Ardrúnaíocht na Comhairle
Is í Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) an fhoireann atá freagrach as cabhrú le dhá cheann d'institiúidí an Aontais Eorpaigh:
- an Chomhairle Eorpach
- Comhairle an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear a cuid uachtaránachtaí, Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) agus coistí agus meithleacha eile na Comhairle
Cuidíonn an Ardrúnaíocht le comhleanúnachas obair na Comhairle a eagrú agus a chinntiú agus leis an gclár 18 mí uaithi a chur chun feidhme. Cabhraíonn sí leis an gComhairle Eorpach agus lena hUachtarán agus tacaíonn sí le huachtaránacht na Comhairle freisin sa chaibidlíocht laistigh den Chomhairle agus le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Na Príomhchúraimí
Is iad seo príomhchúraimí na hArdrúnaíochta:
- cúnamh agus comhairle a thabhairt maidir le hobair na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí, lena n-áirítear cur chun feidhme chlár 18-mí na Comhairle
- tacú le huachtaránacht na Comhairle sa chaibidlíocht laistigh den Chomhairle agus le hinstitiúidí eile an Aontais
- tacaíocht lóistíochta a sholáthar agus eagraíocht phraiticiúil na gcruinnithe a láimhseáil (lena n-áirítear seomraí cruinnithe, táirgeadh agus aistriúchán na ndoiciméad)
- dréachtaí na gclár oibre, tuarascálacha, nótaí agus miontuairiscí na gcruinnithe ar gach leibhéal a ullmhú
Nuair is gá sin, láimhseálann an Ardrúnaíocht eagraíocht phraiticiúil na gcruinnithe ardleibhéil le ceannairí stáit agus rialtais nó le hambasadóirí ó thíortha lasmuigh den Aontas.
Ina theannta sin, tugann seirbhís dlí na Comhairle tuairimí don Chomhairle agus dá coistí, d'fhonn a chinntiú go mbeidh gníomhartha na Comhairle dleathach agus dea-dhréachtaithe. Déanann an t-Ardrúnaíocht ionadaíocht don Chomhairle os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta freisin.
Tá dualgais áirithe freisin ar an Ardrúnaíocht ar dualgais an-sonrach iad.
Tacaíocht a thabhairt do choistí agus meithleacha áirithe de chuid na Comhairle
Chomh maith le heagraíocht phraiticiúil na gcruinnithe a láimhseáil agus doiciméid ghaolmhara na gcruinnithe a ullmhú, bíonn an Ardrúnaíocht i gceannas freisin ar na coistí agus na meithleacha seo a leanas de chuid na Comhairle:
- An Coiste Slándála, agus a fholimistéir (Dearbhú Faisnéise, saineolaithe GNSS, an Bord um Chreidiúnú Slándála)
- An Mheitheal um Fhaisnéis
- An Mheitheal um R-Sheirbhísí Dlí
- Coiste Comhordúcháin na gCóras Cumarsáide agus Faisnéise
- An Mheitheal um Chódú Reachtaíochta
- Meitheal na Saineolaithe Dlí agus Teanga
Cuireann an Chomhairle seirbhís rúnaíochta ar fáil freisin don Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus um Nuálaíocht (CLET), don dá mheitheal atá aige agus dá bhord stiúrtha.
Ar cheann de na comhlachtaí ullmhúcháin ag an gComhairle, tá CLET, atá freagrach as tacú le dul chun cinn thionscnamh Aontas Nuálaíochta an Aontais a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air agus an Limistéar Eorpach Taighde a fhorbairt.
Tacaíonn dhá mheitheal ad hoc le CLET, dá ngairtear an Grúpa Ardleibhéil um Chlársceidealú Comhpháirteach (GPC) agus an Fóram Straitéiseach um Chomhar Idirnáisiúnta san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht;(FSCI).
Tá an Ardrúnaíocht freagrach as eagraíocht lóistíochta/riaracháin do chruinnithe CLET agus as conclúidí achoimre na gcruinnithe.
An Clár Poiblí de Dhoiciméid Bharántúla Aitheantais agus Taistil ar Líne (PRADO)
Is í an Ardrúnaíocht a bhíonn freagrach as PRADO a fhorbairt agus a óstáil, an láithreán gréasáin ilteangach ina dtugtar faisnéis ar ghnéithe slándála de dhoiciméid aitheantais agus taistil ó na Ballstáit, ón Íoslainn, ón Iorua agus ón Eilvéis.
Tá sé mar aidhm ag PRADO faisnéis bheacht a sholáthar d'earnálacha sonracha, mar atá:
- fostóirí
- seirbhísí poist
- bainc, údaráis chreidmheasa
- cuideachtaí slándála agus gardála
- gníomhaireachtaí um fhruiliú feithiclí
Cartlann
Tá an Ardrúnaíocht freagrach as cartlann na Comhairle a bhainistiú. Baineann formhór na gcomhad le cruinnithe éagsúla cumraíochta na Comhairle, le cruinnithe Coreper, cruinnithe coistí agus meithleacha eile, nó le reachtaíocht an Aontais a ullmhú
Tá cartlann lárnach ag an gComhairle a bhailíonn agus a phróiseálann na doiciméid a tháirg nó a fuair an Chomhairle agus a feidhmeanna á gcomhlíonadh aici, agus a chuireann rochtain ar fáil ar .
Comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle
Faigheann an Chomhairle tacaíocht ó bhreis agus 150 meitheal agus coiste, ar a dtugtar 'comhlachtaí ullmhúcháin'Doiciméid ghaolmhara agus foilseacháin ghaolmhara
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Iúil 2026