An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí
Is ionstraim iad smachtbhannaí chun coinbhleacht a chosc nó chun freagairt ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn nó atá ann faoi láthair, agus chun síocháin, daonlathas, urraim don smacht reachta, cearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn.
An chaoi agus an tráth a nglacann an tAontas smachtbhannaí
Is uirlis riachtanach de Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CBES) iad bearta sriantacha nó ‘smachtbhannaí’. Cuireann siad ar chumas an Aontais freagairt ar dhúshláin agus ar fhorbairtí domhanda a théann i gcoinne a chuspóirí agus a luachanna.
Is d’aon toil a dhéanann Comhairle an Aontais Eorpaigh cinntí maidir le smachtbhannaí.
Tá smachtbhannaí an Aontais dírithe orthu siúd atá freagrach as na beartais nó na gníomhaíochtaí ar mian leis an Aontas tionchar a imirt orthu. Níl siad dírithe ar thír ná ar dhaonra.
Ní bhíonn na smachtbhannaí pionósach agus, ina ionad sin, féachtar leo le hathrú a dhéanamh ar bheartas nó iompar iad siúd ar a bhfuil siad dírithe, d’fhonn cuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a chur chun cinn.
Áirítear ar na cuspóirí sin:
luachanna, leasanna bunúsacha, agus slándáil an Aontais a chosaint
tacú leis an daonlathas, leis an smacht reachta, le cearta an duine agus leis an dlí idirnáisiúnta
an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú
D’fhéadfadh smachtbhannaí a bheith dírithe ar rialtais tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, ar eintitis neamhstáit, ar ghrúpaí agus ar dhaoine aonair, agus is reo sócmhainní agus toirmisc taistil atá i gceist leo. Is féidir leis an Aontas smachtbhannaí eacnamaíocha agus bearta taidhleoireachta a ghlacadh freisin.
Bíonn na bearta sriantacha uile a ghlacann an tAontas go hiomlán i gcomhréir le hoibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta, iad siúd a bhaineann le cabhair dhaonnúil, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha san áireamh.
Treoirlínte maidir le bearta sriantacha
In 2004, tháinig an Coiste Polaitiúil agus Slándála ar chomhaontú ar phrionsabail bhunúsacha maidir le:
- úsáid smachtbhannaí
- a gcur chun feidhme
- an bealach chun an tionchar a bhíonn acu a thomhas agus a rialú
Tugadh na dea-chleachtais chun bearta sriantacha a chur chun feidhme go héifeachtach cothrom le dáta go deireanach in 2022. Is in 2018 a tugadh cothrom le dáta an uair dheireanach na treoirlínte maidir le bearta sriantacha a chur chun feidhme agus a mheas.
Díolúine dhaonnúil
Tá smachtbhannaí an Aontais go hiomlán i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe rún 2664 (2022), lena bhforáiltear ‘díolmhú daonnúil’ - díolúine dhaonnúil bhuan - ó na bearta reoite sócmhainní a fhorchuirtear le córais smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe.
An 14 Feabhra 2023, chinn an Chomhairle an díolúine dhaonnúil a thabhairt isteach de bhun rún 2664 i gcórais smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe ar leibhéal an Aontais, agus an 31 Márta 2023 thug sí isteach an díolúine dhaonnúil i gcórais smachtbhannaí measctha na Náisiún Aontaithe/an Aontais Eorpaigh, mar a thugtar orthu, ina gcomhlánaíonn bearta an Aontais smachtbhannaí a fhorchuireann Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Idir 2023 agus 2024, thug an Chomhairle an díolúine dhaonnúil isteach freisin i gcórais beart sriantach áirithe, mar shampla na córais a bunaíodh i bhfianaise na staideanna sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, sa Bhurúin, sa Ghuine, sa Liobáin, i Maenmar, i Nicearagua, sa Túinéis, i Veiniséala agus sa tSiombáib, agus i ndáil le cibirionsaithe agus sceimhlitheoireacht.
Is léiriú iad na cinntí sin ar thiomantas diongbháilte an Aontais iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe na smachtbhannaí ar an ngníomhaíocht dhaonnúil a sheachaint, agus a thábhachtaí atá sé go gcloífí go hiomlán leis an dlí idirnáisiúnta.
- Gníomhaíocht dhaonnúil: eisceacht bhreise ar smachtbhannaí tugtha isteach ag an Aontas (preaseisiúint, an 19 Feabhra 2024)
- Gníomhaíocht dhaonnúil: eisceachtaí breise ó smachtbhannaí tugtha isteach ag an Aontas chun seachadadh cúnaimh a éascú (preaseisiúint, an 27 Samhain 2023)
- Gníomhaíocht dhaonnúil: díolúintí ó smachtbhannaí tugtha isteach ag an Aontas chun seachadadh cúnaimh a éascú (preaseisiúint, an 31 Márta 2023)
Is coir é sárú a dhéanamh ar smachtbhannaí
Ghlac an Chomhairle an 28 Samhain 2022 cinneadh maidir le sárú ar bhearta sriantacha a chur le liosta de choireanna an Aontais Eorpaigh a luaitear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ar an gcaoi sin, seachnófar leibhéil éagsúla forfheidhmithe smachtbhannaí sna Ballstáit agus an baol go rachfaí timpeall ar na bearta sin.
Anuas air sin, an 12 Aibreán 2024, ghlac an Chomhairle rialacha nua chun a chinntiú go ndéanfar an sárú ar bhearta sriantacha a choiriúlú.
A bhuí leis na rialacha nua sin, meastar gur cionta coiriúla iad gníomhaíochtaí áirithe i ngach Ballstát, mar shampla cuidiú le toirmeasc taistil a sheachaint, earraí faoi smachtbhannaí a thrádáil nó gníomhaíochtaí airgeadais toirmiscthe a dhéanamh. Beidh sé inphionóis mar choir freisin na cionta sin a ghríosú, a neartú nó cabhrú lena ndéanamh.
Ní mór do na Ballstáit a chinntiú go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach agus comhréireach a ghearradh i leith sárú smachtbhannaí an Aontais, pionóis a athraíonn ag brath ar an gcion. Mar sin féin, ní mór pianbhreith phríosúnachta a bheith mar thoradh ar smachtbhannaí a shárú d’aon ghnó.
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú polaitiúil chun sárú smachtbhannaí an Aontais a choiriúlú (preaseisiúint, an 12 Nollaig 2023)
- Smachtbhannaí: sárú ar bhearta sriantacha curtha le liosta coireanna an Aontais ag an gComhairle (preaseisiúint, an 28 Samhain 2022)
- Formheas deiridh tugtha ag an gComhairle chun cionta coiriúla agus pionóis a thabhairt isteach i leith smachtbhannaí an Aontais a shárú (preaseisiúint, an 12 Aibreán 2024)
Tuilleadh eolais
An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Aibreán 2024