Skip to content

Deiseanna oibre

Bí ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta agus dálaí oibre sa Chomhairle agus déan iarratas ar fholúntais reatha.

Bíonn tionchar ag obair na Comhairle ar bheartais a théann i bhfeidhm ar na milliúin ar fud an Aontais. Mar chuid dár bhfoireann éagsúil ilchultúrtha, is féidir leatsa do chuid scileanna a úsáid i réimsí éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht bheartais agus dhlíthiúil, cumarsáid agus airgeadas.

Bí linn i gcroílár cheapadh beartais an Aontais!

Léaráid de cheathrar ball foirne ina seasamh os comhair fhoirgneamh na Comhairle agus bratach an Aontais ar foluain.

Deiseanna fostaíochta sa Chomhairle

Bí ar an eolas faoi na deiseanna fostaíochta atá againne agus faoi na daoine atá á lorg againn.

Dóibh siúd ar éirigh leo i gcomórtais phoiblí uile-Aontais arna reáchtáil ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) nó ag iarrthóirí ó institiúidí eile de chuid an Aontais.

Do bhaill foirne ar conradh nó baill foirne shealadacha, chun tacú le tionscadail shonracha nó chun scileanna sonracha atá á lorg againne a thabhairt isteach ar feadh tréimhse áirithe ama (suas le 6 bliana).

Dóibh siúd a bhfuil céim ollscoile acu, taithí a fháil ar bheith ag obair sa Chomhairle.

Cén fáth a rachfá ag obair don Chomhairle?

Tá pacáiste fostaíochta tarraingteach ag gabháil le poist sa Chomhairle, lena n-áirítear árachas sláinte cuimsitheach agus sochair do do theaghlach. Cabhraímid leat cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach i gcroílár cathrach fíor-ilchultúrtha. Is cás linn dul chun cinn agus forbairt ghairmiúil ár bhfoirne go léir.

Tá raidhse leathan réimsí ann inar féidir leatsa a bheith ag obair, agus tá go leor deiseanna foghlama ann le linn do ghairmréime.

Grianghraf stílithe, le teorainneacha grafacha gorma agus buí, d’imeacht gairmiúil; tá duine amháin ag labhairt isteach i micreafón agus duine eile ag éisteacht.
Mar a thacaítear leatsa cur le do ghairmréim

Mar a thacaítear leatsa cur le do ghairmréim

Léaráid ildaite gheoiméadrach ina bhfuil sé íomhá stílithe d’fhoirgneamh na Comhairle agus iad leagtha amach i ngreille.
Mar a chinntítear timpeallacht oibre éagsúil chuimsitheach

Mar a chinntítear timpeallacht oibre éagsúil chuimsitheach

Laethanta Gairme: faigh amach faoin gComhairle mar ionad oibre

Gach bliain, eagraímid Laethanta Gairme chun an Chomhairle a chur chun cinn mar fhostóir tarraingteach agus chun an éagsúlacht deiseanna fostaíochta atá againne anseo a léiriú, idir phoist bhuana nó shealadacha agus thréimhsí oiliúna.

Is deis iad na Laethanta Gairmeacha chun tuairiscí a fháil uathu siúd atá ag obair in earnálacha agus i bhfoirne éagsúla.

Chomh maith leis sin, eagraímid seisiúin ghearra faisnéise ar ábhair shonracha, mar shampla conas iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna nó iarratas fostaíochta a ullmhú.

Beirt bhan suite ag bord comhdhála cuartha le micreafóin agus doiciméid os a gcomhair, le cúlra d’eilimintí geoiméadracha ildaite.

Conas d’iarratas a ullmhú

Chun tacú leat ag gach céim den phróiseas, tá noda curtha i dtoll a chéile againn a chabhróidh leat iarratas láidir a dhéanamh agus ullmhú le haghaidh d'agallaimh.

Féach ar ár dtreoir ghairid maidir le CV láidir a dhréachtú

Lean ár noda chun litir inspreagtha rathúil a scríobh

Léigh ár moltaí maidir le conas ullmhú