Skip to content

An chaoi a n-oibríonn an Grúpa Euro

Is comhlacht neamhfhoirmiúil é an Grúpa Euro a bunaíodh in 1997 agus ina bpléann airí ó thíortha an limistéir euro ábhair a bhaineann le freagrachtaí coiteanna a dtíortha i ndáil leis an euro.

Is é príomhchúram an Ghrúpa dlúthchomhar i ndáil le beartais eacnamaíocha a chinntiú i measc Bhallstáit an limistéir euro. Is é is aidhm dó freisin dálaí a chur chun cinn le haghaidh fás eacnamaíoch níos láidre agus tá sé freagrach as Cruinnithe Mullaigh an Limistéir Euro a ullmhú agus as obair leantach a dhéanamh ina leith.

Is gnách go dtagann an grúpa Euro le chéile uair sa mhí, an lá roimh chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Ecofin). Tá Comhairle Ecofin comhdhéanta d’airí eacnamaíocha agus airgeadais na mBallstát uile agus í freagrach as beartas an Aontais i dtrí phríomhréimse: an beartas eacnamaíoch, cúrsaí cánachais agus rialáil na seirbhísí airgeadais.

Cad é an limistéar euro?

Is é príomhchúram an Ghrúpa Euro dlúthchomhar i ndáil le beartais eacnamaíocha a chinntiú i measc Bhallstáit an limistéir euro agus na dálaí a chothú le haghaidh fás láidir eacnamaíoch. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí beartais a chomhordú i measc thíortha an limistéir euro le go mbeidh cobhsaíocht sa limistéar euro ina iomláine.

Dá bhrí sin, déantar plé sa Ghrúpa Euro ar ábhair a bhaineann go sonrach leis an euro chomh maith le ceisteanna níos leithne ná sin a mbíonn tionchar acu ar bheartais fhioscacha, airgeadaíochta agus struchtúracha Bhallstáit an limistéir euro. Is é is aidhm don Ghrúpa na dúshláin choiteanna a aimsiú agus cur chuige coiteann a leagan síos ina leith.

freagracht air freisin as Cruinnithe Mullaigh faoin Euro a ullmhú mar aon leis an obair a leanann iad.

Leagadh ról an Ghrúpa Euro amach i bPrótacal Uimh. 14 a ghabhann le Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

Plé

Pléann an Grúpa Euro go rialta ábhair a bhaineann le staid eacnamaíoch agus beartais bhuiséadacha Bhallstáit an limistéir euro, agus an méid a leanas, chomh maith:

  • an staid mhaicreacnamaíoch sa limistéar euro
  • athchóirithe struchtúracha lena bhféadfaí cur leis an bhfás
  • ábhair a bhaineann leis an gcobhsaíocht airgeadais a choinneáil buan sa limistéar euro
  • na hullmhúcháin le haghaidh cruinnithe idirnáisiúnta
  • méadú an limistéir euro

Ina theannta sin, féadann an Grúpa Euro réamhphlé a dhéanamh i ndáil le cinntí ón gComhairle nach mbeadh feidhm acu ach amháin maidir le Ballstáit an limistéir euro. Nuair a ghlacann an Chomhairle cinntí dá samhail, ní bhíonn vóta sa Chomhairle ach ag na hairí sin ó Bhallstáit an limistéir euro.

Féadann an Grúpa Euro plé a dhéanamh ar théarmaí an chúnaimh airgeadais a thugtar do thíortha an limistéir euro i gcás ina bhfuil mórdheacrachtaí airgeadais acu.

Cruinnithe

Is gnách go dtagann an grúpa Euro le chéile uair sa mhí, an lá roimh chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Ecofin). Is féidir cruinnithe breise agus teileachomhdhálacha a reáchtáil freisin más gá sin. Is cruinnithe neamhfhoirmiúla iad agus bíonn an plé faoi rún.

