Skip to content

Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais

Is comhreachtóir í Comhairle an Aontais Eorpaigh i bhformhór réimsí beartais an Aontais. I roinnt réimsí sonracha, is í an Chomhairle an príomhchinnteoir.

Príomhghníomhaí i gcinnteoireacht an Aontais

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh ar cheann de thrí phríomhinstitiúid an Aontais i gcinnteoireacht an Aontais.

Comhairle an Aontais Eorpaigh a dhéanann ionadaíocht ar rialtais na mBallstát

Ról: comhreachtóir

Parlaimint na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais

An Ról: comhreachtóir

An Coimisiún Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar leasanna foriomlána an Aontais

Ról: tionscnóir na reachtaíochta agus comhlacht feidhmiúcháin

I bhformhór na gcásanna, cinneann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i gcomhar le chéile, mar chomhreachtóirí, ar thograí ón gCoimisiún Eorpach. Chomh maith leis an ról reachtach comhroinnte sin, i gcásanna áirithe agus i gcás roinnt ábhar, is í an Chomhairle an príomhchinnteoir.

Fágann sé sin gur príomhghníomhaí í an Chomhairle maidir le beartais agus reachtaíocht a mhúnlú ar leibhéal an Aontais.

Dhá phríomhnós imeachta reachtacha

Tá dhá phríomhnós imeachta ann a úsáidtear chun dlíthe an Aontais a ghlacadh. An rud atá éagsúil ná ról na Comhairle agus na cásanna ina mbíonn feidhm ag gach nós imeachta.

An gnáthnós imeachta reachtach

Comhaontaíonn an Chomhairle dlíthe le Parlaimint na hEorpa. Baineann an nós imeachta sin le formhór na réimsí beartais, lena gcumhdaítear 95 % de dhlíthe an Aontais.

An nós imeachta reachtacha speisialta

Is í an Chomhairle a dhéanann an cinneadh, faoi réir comhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa nó faoi réir thoiliú Pharlaimint na hEorpa. Tá feidhm ag an nós imeachta sin i gcásanna speisialta, abair dlí na hiomaíochta.

An gnáthnós imeachta reachtach: nuair a thagann an Comhairle ar chinneadh i gcomhar le Parlaimint na hEorpa

Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, déanann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa reachtaíocht an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh go comhpháirteach. Is comhreachtóirí iad.

Glactar thart ar 95 % de dhlíthe an Aontais (i mbreis agus 80 réimse beartais) tríd an nós imeachta sin.

Cuireann an Coimisiún Eorpach togra reachtach faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa. Glacann an Chomhairle agus an Pharlaimint an reachtaíocht go comhpháirteach.

An nós imeachta reachtach speisialta: nuair is í an Chomhairle an príomhchinnteoir

I roinnt réimsí sonracha, is í an Chomhairle an príomhchinnteoir agus déanfaidh sí cinneadh de ghnáth ar bhonn togra ón gCoimisiún. Cé nach comhreachtóir í an Pharlaimint, ní mór, mar sin féin, dul i gcomhairle léi nó toiliú a fháil uaithi.

Roinnt samplaí de nós imeachta reachtach speisialta is ea díolúintí ón margadh aonair, dlí na hiomaíochta agus bearta chun an t-idirdhealú a chomhrac.

Tíolacann an Coimisiún Eorpach togra reachtach. Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh amháin a ghlacann an reachtaíocht. Ní mór dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa nó toiliú a fháil uaithi.

Cás speisialta: glacadh bhuiséid an Aontais

Glactar buiséad fadtéarmach agus buiséad bliantúil an Aontais araon i gcomhréir le nósanna imeachta sonracha.

Glacadh bhuiséad fadtéarmach an Aontais

Glactar buiséad fadtéarmach an Aontais, ar a dtugtar an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI), faoi nósanna imeachta reachtacha speisialta:

  • glacfaidh an Chomhairle rialachán CAI, lena leagtar síos na huasmhéideanna is féidir leis an Aontas a chaitheamh sna réimsí beartais éagsúla, tar éis di toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa
  • glacfaidh an Chomhairle an cinneadh maidir le hacmhainní dílse, ina sainítear conas a mhaoinítear buiséad an Aontais, tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa

Bíonn an Chomhairle Eorpach rannpháirteach freisin. I gcomhréir leis an ról atá aici faoi chonarthaí an Aontais, cuireann sí treoir pholaitiúil ar fáil maidir le príomhthosaíochtaí an bhuiséid fhadtéarmaigh sula dtugann Comhairle an Aontais Eorpaigh chun críche é.

Glacadh bhuiséad bliantúil an Aontais

Glactar buiséad bliantúil an Aontais i gcomhréir le nós imeachta sonrach. Molfaidh an Coimisiún Eorpach dréachtbhuiséad. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an togra sin a chíoradh agus déanfaidh siad cinneadh maidir leis an mbuiséad ar bhonn cothrom. Ní mór dóibh teacht ar chomhaontú maidir leis an téacs.

Mura féidir leo teacht ar chomhaontú, ní mór don Choimisiún dréachtbhuiséad nua a thíolacadh.

Imeachtaí eile

Ról na Comhairle i ngníomhartha cur chun feidhme agus i ngníomhartha tarmligthe

Nuair a ghlactar dlí de chuid an Aontais, d’fhéadfadh sé gur ghá é a fhorlíonadh chun forbairtí a léiriú, nó d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le rialacha breise chun a chinntiú go gcuirfear chun feidhme i gceart é. Chuige sin, is féidir leis an gComhairle agus leis an bParlaimint an Coimisiún a údarú chun gníomhartha cur chun feidhme nó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

I gcásanna sonracha, is í an Chomhairle, seachas an Coimisiún, atá freagrach as na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

Conclúidí agus rúin ón gComhairle

Ní dlíthe amháin a ghlacann an Chomhairle. Glacann sí doiciméid ar nós conclúidí agus rúin freisin, nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí.Seasamh polaitiúil a chur in iúl nó chun treoir a thabhairt maidir le saincheisteanna laistigh de réimsí beartais an Aontais atá i gceist leis na doiciméid seo.

Comhaontuithe idirnáisiúnta

Tá ról lárnach ag an gComhairle san idirbheartaíocht agus i dtabhairt chun críche na gcomhaontuithe idirnáisiúnta. Beidh sí rannpháirteach ag gach uile chéim den nós imeachta – ainmneoidh sí an t-idirbheartaí (an Coimisiún de ghnáth) ar a mbeidh sainordú don chaibidlíocht, glacfaidh sí cinneadh lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus an cinneadh críochnaitheach maidir le toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal aige.

Féach freisin

Foirgneamh de chuid na Comhairle, carn páipéir agus tromán páipéir.
A mbíonn ar bun ag an gComhairle

A mbíonn ar bun ag an gComhairle

Léaráid d’fhoirgneamh de chuid na Comhairle.
Ord agus eagar ar obair na Comhairle

Ord agus eagar ar obair na Comhairle

Cártaí á gcur i mbosca ballóide ar a bhfuil suaitheantas an Aontais Eorpaigh.
Cén dóigh a vótálann an Chomhairle?

Cén dóigh a vótálann an Chomhairle?

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Deireadh Fómhair 2026