Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
A ndéanann an uachtaránacht
Tá uachtaránacht na Comhairle freagrach as obair na Comhairle i dtaca le reachtaíocht an Aontais a fhorbairt; cinntíonn sí leanúnachas chlár oibre an Aontais, próisis reachtacha ordúla agus comhar i measc na mBallstát.
Is ríthábhachtach an ról atá aici do chobhsaíocht an Aontais agus d’fheidhmiú a fheidhmeanna reachtacha.
Na cúig phríomhchúram
Ar phríomhchúraimí na huachtaránachta tá: cruinnithe a phleanáil, a chomhordú agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Comhairle, caibidlíocht a dhéanamh le hinstitiúidí eile an Aontais, cumarsáid a dhéanamh i dtaca lena cuid gníomhaíochtaí agus bróicéireacht mhacánta a dhéanamh chun teacht ar chomhaontuithe sa Chomhairle.
Cruinnithe a phleanáil, a chomhordú agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu
Déanann an uachtaránacht na cruinnithe a thionólann an Chomhairle (cé is moite den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha) agus formhór chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle a phleanáil agus a chomhordú, agus déanann sí cathaoirleacht orthu freisin.
An bróicéir macánta
Is bróicéir macánta sa phlé í an uachtaránacht, agus molann sí comhréitigh d’fhonn teacht ar chomhaontú sa Chomhairle.
Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Comhairle
Déanann an uachtaránacht ionadaíocht thar ceann na Comhairle agus í i mbun gnóthaíochta le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoimisiún Eorpach agus le hinstitiúidí eile an Aontais.
Caibidlíocht a dhéanamh le hinstitiúidí eile an Aontais
Déanann sí caibidlíocht thar ceann na Comhairle chun teacht ar chomhaontú le hinstitiúidí eile an Aontais i dtaca le comhaid reachtacha.
Cumarsáid a dhéanamh maidir lena cuid gníomhaíochtaí
Cuireann an uachtaránacht le heolas agus le feasacht an phobail faoi ghníomhaíochtaí na Comhairle, mar shampla trí sheisiúin faisnéise don phreas a ullmhú.
Is dual don uachtaránacht a bheith neodrach. Is bróicéir macánta ról na huachtaránachta. Ní ceadmhach don tír ag a bhfuil an uachtaránacht fabhar a bheith aici dá tosaíochtaí féin ná do thosaíochtaí Ballstáit ar leith.
Ós rud é go bhfuil 27 mBallstát ann agus go mbíonn an uachtaránacht ar a sheal féin ag gach Ballstát, beidh uachtaránacht na Comhairle ag Ballstát, bíodh sé mór nó beag, uair amháin gach 13.5 bliain.
Oibríonn an uachtaránacht i ndlúthchomhar le:
- Uachtarán na Comhairle Eorpaí
- Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tacaíonn an uachtaránacht leo ina gcuid oibre agus d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí uirthi ó am go ham dualgais áirithe a dhéanamh thar ceann an Ardionadaí, mar shampla ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Comhairle Gnóthaí Eachtracha i bParlaimint na hEorpa, nó cathaoirleacht a dhéanamh ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha nuair a phléann sí saincheisteanna an chomhbheartais tráchtála.
Cé aige a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoi láthair?
Is ag Éirinn atá uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi láthair agus is é seo an t-ochtú huachtaránacht aici. I bpáirt léi ar an bhfoireann trí Uachtaránacht an uair seo tá an Liotuáin agus an Ghréig. An 31 Nollaig 2026 a thiocfaidh deireadh le téarma oifige na hÉireann.
‘Ní neart go cur le chéile’ é mana uachtaránacht na hÉireann. Trí cholún a bheidh mar phríomhthéamaí ag uachtaránacht na hÉireann - an t-iomaíochas Eorpach, ár luachanna Eorpacha agus an tslándáil Eorpach.
Uachtaránacht rothlach
Bíonn uachtaránacht na Comhairle ar a sheal féin ag gach Ballstát ar feadh 6 mhí. Is le cinneadh ón gComhairle a shocraítear an t-ord ina mbíonn an uachtaránacht ag gach Ballstát.
I rith na 6 mhí sin, beidh an uachtaránacht ina cathaoirleach ar chruinnithe ar gach leibhéal sa Chomhairle, ag cabhrú le leanúnachas na hoibre reachtaí a chinntiú.
