- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Ráiteas agus barúlacha
- 4 Meitheamh 2025 11:09
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
An 20 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/9361 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
Chuir an Chomhairle 17 duine aonair agus 58 n-eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí ar an méid sin, le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.
Seasann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, Lichtinstéin, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua agus an Úcráin leis an gCinneadh sin ón gComhairle.
Cinnteoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1IO L, 2025/936, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/936/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anitta Hipper Lead Spokesperson
- +32 2 29 85691
- +32 460 76 14 21
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Meitheamh 2025