- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Ráiteas agus barúlacha
- 4 Meitheamh 2025 11:15
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
An 20 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/963 ón gComhairle1.
Le Cinneadh (CBES) 2025/963 ón gComhairle cuireadh bearta eacnamaíocha spriocdhírithe leis na bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise. Cuirtear an méid seo san áireamh sna bearta sin: toirmeasc ar idirbhearta maidir le sócmhainní inláimhsithe a bhaineann le gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise, toirmeasc ar idirbhearta institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus eintitis a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní a éascaíonn go díreach nó go hindíreach gníomhaíochtaí nó atá chun leasa eintiteas nó comhlachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise, agus ceadúnais chraolacháin d’Aontas eagraíochtaí meán cumarsáide Rúiseacha atá faoi bhuanrialú cheannaireacht na Rúise a chur ar fionraí.
Seasann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an Úcráin leis an gCinneadh sin ón gComhairle.
Cinnteoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/963, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/963/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anitta Hipper Lead Spokesperson
- +32 2 29 85691
- +32 460 76 14 21
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Meitheamh 2025