Tabhair cuairt ar an gComhairle
Is iomaí bealach chun cuairt a thabhairt ar an gComhairle:
- cuir eolas ar ionad na gcuairteoirí agus ar limistéir phoiblí na Comhairle i d’aonar
- iarr seisiún eolais saincheaptha le hoifigeach de chuid na Comhairle do ghrúpaí ina bhfuil 20 duine nó níos mó
- glac páirt i dturas treoraithe ar fhoirgnimh na Comhairle ar an Aoine
Tá na cuairteanna uile ar an gComhairle saor in aisce agus ní mór iad a chur in áirithe roimh ré.
Cuairteanna do ghrúpaí
Is féidir le grúpaí de 20 rannpháirtí ar a laghad cuairt a thabhairt ar an gComhairle agus seisiún roghnach eisiach faisnéise a iarraidh ó bhall foirne de chuid na Comhairle.
Féadfar cuairt a eagrú do ghrúpa mórán gach lá den tseachtain idir:
- 9am agus 11am
- 1.30pm agus 4pm
Ní eagraítear cuairteanna do ghrúpaí le linn mhí Lúnasa.
Ní mór do gach grúpa a chuairt a chur in áirithe ar líne. Ní mór an t-iarratas ar áirithint a dhéanamh 20 lá oibre ar a laghad roimh do chuairt. Nuair a gheofar an t-iarratas, rachaidh ball dár bhfoireann cuairteanna i dteagmháil leat chun do chuairt a dheimhniú.
Seisiúin faisnéise
Is féidir le grúpaí seisiún faisnéise eisiach a iarraidh ina roinnfidh saineolaí de chuid na Comhairle a chuid eolais, chomh maith lena thaithí ar an gcineál oibre a dhéanann sé sa Chomhairle, 'teach na mBallstát'.
Eolas faoi na seisiúin faisnéise:
- maireann siad idir 1 agus 2 uair an chloig (ag brath ar an gclár)
- tá siad ar fáil in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais
- tá siad oiriúnach do dhuine ar bith is sine ná 15 bliana d'aois
Sa seisiún faisnéise do ghrúpaí, beidh deis agat páirt a ghlacadh i gcomhrá idirghníomhach le duine dár saineolaithe agus cur lena bhfuil ar eolas agat faoin Aontas, faoi ról Chomhairle an Aontais agus faoin gComhairle Eorpach.
Conas cuairt do ghrúpa a chur in áirithe
Ba cheart do cheannaire an ghrúpa nó d’ionadaí de chuid na hinstitiúide oideachais nó de chuid na mac léinn an t-iarratas a dhéanamh. Cuireann ceannaire an ghrúpa faisnéis ar fáil faoin ngrúpa le linn an phróisis chlárúcháin agus is é an príomhphointe teagmhála don ghrúpa é.
Beidh sé de chead againn dhá ghrúpa chomhoiriúnacha a chur le chéile.
Tá an-tóir ar na cuairteanna do ghrúpaí agus ar na seisiúin faisnéise, agus dá réir sin is fiú go mór do chuairt a chur in áirithe i bhfad roimh ré.
Le gur fearr an seans go bhfaighidh tú an dáta agus an t-am is oiriúnaí duit, is fiú d’iarratas a chur isteach ar a laghad 3 mhí roimh ré. Is féidir leat féilire na ndátaí atá ar fáil a fheiceáil nuair a thosóidh tú ar do chuairt a chur in áirithe.
Is oth linn nach féidir a ráthú go mbeifear in ann d’iarratas a chomhlíonadh.
Daoine aonair nó grúpaí beaga
Is féidir le daoine aonair agus grúpaí beaga (is lú ná 20 duine):
- cuairt a thabhairt ar ionad cuairteoirí na Comhairle
- ceann dár dturais threoraithe sheachtainiúla ar fhoirgnimh na Comhairle a chur in áirithe
Ionad Cuairteoirí na Comhairle
Tabhair cuairt ar ionad cuairteoirí na Comhairle chun foghlaim faoi obair na Comhairle agus faoin Aontas Eorpach trí eispéireas tumthach ilmheán.
Tá cead isteach in ionad cuairteoirí na Comhairle saor in aisce.
