Skip to content

Méadú an Aontais

Ó thír is iarrthóir go Ballstát, féach mar a oibríonn an méadú agus féach cé na tíortha a bhfuil stádas mar iarrthóir acu i láthair na huaire.

Is é atá sa mhéadú an próiseas lena dtagann tíortha nua isteach san Aontas Eorpach. Cuireadh an próiseas sin i gcrích seacht n-uaire ó bunaíodh an tAontas, agus d’fhág sé cuma iomlán nua ar an Aontas féin agus ar na Ballstáit nua gach babhta.

Próiseas bunaithe ar fhiúntas é an próiseas aontachais. Ní mór do gach tír na coinníollacha céanna a chomhlíonadh agus na céimeanna céanna a chur i gcrích, más uathu a bheith ina mball den Aontas Eorpach.

Ceithre phíosa de phuzal, a chruthaíonn réalta de chuid an Aontais. Tá ceann de na píosaí scartha beagán ó na cinn eile.

An chaoi a n-oibríonn próiseas méadaithe an Aontais Eorpaigh

Chun stádas tír is iarrthóir a bhaint amach, ní mór do gach tír coinníollacha polaitiúla, eacnamaíocha agus riaracháin a chomhlíonadh.

Ní mór do gach tír céimeanna faoi leith a ghlacadh agus a bheith faoi réir le dlíthe an Aontais a chur chun feidhme le linn na caibidlíochta maidir le haontachas, más uathu a bheith ina mBallstát.

Is í an Chomhairle a dhéanann maoirseacht ar phróiseas an mhéadaithe agus ar an gcaibidlíocht maidir le haontachas, ar dual dóibh cloí leis an modh idir-rialtasach.

Na tíortha is iarrthóirí - cé hiad féin?

naoi dtír is iarrthóir ann i láthair na huaire. Tháinig liostú na dtíortha díreach tar éis na gconclúidí is déanaí ón gComhairle maidir le méadú.

Is iad na ceanglais chéanna a bhíonn le comhlíonadh ag gach uile thír ar bhóthar na ballraíochta, agus an próiseas céanna a bhíonn le leanúint:

  1. Iarratas ar bhallraíocht
  2. Stádas mar iarrthóir
  3. An chaibidlíocht maidir le haontachas
  4. Ballraíocht san Aontas Eorpach

I gcomhthráth le próiseas an mhéadaithe, oibríonn na tíortha céanna sin is iarrthóirí i gcomhar leis an Aontas ar bhealaí eile chun naisc pholaitiúla agus eacnamaíocha a neartú.

Stair an mhéadaithe

Is ina rabhartaí méadaithe i ndiaidh a chéile a múnlaíodh stair an Aontais Eorpaigh. Faigh amach cathain agus conas a d’fhás an tAontas ó 6 Bhallstát go 27 mBallstát, rud a neartaíonn an comhar agus a chuireann luachanna daonlathacha chun cinn ar fud na hEorpa.

Leagan téacs

Léarscáil ina léirítear Ballstáit reatha an Aontais agus iar-Bhallstát de chuid an Aontais, in éineacht leis an mbliain a tháinig siad isteach san Aontas.

Na blaisíní breise is déanaí

Drón, carn barr, carn ábhar nádúrtha, píopa gáis agus bairille ola.
An Úcráin: infheistíocht i dtodhchaí na hEorpa

An Úcráin: infheistíocht i dtodhchaí na hEorpa

Montainéagró

Montainéagró

Grúpa daoine ag léirsiú agus bratacha na Moldóive agus an Aontais Eorpaigh ina lámha acu.
An Mholdóiv

An Mholdóiv

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Iúil 2026