Skip to content

An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun borradh a chur faoina iomaíochas

I ré seo na héagobhsaíochta atá ag dul i méid, tá an tAontas ag gníomhú go diongbháilte chun a iomaíochas a neartú, rud a chinnteoidh rathúnas agus slándáil dá shaoránaigh.

Cén fáth ar gá dúinn an t-iomaíochas a neartú?

Le 20 bliain anuas, tá táirgiúlacht na hEorpa ag titim ar gcúl ar mhórgheilleagair eile. Níl an scála is gá ag go leor cuideachtaí de chuid an Aontais i bpríomhearnálacha amhail earnáil na seirbhísí digiteacha, earnáil na teileachumarsáide, earnáil na margaí caipitil agus earnáil an fhuinnimh chun na leibhéil infheistíochta agus nuálaíochta is gá i margadh domhanda a bhaint amach.

In ainneoin go bhfuil sé ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach, tá an margadh aonair fós ilroinnte agus tá bacainní suntasacha roimhe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon. Tá sé ríthábhachtach deireadh a chur leis na bacainní ar shaorshreabhadh earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine chun tuilleadh fáis a chothú ar fud an Aontais agus chun borradh a chur faoin trádáil agus faoin infheistíocht.

I bhfianaise tírdhreach domhanda atá ag athrú agus staid gheopholaitiúil luaineach, tá géarghá le gníomhaíocht chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais a threisiú agus chun a uathriail straitéiseach agus a rathúnas a dhaingniú.

Cuirfidh geilleagar níos iomaíche ar chumas an Aontais a bheith níos ceannasaí agus níos ullmhaithe chun dul i ngleic le dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Gníomhaíocht an Aontais chun an t-iomaíochas a neartú

Ag eascairt as Dearbhú Bhúdaipeist i ndáil leis an gcomhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa ó cheannairí an Aontais i mí na Samhna 2024, d’fhorbair an Coimisiún compás iomaíochais chun a chuid oibre don tréimhse 2024-2029 a threorú ar bhonn trí cholún:

  • an bhearna nuálaíochta a dhúnadh
  • an dícharbónú agus an t-iomaíochas a nascadh
  • spleáchais iomarcacha a laghdú agus slándáil a mhéadú

Ullmhaíodh sraith straitéisí agus pleananna gníomhaíochta, agus tá cinn eile fós á bhforbairt ag an gCoimisiún i raon leathan réimsí, agus tá tograí reachtacha gaolmhara chun borradh a chur faoi fhás agus iomaíochas an Aontais á bplé faoi láthair ag an gComhairle agus ag an bParlaimint.

Léaráid chiorclach atá cosúil le compás, ina bhfuil go leor sraitheanna comhlárnacha. Tá greille agus línte laga graif airgeadais sa chúlra.
An compás iomaíochais

An compás iomaíochais

Príomhchuspóirí

Tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí

Rialacha a shimpliú, an t-ualach riaracháin a laghdú, cuidiú le gnólachtaí nuathionscanta atá ag méadú, rochtain ar chaipiteal fiontair a éascú.

An geilleagar a dhícharbónú

Cuidiú le tionscail aistriú chuig teicneolaíocht ghlan, samhlacha gnó ciorclacha nua a chur chun cinn, sprioc laghdaithe astaíochtaí 90 % a leagan síos do 2040.

Spleáchais a laghdú

Deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí breoslaí iontaise ón Rúis, slándáil an tsoláthair amhábhar criticiúil aguscógas criticiúil a threisiú, naisc trádála a éagsúlú.

Nuálaíocht a spreagadh

Infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt a mhéadú, bonneagair thaighde den chéad scoth a fhorbairt, soghluaisteacht tallainne a mhealladh, a fhás agus a éascú.

Borradh a chur faoin digiteáil

Bonneagair ríomhaireachta, sonraí, néalríomhaireachta agus líonra a fhorbairt, rochtain ar shár-ríomhairí a chinntiú, úsáid IS a spreagadh do thionscail agus don earnáil phoiblí.

Praghsanna fuinnimh a ísliú

Líonra agus bonneagar fuinnimh an Aontais a nuachóiriú, leictriú a mhéadú, dlús a chur le hinfheistíochtaí san fhuinneamh glan.

A bheith ar thús cadhnaíochta in earnálacha straitéiseacha

Tacú le forbairt thionscail an Aontais i réimsí amhail an intleacht shaorga, an spás, an bhith-theicneolaíocht, an ghéanómaíocht, an róbataic agus leathsheoltóirí.

Athléimneacht agus slándáil a mhéadú

Slabhraí soláthair a neartú, comhar níos fearr a chothú i réimse na cosanta, ullmhacht an Aontais do bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann a fheabhsú.

Infheistíocht a shlógadh

Buiséad fadtéarmach a cheapadh a bheidh oiriúnach do riachtanais an Aontais, coigilteas a dhíriú ar an ngeilleagar, acmhainneachtaí maoiniúcháin breise a chruthú do na bainc.

An bealach chun cinn: Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin

Ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta 2026, sheol ceannairí an Aontais clár oibre maidir le ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’, ina mbeidh treoir straitéiseach, bearta nithiúla agus spriocdhátaí uaillmhianacha do phríomhshraitheanna gníomhaíochtaí:

  • an margadh aonair a dhoimhniú agus a chomhtháthú
  • rialacha a shimpliú a thuilleadh agus na hualaí riaracháin a laghdú
  • fuinneamh inacmhainne a chinntiú agus an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach
  • athnuachan thionsclaíoch agus nuálaíocht na hEorpa a chothú agus na spleáchais a laghdú
  • infheistíocht a shlógadh
Grafaic stílithe ina dtaispeántar bolgán solais le giar taobh istigh de ar chlé agus foirgnimh oifige arda ar dheis, nasctha le líne ghorm atá ag dul in airde i dtreocht.
Borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais: an bealach chun cinn

Borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais: an bealach chun cinn

Féach freisin

Líne chóimeála uathoibrithe ghorm ar chúlra gealbhuí.
Beartas tionsclaíoch an Aontais

Beartas tionsclaíoch an Aontais

Is é a léirítear san íomhá ná beirt agus iad ag breathnú ar ghraf airgeadais ina bhfuil línte corracha agus barrachairteacha, chomh maith le carn boscaí cairtchláir, lena dtugtar trádáil agus gníomhaíocht eacnamaíoch le fios.
Margadh aonair an Aontais: buntáistí, fíricí agus figiúirí

Margadh aonair an Aontais: buntáistí, fíricí agus figiúirí

Íomhá de lámh agus painéal gréine, tuirbín gaoithe, duilleog raithneach agus grafaic chiorclach ghlas ar a bhfuil réaltaí an Aontais i mbos na láimhe, mar léiriú ar a thiomanta atá an tAontas i dtaca le fuinneamh in‑athnuaite agus inbhuanaithe.
Fuinneamh

Fuinneamh

An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Márta 2026