Is iad seo leanas rannpháirtithe an Ghrúpa Euro:

  • airí sa limistéar euro atá freagrach as an airgeadas, Uachtarán an Ghrúpa Euro ina measc
  • ionadaithe ón gCoimisiún, go hiondúil an (na) coimisinéir(í) ar a bhfuil freagracht maidir le gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus an euro
  • ionadaithe ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE), go hiondúil Uachtarán BCE agus comhalta den Bhord Feidhmiúcháin
  • stiúrthóir bainistíochta an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh

Féadfar cruinnithe an Ghrúpa Euro a thionól freisin i bhformáid chuimsitheach, ina dtugtar airí eacnamaíocha agus airgeadais ó na Ballstáit uile le chéile.

Cuireann Uachtarán an Ghrúpa Euro torthaí an chruinnithe i láthair an phobail ag preasagallamh. Féadfaidh an Grúpa Euro ráitis phoiblí a eisiúint i scríbhinn freisin. Cuireann an tUachtarán Comhairle Ecofin ar an eolas freisin, agus is é a dhéanann ionadaíocht ar an nGrúpa Euro ag an gCruinniú Mullaigh Euro.

Cláir oibre agus cláir oibre na gcruinnithe

Glacann an Grúpa Euro a chlár oibre gach 6 mhí. Sainítear na príomhréimsí tosaíochta sa chlár oibre agus leagtar síos na réamhchláir do na cruinnithe den Ghrúpa Euro atá le teacht.

Ullmhaíonn Uachtarán an Ghrúpa Euro clár oibre do gach cruinniú den Ghrúpa Euro agus is é nó í a stiúrann an plé freisin.

Meitheal an Ghrúpa Euro

Is comhlacht ullmhúcháin í Meitheal an Ghrúpa Euro a thugann cúnamh, agus plé na n-airí á n-ullmhú acu, don Ghrúpa Euro agus dá Uachtarán araon.

Tá Meitheal an Ghrúpa Euro comhdhéanta d’ionadaithe ó Bhallstáit an limistéir euro atá ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, agus ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ón mBanc Ceannais Eorpach, agus tagann sé le chéile uair sa mhí, de ghnáth, in oirchill chruinnithe an Ghrúpa Euro.

Toghann comhaltaí Mheitheal an Ghrúpa Euro Uachtarán a bhíonn sa phost ar feadh 2 bhliain, agus is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin.

Is é Tuomas Saarenheimo atá ina uachtarán ar Mheitheal an Ghrúpa Euro faoi láthair, a ceapadh den chéad uair an 1 Aibreán 2020 agus a athcheapadh an 25 Feabhra 2022 le haghaidh téarma 2 bhliain eile.

Uachtarán an Ghrúpa Euro á thoghadh

Is iad comhaltaí an Ghrúpa Euro a roghnaíonn Uachtarán an Ghrúpa ar feadh téarma 2.5 bliain trí thromlach simplí na vótaí.

Ach a dtoghtar é, is é a ról cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe an Ghrúpa Euro, a gcláir oibre a leagan síos, an clár oibre fadtéarmach a tharraingt suas agus ionadaíocht a dhéanamh ar an nGrúpa Euro i bhfóraim idirnáisiúnta.

An 11 Nollaig 2025, toghadh Kyriakos Pierrakakis, Aire Geilleagair agus Airgeadais na Gréige, ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro, i gcomhréir le Prótacal 14 de chonarthaí an Aontais. Rachaidh an tUachtarán i mbun oifige an 12 Nollaig 2025 agus beidh téarma 2.5 bliain aige.

Toghadh Uachtarán an Ghrúpa Euro

Toghadh Uachtarán an Ghrúpa Euro

Bunús dlí

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE):

  • Airteagal 137 – rialacha a bhaineann go sonrach le tíortha sin an Aontais arb é an euro an t-airgeadra atá acu
  • Prótacal (Uimh. 14) maidir leis an nGrúpa Euro

An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Feabhra 2026