Fógra cóipchirt
Rialacha ginearálta cóipchirt
Is maoin eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh é an t-ábhar go léir ar an suíomh gréasáin seo, arna ionadú ag an gComhairle, mura léirítear a mhalairt.
Údaraítear ábhar a atáirgeadh ón suíomh gréasáin seo, ar choinníoll:
- go dtugtar aitheantas don fhoinse
- nach bhfuil an bhunbhrí nó an teachtaireacht saofa
- go léirítear go soiléir aon athrú ar an ábhar
nach féidir Ardrúnaíocht na Comhairle a chur faoi dhliteanas i leith aon iarmhairtí a bhaineann le hathúsáid.
Conas faisnéis chóipchirt a chur in iúl
© An tAontas Eorpach, 2026.
Má thugtar le fios go bhfuil cead roimh ré ag teastáil chun faisnéis théacsúil agus/nó ilmheán (fuaim, íomhánna, bogearraí, etc.) a atáirgeadh nó a úsáid, déan teagmháil lenár bhfoireann cumarsáide digití.
Tagann an cead sin in ionad an cheada ghinearálta agus léirítear go soiléir leis aon srian ar úsáid.
Thairis sin, tá gá le húdarú roimh ré ó úinéirí cóipchirt chun doiciméid nó ábhar eile atá faoi réir chearta maoine intleachtúla tríú páirtithe a athúsáid.
Ábhar amhairc agus closamhairc
Mar riail ghinearálta, i gcás ábhair amhairc agus chlosamhairc a fhoilsítear ar an suíomh gréasáin seo, amhail craoltaí eagarthóireachta, craoltaí gréasáin, priontaí agus tuarascálacha ar líne nó tuarascálacha raidió, tá feidhm ag na rialacha ginearálta cóipchirt.
Tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le catagóirí áirithe d’ábhar closamhairc a fhoilsítear sa Seomra Nuachta. Féach ar an suíomh chun tuilleadh sonraí a fháil.
Áras Europa
Agus pictiúir agus/nó físeáin ina dtaispeántar íomhánna den taobh istigh agus/nó den taobh amuigh d’áras Europa agus a chomhdhéanamh dathanna á n-athúsáid, mura rud é, mar chúlra d’imeacht, gur cheart an cóipcheart seo a leanas a úsáid:
- Áras Europa: © Philippe Samyn and Partners, ailtirí agus innealtóirí – príomh-chomhpháirtí agus Comhpháirtí dearaidh, Studio Valle Progettazioni, ailtirí, Buro Happold, innealtóirí
- Comhdhéanamh na ndathanna: © le Georges Meurant, 2016
Lógó
Tá lógónna na Comhairle Eorpaí agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi chosaint cóipchirt.
Féadfaidh tríú páirtithe iad a úsáid, áfach, ar choinníoll go n-urramófar na téarmaí úsáide agus go líonfar isteach an fhoirm chun an lógó a iarraidh.
Teorainneacha a bhaineann leis an gClár Poiblí de Dhoiciméid Bharántúla Aitheantais agus Taistil ar Líne (PRADO)
Baineann cóipchearta sonracha leis an gcuid den suíomh gréasáin a chumhdaíonn PRADO, an Clár Poiblí de Dhoiciméid Bharántúla Aitheantais agus Taistil ar Líne.
In imthosca ar bith, ní fhéadfar na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- aon ábhar i roinn PRADO a dháileadh, a úsáid nó cóipeanna a dhéanamh díobh, nó iad a dhúbláil ar bhealach eile, mura rud é go bhfuil siad údaraithe go sainráite thíos nó údaraithe ag ARC
- an t-ábhar nó na seirbhísí atá i roinn PRADO nó atá inrochtana uaithi a dhíol, a thabhairt ar iasacht, a fháil ar cíos, a léasú, a athcheadúnú, a fhocheadúnú, a chur ar aghaidh, a dháileadh, a athdháileadh nó a chomhroinnt de réir ama, nó ‘fráma’ nó ‘scáthán’ a chur ar fáil ar aon fhreastalaí eile nó ar aon fheiste eile atá bunaithe ar an Idirlíon gan údarú sainráite i scríbhinn a fháil roimh ré ón Ardrúnaíocht; tugtar údarú leis seo naisc Idirlín chuig leathanaigh PRADO a chruthú; chun nasc mar sin a fhoilsiú, ní gá duit cead breise a fháil ó Ardrúnaíocht na Comhairle
- aon teideal, trádmharc, aon chóipcheart, aon fhógra maidir le cearta srianta, nó aon eochair eolais do chearta dílseánaigh, nó aon chomhaontú ceadúnaithe, atá i roinn PRADO, nó atá curtha ar fáil sa roinn sin, a bhaint, a athrú, a leasú nó cur isteach orthu ar aon bhealach eile
- aon ábhar le húsáid nach ábhar oifigiúil ná neamhthráchtála é a bhuaint, a bhailiú, a charnadh nó a chóimeáil
- faisnéis nó sonraí maidir le húsáideoirí eile, lena n-áirítear seoltaí r-phoist, a bhuaint, a bhailiú, a charnadh nó a chur i dtoll a chéile, gan toiliú
Mar sin féin, údaraítear di naisc ghréasáin a chruthú lena n-atreorófar chuig leathanaigh PRADO gan cead breise a fháil ón Ardrúnaíocht.
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Iúil 2026