An tromlach cáilithe
An modh vótála is mó a úsáidtear sa Chomhairle
Is é an tromlach cáilithe an córas vótála is mó a úsáidtear sa Chomhairle, agus glactar thart ar 80 % de reachtaíocht uile an Aontais tríd an gcóras sin.
Is amhlaidh atá toisc go mbíonn feidhm ag an tromlach cáilithe nuair a dhéanann an Chomhairle cinntí faoin ngnáthnós imeachta reachtach, arb é sin an príomhphróiseas cinnteoireachta chun dlíthe an Aontais a ghlacadh.
Nuair a bhainfidh an Chomhairle an tromlach cáilithe amach, glacfar gníomh reachtach de chuid an Aontais.
Cathain a bhaintear an tromlach cáilithe amach?
Ní mór dhá choinníoll a chomhlíonadh ag an am céanna chun an tromlach cáilithe a bhaint amach:
- vótálfaidh 55 %, ar a laghad, de na Ballstáit i bhfabhar an togra (15 as 27)
- arb ionann daonra na mBallstát sin agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra iomlán an Aontais
Riail an tromlaigh dhúbailte a thugtar freisin ar an nós imeachta seo.
An mionlach blocála
Ní mór ceithre Bhallstát, ar a laghad, a bheith i gceist. Dá uireasa sin, measfar an tromlach cáilithe a bheith bainte amach ann.
Mar shampla, má vótálann gach Ballstát seachas trí cinn i bhfabhar píosa reachtaíochta a ghlacadh, meastar go mbaintear amach an tromlach cáilithe fiú más lú daonra an 24 Bhallstát a vótálfaidh i bhfabhar ná 65 % de dhaonra iomlán an Aontais.
Is ionann sin agus a rá, nuair a vótálfaidh níos lú ná ceithre Bhallstát ina choinne, ní bhainfidh critéar an daonra le hábhar chun an tromlach cáilithe sin a chinneadh.
An staonadh
Is ionann staonadh faoi vótáil trí thromlach cáilithe agus vótáil ina choinne, rud a chuirfidh leis an mionlach (blocála).
Ní hionann staonadh agus gan a bheith rannpháirteach sa vótáil. Is féidir le comhalta ar bith staonadh tráth ar bith.
An tromlach cáilithe treisithe
Beidh feidhm ag an tromlach cáilithe treisithe nuair a vótálfaidh an Chomhairle ar thogra nach dtíolacann an Coimisiún Eorpach ná Ardionadaí an Aontais Eorpaigh.
Ní mór dhá choinníoll a chomhlíonadh ag an am céanna chun an tromlach cáilithe treisithe a bhaint amach:
- vótálfaidh 72 % de na Ballstáit, ar a laghad, i bhfabhar an togra (20 as 27, ar a laghad)
- arb ionann daonra na mBallstát sin agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais
Cásanna speisialta
Beidh rialacha sonracha vótála infheidhme i gcásanna nach nglacfaidh na Ballstáit uile páirt sa vótáil, mar shampla mar gheall ar rogha an diúltaithe i réimsí beartais áirithe (e.g. euro, Schengen). Braitheann na rialacha sin ar chineál an togra.
Más togra ón gCoimisiún nó ón Ardionadaí é, is trí thromlach cáilithe a dhéantar an cinneadh má vótálfaidh 55 % de na Ballstáit rannpháirteacha i bhfabhar an togra, arb ionann é agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra na mBallstát rannpháirteach. Sa chás sin, ní mór, ar a laghad, an t-íoslíon Ballstát, arbh mó iad ná 35 % de dhaonra an Aontais, chomh maith le Ballstát amháin eile, a bheith sa mhionlach blocála sin.
Mura togra ón gCoimisiún nó ón Ardionadaí é, is trí thromlach cáilithe treisithe a dhéantar an cinneadh má vótálfaidh 72 % de na Ballstáit rannpháirteacha i bhfabhar an togra, arb ionann é agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra na mBallstát rannpháirteach.
Áireamhán vótála
Cuidíonn an t-áireamhán vótála lena fháil amach an féidir leis an gComhairle ceann de na trí thairseach vótála is gá a bhaint amach chun gníomh reachtach a ghlacadh.
Lean na ceithre chéim shimplí seo chun an toradh ar an vótáil a sheiceáil:
- roghnaigh an riail vótála
- roghnaigh na Ballstáit atá rannpháirteach sa vótáil
- cuir isteach na vótaí
- fíoraigh an toradh
Féach freisin
Cén dóigh a vótálann an Chomhairle?
A bhfuil i gceist le cruinnithe na Comhairle
Ról na Comhairle i gcinnteoireacht an Aontais
An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Feabhra 2026