Uaireanta oscailte
Luan go hAoine: 10.30am-4pm (10am-1pm i mí Lúnasa)
Bíonn ionad na gcuairteoirí dúnta ar na laethanta seo a leanas:
- laethanta saoire poiblí áirithe de chuid na Beilge
- nuair a bhíonn institiúidí an Aontais dúnta
- laethanta a mbíonn cruinnithe den Chomhairle Eorpach
- an 10-14 Lúnasa 2026 mar gheall ar oibreacha
Conas do chuairt a chur in áirithe
Má tá tú ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar ionad cuairteoirí na Comhairle, smaoinigh ar an méid seo a leanas, le do thoil:
- d’fhéadfadh sé go mairfeadh na cuairteanna uair an chloig
- tá an t-ábhar ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais
- Tá an t-eispéireas oiriúnach do dhuine ar bith is sine ná 15 bliana d'aois
- is gá gach cuairteoir a bheith cláraithe mar dhuine aonair
Ní áirítear turas treoraithe ar fhoirgnimh na Comhairle i gcuairt ar ionad na gcuairteoirí. Mar chuairteoir, beidh cead isteach agat ar limistéir phoiblí áitreabh na Comhairle, ina measc bunurlár an spáis ar chruth lóchrainn in áras Europa a bhfuil cáil air ó thaobh na hailtireachta de.
Ní mór duit é a chur in áirithe ar líne 7 lá oibre ar a laghad roimh ré chun cuairt a thabhairt ar ionad cuairteoirí na Comhairle.
Turais threoraithe sheachtainiúla
Gach maidin Dé hAoine ar a 8am is féidir leat turas treoraithe ar fhoirgneamh na Comhairle a dhéanamh, faoi stiúir ball foirne de chuid na Comhairle.
Ar thuras treoraithe, beidh deis agat oibriú inmheánach na Comhairle a fheiceáil, agus tuilleadh a fhoghlaim faoi ailtireacht Áras Justus Lipsius agus Áras Europa. Mar chuid den turas, tabharfar cuairt ar an spás in Áras Europa a bhfuil clú agus cáil air ó thaobh na hailtireachta de.
Tá an turas oiriúnach do gach duine is sine ná 15 bliana d'aois agus tá sé saor in aisce.
Maireann turais threoraithe thart ar uair an chloig agus cuirtear ar fáil iad as Fraincis agus as Béarla.
Cinntítear leis an tús luath sin gur féidir le cuairteoirí na codanna is tábhachtaí d'Áras Europa a fheiceáil, óir bíonn cosc ar chuairteoirí sna codanna sin i rith uaireanta eile an lae.
Ó tharla gur institiúid oibre atá sa Chomhairle, tharlódh go stopfaí an pobal ó dhul isteach i limistéir nó i bhfoirgnimh áirithe ar bheagán fógra.
Ní mór áit a chur in áirithe don turas. Ní mór duit d’iarratas ar áirithint a dhéanamh 7 lá oibre ar a laghad roimh ré. Tá na sliotáin faoi réir iad a bheith ar fáil.
Turais threoraithe i mí Lúnasa
Le linn mhí Lúnasa, bíonn turais threoraithe ar fáil trí huaire sa tseachtain:
- Dé Máirt ó 9am go 10am
- Déardaoin ó 2pm go 3pm
- Dé hAoine ó 9am go 10am
Áras Europa – croí na hEorpa
Ciorcail, éilipsí agus cearnóga; lóchrann laistigh de chiúb; an sean agus an nua... Tugtar an deilbh agus an fheidhm le chéile faoi aon díon amháin in áras Europa. Foirgneamh mór le rá ó thaobh na polaitíochta agus na hailtireachta é ó osclaíodh é in 2017.
Bí linn ar thuras iontach den sainchomhartha seo.
Eolas praiticiúil
Cá háit le teacht
Bíonn seisiúin eolais agus turais threoraithe ar siúl i bhfoirgnimh na Comhairle sa Bhruiséil.
Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé go dtógfadh sé roinnt ama rialuithe slándála a dhéanamh. Mar gheall air sin, tugtar am teachta chuig foirgneamh ábhartha na Comhairle do gach grúpa a thagann ar cuairt agus ní mór a bheith ann ag an am sin.
Is furasta rochtain a fháil ar fhoirgnimh na Comhairle tríd an gcóras iompair poiblí. Tá stáisiún traenach agus stáisiún metro in aice láimhe, mar aon le stadanna bus.
Ó mhí Feabhra 2025, tá athfhorbairt á déanamh de réir a chéile ar thimpeallán Schuman, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do rochtain ar fhoirgnimh na Comhairle.
Molaimid go láidir iompar poiblí a úsáid, toisc go bhfuil páirceáil an-teoranta anseo agus go bhfuil srian ar shoghluaisteacht gluaisteán sa cheantar Eorpach mar gheall ar an obair thógála atá ar siúl faoi láthair.
