Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 48 Torthaí
Pacáiste 2022 maidir le haontas na margaí caipitil
Moltar sa phacáiste bearta chun seirbhísí imréitigh an Aontais a dhéanamh níos athléimní, rialacha maidir le dócmhainneacht chorparáideach a chomhchuibhiú agus ualaí riaracháin ar chuideachtaí a laghdú.

Ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí níos inbhuanaithe
Fágann rialacha éicidhearthóireachta an Aontais go bhfuil táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, níos tíosaí ar fhuinneamh, níos marthanaí agus níos ciorclaí.

Cosaint tomhaltóirí: cearta siopadóireachta
Is féidir le tomhaltóirí an Aontais tairbhe a bhaint as rialacha soiléire a chosnaíonn agus a chumhachtaíonn iad agus earraí nó seirbhísí á gceannach acu, bíodh sin ar líne nó i siopa.

An gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach
Ceapadh an gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach (IMERA), ar a dtugtaí an ionstraim éigeandála le haghaidh an mhargaidh aonair (SMEI) roimhe seo, chun a chinntiú go mbeidh an tAontas níos ullmhaithe do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus níos athléimní ina leith.

Míniú ar aontas na margaí caipitil
Tá an tAontas ag obair ar mhargadh aonair caipitil a chruthú chun feabhas a chur ar na deiseanna maoiniúcháin atá ann do ghnólachtaí agus chun deiseanna nua a chur ar fáil do choigilteoirí agus d’infheisteoirí, gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe.

Oiriúnach do 55: an t-aistriú ó ghás iontaise go gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin
Pacáiste an mhargaidh hidrigine agus gáis dhícharbónaithe, cad é féin? Conas a chuideoidh sé linn na spriocanna aeráide a bhaint amach?

Critéir lena mbunaítear liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach
Le go measfaí iad a bheith comhoibríoch chun críoch cánach, déantar scagadh ar na dlínsí thríú tíortha ar roinnt critéar, arna mbunú ag an gComhairle in 2016. Baineann na critéir sin le trédhearcacht chánach, le cánachas cothrom agus le bearta frith-BEPS.

Comóradh 30 bliain mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh
Bunaíodh an margadh aonair Eorpach an 1 Eanáir 1993 agus ráthaíonn sé saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus caipitil san Aontas.
