Fianáin
Cén úsáid a bhainimid as fianáin?
Le fianáin is féidir leis an suíomh gréasáin tú a aithint, chun feabhas a chur ar d’eispéireas agus an suíomh á úsáid agat - mar shampla, trí chuimhneamh ar do shainroghanna (cuir i gcás teanga) ionas nach gá duit iad sin a shocrú arís le linn do chuairte.
Sa Chomhairle, úsáidimid fianáin ar dhá phríomhchúis:
- slándáil ár suímh gréasáin a chinntiú
- tuarascálacha staitistiúla gan ainm a chur ar fáil maidir le lucht féachana an tsuímh gréasáin
- feidhmiúlachtaí inneachair agus feidhmíocht theicniúil an tsuímh gréasáin a bharrfheabhsú
Déantar an fhaisnéis uile a bhailítear trí fhianáin a anaithnidiú agus a stóráil ar feadh tréimhse theoranta ama.
Fianáin riachtanacha
Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Ní féidir iad a mhúchadh.
Fianáin chun do rogha teanga a rianú
| Ainm an fhianáin | Cuspóir |
| consilium.language | Cuidíonn siad sin linn an teanga a roghnaigh tú ar shuíomh gréasáin na Comhairle a rianú. Téann siad in éag tar éis bliain amháin de neamhghníomhaíocht leanúnach. |
Fianáin chun slándáil gréasáin a chinntiú
| Ainm an fhianáin | Cuspóir |
| cf_bm | Cuidíonn siad sin le Cloudflare trácht uathoibrithe a shainaithint agus a mhaolú chun suíomh gréasáin na Comhairle a chosaint ar dhroch-bhotaí. Téann siad in éag tar éis 30 nóiméad de neamhghníomhaíocht leanúnach. |
| cf_clearance | Cruthaíonn siad sin do Cloudflare gur duine fíoraithe thú. Téann siad in éag tar éis 30 nóiméad de neamhghníomhaíocht leanúnach. |
ASLBSA ASLBSACORS |
Cuidíonn siad sin le Microsoft Azure Front Door dea-fheidhmiú na seirbhísí fís-sruthaithe beo a chinntiú. Rachaidh siad in éag nuair a dhúnfar an brabhsálaí. |
Fianáin roghnacha
Baineann an Chomhairle úsáid as fianáin ó na huirlisí anailísíochta gréasáin Piano Analytics agus Hotjar chun staidreamh comhiomlánaithe anaithnid a bhailiú. Go sonrach, bailíonn na huirlisí sin sonraí faoi na nithe seo a leanas:
- méadracht: cuairteanna, amhairc leathanaigh, méid ama caite ar leathanach, cuairteoirí nua nó atá ag filleadh, seinm na bhfíseán
- faisnéis faoi chrua-earraí agus faoi bhogearraí: feistí, brabhsálaithe agus córais oibriúcháin
- suíomh: teoranta d’ilchríocha, do thíortha, do réigiúin agus do chathracha (ní úsáidtear geoshuíomh GPS)
- foinsí an tráchta ar shuíomh gréasáin na Comhairle: suíomhanna gréasáin seachtracha, innill chuardaigh, r-phost, na meáin shóisialta
- íoslódálacha: comhaid pdf a bhíonn i gceangal le preaseisiúintí agus le ríomhleabhair na Comhairle
- SCI (anaithnidithe)
Is le do thoiliú a shocraítear na fianáin a úsáideann an Chomhairle chun críoch anailísíochta, rud a chiallaíonn gur féidir leat diúltú dóibh nuair a thugann tú cuairt ar leathanach ar dtús.
Coimeádann an Chomhairle smacht iomlán ar na sonraí a bhailítear.
Fianáin chun úsáid an tsuímh gréasáin a thomhas
| Ainm an fhianáin | Cuspóir |
| hjSession | sainíonn sé seisiún agus cinntíonn sé go sanntar iarratais don seisiún céanna. Rachaidh siad in éag tar éis 30 nóiméad. |
| hjSessionUser | Is é Hotjar a shocraíonn iad sin nuair a thuirlingíonn úsáideoir ar leathanach den chéad uair, rud a chinntíonn go sanntar sonraí ó chuairteanna ina dhiaidh sin ag an úsáideoir céanna ar an suíomh céanna don aitheantas úsáideora céanna. Téann siad in éag tar éis 12 mhí. |
| pcid | Cuireann siad sin ar chumas Piano Analytics aitheantas a shannadh do chuairteoir. Téann siad in éag tar éis 13 mhí. |
| pctx | áirithíonn sé comhleanúnachas na faisnéise arna bailiú ag Piano Analytics. Téann siad in éag tar éis 13 mhí. |
| pprv | Cuireann siad sin ar chumas Piano Analytics toiliú úsáideoirí le húsáid fianán a chlárú. Téann siad in éag tar éis 13 mhí. |
Do chuid fianán a rialú
Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin na Comhairle den chéad uair, iarrtar ort fianáin roghnacha a ghlacadh nó a dhiúltú.
De réir réamhshocraithe, ní rianaíonn Piano Analytics agus fianáin Hotjar d’eispéireas brabhsála ar ár suíomh gréasáin. Mar sin féin, féadfaidh tú toiliú le d’eispéireas brabhsála ar ár suíomh gréasáin a úsáid inár staidreamh comhiomlánaithe.
Do stádas
Do stádas reatha: Glacaim leis na fianáin go léir Glacaim le fianáin riachtanacha amháin
Tríd an gcnaipe 'Glacaim leis na fianáin go léir' a bhrú, tuigim go bhfaighidh mé roinnt fianáin bhreise Piano Analytics agus Hotjar lena gceadaítear bailiú sonraí brabhsála úsáideoirí an tsuímh gréasáin seo.
Tríd an gcnaipe 'Glacaim leis na fianáin go léir' a bhrú, tuigim go bhfaighidh mé roinnt fianáin bhreise Piano Analytics agus Hotjar lena gceadaítear bailiú sonraí brabhsála úsáideoirí an tsuímh gréasáin seo.
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Márta 2026