Cúrsaí slándála agus rochtana
Ní mór do gach ball den ghrúpa nó cuairteoir pas nó cárta aitheantais náisiúnta bailí a thabhairt leis chun teacht isteach i bhfoirgnimh na Comhairle. Le bunchóipeanna amháin a ghlactar, ní ghlactar le cóipeanna. Ní ghlacfar le haon chineál eile aitheantais phearsanta.
Ní mór do dhuine fásta amháin ar a laghad a bheith ann do gach deichniúr daltaí i ngrúpaí scoile.
Tá foirgnimh na Comhairle inrochtana dóibh siúd atá faoi mhíchumas luaineachta.
Cuairt a chur ar ceal
Beidh sé de chead againn cuairt sceidealta a chur ar ceal d'aon ghrúpa nach gcomhlíonann na riachtanais slándála ná rochtana.
D'fhéadfadh sé go mbeadh orainn cuairt a dearbhaíodh cheana a chur ar ceal nóiméad ar bith, i gcásanna eisceachtúla, mar gheall ar imeachtaí polaitiúla nó mar gheall ar chruinnithe den Chomhairle a shocrófaí gan choinne.
Tar éis do chuairte ar an gComhairle
Tabhair cuairt ar Thaispeántas Chomhairle an Aontais
Óstálann an Chomhairle taispeántas soghluaiste faoi ról na Comhairle agus na hUachtaránachta, taispeántas a thaistealaíonn chuig tíortha éagsúla an Aontais.
Is iomaí áit a raibh an taispeántas ar siúl ann: Strasbourg, Prág, Lucsamburg, Granada, an Bhruiséil, Búdaipeist agus Kraków.
Ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2026, bhí taispeántas soghluaiste ag cur fáilte roimh chuairteoirí i Niocóis na Cipire.
Tabhair cuairt ar ionadaíochtaí na mBallstát sa Bhruiséil
Ós rud é gurb í an Chomhairle ‘Teach na mBallstát’, bíonn dlúthchomhar idir muid féin agus buanionadaíochtaí na mBallstát. Molaimid duit do chuairt ar an gComhairle a cheangal le cuairt ar bhuanionadaíocht Bhallstáit.
Cuairt a thabhairt ar institiúidí eile an Aontais
Parlaimint na hEorpa
Tá Parlaimint na hEorpa lonnaithe sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg. Cuireann gach suíomh díobh sin réimse gníomhaíochtaí ar fáil do chuairteoirí, lena ndéantar freastal ar aoisghrúpaí agus réimsí spéise difriúla. Is féidir le cuairteoirí breathnú ar an gcaoi a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa, ar an gcaoi ar tháinig forbairt uirthi agus ar an ról atá aici. Féach suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa chun tuilleadh eolais a fháil.
An Coimisiún Eorpach
Fáiltíonn Ionad Cuairteoirí an Choimisiúin Eorpaigh roimh ghrúpaí cuairteoirí (nach lú ná 15 dhuine). Tugtar cur i láthair ar ról an Choimisiúin Eorpaigh mar fheidhmeannas polaitiúil an Aontais agus déantar an ról sin atá aige a phlé. Ba cheart cuairteanna a chur in áirithe 10 seachtaine, ar a laghad, roimh ré agus is féidir cuairteanna a chur in oiriúint do shainspéis agus d'aois an ghrúpa.
Coiste Eorpach na Réigiún
Tugann Coiste Eorpach na Réigiún cur i láthair tarraingteach do ghrúpaí cuairteoirí (grúpa nach lú ná 15 dhuine atá níos sine ná 14 bliana d'aois) ar an ról atá ag réigiúin agus cathracha na hEorpa i dtaca le reachtaíocht an Aontais a mhúnlú. Ba cheart cuairteanna a chur in áirithe 8 seachtaine, ar a laghad, roimh ré.
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Tabhair cuairt ar theach na sochaí sibhialta eagraithe le haghaidh caint idirghníomhach. Cuir eolas ar na trí ghrúpa ar grúpaí iad a dhéanann ionadaíocht d'fhostóirí (grúpa I), d'oibrithe (grúpa II) agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (grúpa III) agus cé mar a éilíonn siad a gcearta siúd san Aontas Eorpach.
An nós imeachta gearán
Déanaimid ár seacht ndícheall seirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil. Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach má mheasann tú nár mhaith go leor caighdeán na seirbhíse a fuair tú ó sheirbhís na Comhairle lena raibh tú i dteagmháil.
Sula bhféadfaidh an tOmbudsman gearán a ghlacadh uait, áfach, ba cheart duit do ghearán a chur in iúl don tseirbhís a phléigh le d'iarratas tosaigh. Déanfaimid dianiarracht an t-ábhar is cúis le do mhíshástacht a réiteach, a mhéid is féidir agus de réir mar is iomchuí.
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Iúil 2026