Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta na mBallstát le chéile chun dlíthe an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh.
Príomhphointí
- 13 Iúil 2026
Soiléiriú agus neartú ar chearta aerphaisinéirí
De bharr nuashonrú a rinneadh ar chearta aerphaisinéirí san Aontas, tugadh cosaint níos láidre do phaisinéirí agus tugadh rochtain dóibh ar bhearta cúitimh éagsúla. Rinneadh na cearta a bhí ann cheana a shoiléiriú agus tugadh cearta nua isteach.
Is ag Éirinn atá uachtaránacht na Comhairle faoi láthair
Is ag Éirinn atá uachtaránacht na Comhairle faoi láthair agus beidh an cúram sin uirthi go dtí an 31 Nollaig 2026. Is é seo an t-ochtú huachtaránacht aici. I bpáirt léi ar an bhfoireann trí Uachtaránacht an uair seo tá an Liotuáin agus an Ghréig. Is é an buanphrionsabal ‘ní neart go cur le chéile’ a bheidh mar threoir ag Uachtaránacht na hÉireann.
A mbíonn ar bun ag an gComhairle
Airí rialtais na 27 mBallstát atá i gComhairle an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘an Chomhairle’ go minic). Is í an reachtóireacht príomhchúram na Comhairle.
Tá sí freagrach freisin as buiséad an Aontais a ghlacadh, beartais a chomhordú, comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais agus comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a fhorbairt.
Is aon eintiteas dlíthiúil amháin í Comhairle an Aontais Eorpaigh. Ach go praiticiúil, tagann na hairí le chéile sa Chomhairle i ngrúpaí téamacha éagsúla, ar a dtugtar foirmíochtaí na Comhairle.
Réimsí oibre
-
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
-
An Chomhairle Comhshaoil
-
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Comhairle EPSCO)
-
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
-
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Comhairle ECOFIN)
-
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
-
An Chomhairle Iomaíochais
-
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
-
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Comhairle OOCS)
-
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An dóigh a oibríonn an Chomhairle
Glacfaidh na hairí rialtais náisiúnta reachtaíocht an Aontais ag cruinnithe de chuid na Comhairle. Sula vótálfaidh airí na mBallstát ar shaincheist, déanfaidh comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle í a scrúdú agus a phlé ar dtús. Maidir le formhór na reachtaíochta, cinnfidh an Chomhairle i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus is faoin ngnáthnós imeachta reachtach a dhéanfar é seo.
Is í uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá freagrach as obair na Comhairle a chur chun cinn agus bíonn uachtaránacht na Comhairle ar a seal féin ag gach Ballstát ar feadh tréimhse 6 mhí.
Pléitear gach mír sna comhlachtaí ullmhúcháin (na meithleacha agus Coreper) sula ndéanfaidh na hairí cinneadh ina leith.
Is comhreachtóirí iad an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i bhformhór réimsí beartais an Aontais. Glacfaidh an Chomhairle cinntí freisin chun seasaimh pholaitiúla a chur in iúl.
Baineann an Chomhairle úsáid as ceann de thrí chineál éagsúla córais vótála: an tromlach cáilithe, an tromlach simplí agus an aontoilíocht. An tromlach cáilithe a úsáidtear den chuid is mó.
Is í uachtaránacht na Comhairle a leagfaidh amach an clár oibre agus a chuirfidh obair na Comhairle chun cinn. Bíonn uachtaránacht na Comhairle ar a seal féin ag gach Ballstát.
Tionóltar breis agus 4 000 cruinniú ar an meán gach bliain ar leibhéil éagsúla na Comhairle. Cruinnithe aireachta thart ar 70 go 80 díobh. Is sa Bhruiséil, den chuid is mó, a thionóltar cruinnithe na Comhairle, seachas i mí an Aibreáin, mí an Mheithimh agus mí Dheireadh Fómhair nuair is i Lucsamburg a thionóltar iad.
Stair
Garspriocanna na Comhairle óna bunú.
-
1958
-
25 Eanáir Tháinig an Chomhairle ar an bhfód
Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle CEE agus ba faoi chathaoirleacht Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge a bhí sé.
-
1993
-
1 Samhain Conradh Maastricht
Le Conradh Maastricht, cruthaíodh réimsí nua beartais, mar shampla an comhbheartas eachtrach agus slándála agus an ceartas agus gnóthaí baile.
-
2009
-
1 Nollaig Conradh Liospóin
Cuirtear síneadh, faoi Chonradh Liospóin, leis an vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh na cinnteoireachta i dtionól na Comhairle.