Cé aige a bheidh an chéad uachtaránacht eile?
Timpeall ar bhord cruinn tá íomhá de bhratach an Bhallstáit, ainm an Bhallstáit agus na blianta ó 2018 go dtí 2030 luaite. Tá bliain agus an fhoireann trí Uachtaránacht luaite le gach bratach:
An Eastóin: Iúil-Nollaig 2017 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an mBulgáir agus leis an Ostair)
An Bhulgáir: Eanáir-Meitheamh 2018 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Eastóin agus leis an Ostair)
An Ostair: Iúil-Nollaig 2018 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Eastóin agus leis an mBulgáir)
An Rómáin: Eanáir-Meitheamh 2019 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an bhFionlainn agus leis an gCróit)
An Fhionlainn: Iúil-Nollaig 2019 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Rómáin agus leis an gCróit)
An Chróit: Eanáir-Meitheamh 2020 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Rómáin agus leis an bhFionlainn)
An Ghearmáin: Iúil-Nollaig 2020 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an bPortaingéil agus leis an tSlóivéin)
An Phortaingéil: Eanáir-Meitheamh 2021 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an nGearmáin agus leis an tSlóivéin)
An tSlóivéin: Iúil-Nollaig 2021 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an bPortaingéil agus leis an nGearmáin)
An Fhrainc: Eanáir-Meitheamh 2022 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an tSeicia agus leis an tSualainn)
An tSeicia: Iúil-Nollaig 2022 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an bhFrainc agus leis an tSualainn)
An tSualainn: Eanáir-Meitheamh 2023 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an bhFrainc agus leis an tSeicia)
An Spáinn: Iúil-Nollaig 2023 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an mBeilg agus leis an Ungáir)
An Bheilg: Eanáir-Meitheamh 2024 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Spáinn agus leis an Ungáir)
An Ungáir: Iúil-Nollaig 2024 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Spáinn agus leis an mBeilg)
An Pholainn: Eanáir-Meitheamh 2025 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Danmhairg agus leis an gCipir)
An Danmhairg: Iúil-Nollaig 2025 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an bPolainn agus leis an gCipir)
An Chipir: Eanáir-Meitheamh 2026 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an bPolainn agus leis an Danmhairg)
Éire: Iúil-Nollaig 2026 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Liotuáin agus leis an nGréig)
An Liotuáin: Eanáir-Meitheamh 2027 (i bhfoireann trí Uachtaránacht le hÉirinn agus leis an nGréig)
An Ghréig: Iúil-Nollaig 2027 (i bhfoireann trí Uachtaránacht le hÉirinn agus leis an Liotuáin)
An Iodáil: Eanáir-Meitheamh 2028 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Laitvia agus le Lucsamburg)
An Laitvia: Iúil-Nollaig 2028 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Iodáil agus le Lucsamburg)
Lucsamburg: Eanáir-Meitheamh 2029 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Iodáil agus leis an Laitvia)
An Ísiltír: Iúil-Nollaig 2029 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an tSlóvaic agus le Málta)
An tSlóvaic: Eanáir-Meitheamh 2030 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Ísiltír agus le Málta)
Málta: Iúil-Nollaig 2030 (i bhfoireann trí Uachtaránacht leis an Ísiltír agus leis an tSlóvaic)
An fhoireann trí Uachtaránacht
Bíonn na grúpaí de thrí Bhallstát ag a bhfuil uachtaránachtaí comhleanúnacha ag obair i ndlúthchomhar.
Is le Conradh Liospóin in 2009 a tugadh isteach an córas trí Uachtaránacht. Leagann an fhoireann trí Uachtaránacht spriocanna fadtéarmacha amach agus ullmhaíonn sí clár oibre comhpháirteach lena gcinntear na hábhair agus na príomh-shaincheisteanna a dtabharfaidh an Chomhairle aghaidh orthu thar thréimhse 18 mí.
Ar bhonn an chláir trí Uachtaránacht sin, ullmhóidh gach ceann de na trí thír clár 6 mhí, ar clár níos mionsonraithe é.
Is iad an fhoireann trí Uachtaránacht reatha:
- Éire
- an Liotuáin
- an Ghréig
Féach freisin
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh – a bhfuil i gceist
Cruinnithe na Comhairle – a bhfuil i gceist
A mbíonn ar bun ag an gComhairle
An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Lúnasa 2026