (nó seasamh ón gComhairle)
- ansin, déanfaidh an Chomhairle caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún
Agus, an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú maidir leis an téacs críochnaitheach, glacfar an gníomh reachtach.
Buiséad an Aontais a ghlacadh
Glacann an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais i gcomhar le Parlaimint na hEorpa.
Clúdaíonn tréimhse an bhuiséid bliain féilire amháin. Glactar an buiséad de ghnáth i mí na Samhna/i mí na Nollag agus cuirtear chun feidhme é an 1 Eanáir an bhliain dár gcionn.
Is bunaithe ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (nó CAI) atá buiséad bliantúil an Aontais – buiséad fadtéarmach a shocraítear go ceann 7 mbliana de ghnáth.
Beartais na mBallstát a chomhordú
Sa Chomhairle, comhordaítear beartais na mBallstát i réimsí sonracha, mar shampla an beartas eacnamaíoch nó an beartas fostaíochta.
I réimsí eile, mar shampla, an t-oideachas, an cultúr, an óige agus an spórt, ar inniúlachtaí náisiúnta iad, glacfaidh an Chomhairle creataí beartais agus pleananna oibre de chuid an Aontais ina leagtar amach na tosaíochtaí don chomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún.
Comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a fhorbairt
Déanann an Chomhairle comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme ar bhonn treoirlínte a leagann an Chomhairle Eorpach síos. Áirítear leis sin cabhair forbartha agus dhaonnúil an Aontais, cosaint agus trádáil.
I gcomhar le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh gníomhaíocht sheachtrach an Aontais aontaithe, comhsheasmhach agus éifeachtach.
Comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích
Is í an Chomhairle a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta an Aontais a thabhairt i gcrích le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Is comhaontuithe trádála iad seo den chuid is mó.
Tabharfaidh an Chomhairle sainordú agus treoracha caibidlíochta don Choimisiún agus déanfaidh an Coimisiún idirbheartaíocht thar ceann an Aontais ina iomláine. Ag deireadh na hidirbheartaíochta sin, vótálann an Chomhairle an comhaontú a shíniú agus a thabhairt chun críche. Ceanglaítear toiliú Pharlaimint na hEorpa i gcás na gcomhaontuithe idirnáisiúnta uile, seachas i gcás an bheartais eachtraigh agus slándála.
Féach freisin
Ord agus eagar ar obair na Comhairle
Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais
Cruinnithe na Comhairle – a bhfuil i gceist
An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Feabhra 2026