Skip to content

Beartas inrochtaineachta

Féachann Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC) lena chinntiú, a oiread agus is féidir, go bhfuil a suíomh gréasáin soláimhsithe i gcomhréir le Treoir ón Aontas maidir le hinrochtaineacht gréasáin a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2016.

Cad a chiallaíonn sé sin?

Is éard is aidhm le hinrochtaineacht gréasáin gur furasta don phobal i gcoitinne téacsanna, íomhánna, foirmeacha agus nascleanúint gréasáin a aimsiú agus a thuiscint.

Ina theannta sin, féachann sé le deis chomhionann agus rochtain chomhionann ar fhaisnéis do dhaoine atá faoi mhíchumas a urramú, de réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

Rinneadh an suíomh gréasáin seo a optamú chun caighdeáin ‘cuibhreannas an ghréasáin dhomhanda’ (W3C) a chomhlíonadh. Baineadh sin amach trí Threoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) a chur ar bun, ag a raibh caighdeán teicniúil ‘2.0’ agus leibhéal ‘AA’ maidir leis na critéir chun bheith rathúil.

Bunaítear WCAG 2.0 ar cheithre phrionsabal: so-bhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe.

A bhuí leis na caighdeáin áirithe sin tá rochtain ag raon leathan úsáideoirí ar an suíomh gréasáin, daoine atá dall, bodhar nó ag a bhfuil deacrachtaí foghlama, cuir i gcás.

In ainneoin na n-iarrachtaí atá á ndéanamh againn inrochtaineacht iomlán gréasáin a bheith ann, féadfaidh nach mbeidh físeáin agus doiciméid ar leith i bhfoirm PDF de chuid de na leathanaigh optamaithe go fóill. Bímid ag obair i gcónaí chun go mbeidh an suíomh gréasáin seo oiriúnach ar gach uile bhealach.

Comhlíonadh

Ionas gur féidir critéir inrochtaineachta ghréasáin a chomhlíonadh a bhíonn ag athrú i gcónaí, cuirfimid na gnéithe seo a leanas san áireamh:

  • ‘alt clibeanna’ – cur síos ar íomhánna a chuidíonn le húsáideoirí a oibríonn le léitheoirí scáileáin a thuiscint cad atá i gceist leis na pictiúir sin
  • an chodarsnacht idir téacs agus cúlra – a athraítear chun go mbeidh an téacs inléite
  • nascleanúint – tá nascleanúint méarchláir amháin le fáil d’úsáideoirí ag a bhfuil deacracht luchóg a úsáid
  • nasc ‘téigh chuig an ábhar’ – rud a chumasaíonn don úsáideoir an príomhábhar a fháil caol díreach ach dul thart ar an gceanntásc
  • cosaint sheasta ar thurscar – a thugann cosaint d’úsáideoirí ar chlárú bréige gan cur isteach orthu agus iad ar an suíomh gréasáin.

Aiseolas

Bímid ag obair go gníomhach chun inrochtaineacht agus inúsáidteacht an tsuímh gréasáin atá againn a mhéadú agus ón taobh sin de is mór againn do chuid aiseolais.

Is féidir leat dul i dteagmháil lenár bhfoireann eispéiris úsáideoirí trí ríomhphost nó cláraigh chun páirt a ghlacadh inár bpainéal chun d’aiseolas a roinnt.

An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Eanáir 2026