Skip to content

An Ghréig: an tríú clár coigeartaithe eacnamaíoch

Cúnamh airgeadais don Ghréig 2010-2018
Cúnamh airgeadais don Ghréig 2010-2018 (Grafaic faisnéise)

Cúnamh airgeadais don Ghréig 2010-2018 (Grafaic faisnéise)

Cuireadh tús leis an tríú clár coigeartaithe eacnamaíoch don Ghréig ar an 19 Lúnasa 2015 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 20 Lúnasa 2018.

cúnamh airgeadais ar fiú suas le €86 bhilliún é á chur ar fáil ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) faoin gclár.

Ar na coinníollacha chun cúnamh airgeadais a fháil, tá roinnt beart agus athchóirithe a gheall an Ghréig a chur chun feidhme d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha atá roimpi faoi láthair.

Is é aidhm fhoriomlán an chláir a áirithiú go bhfillfear ar fhás eacnamaíoch inbhuanaithe sa Ghréig.

Forléargas

Ar an 8 Iúil 2015, rinne an Ghréig iarratas oifigiúil ar thacaíocht cobhsaíochta i bhfoirm iasachta rialtais ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Chun friotháil ar a hoibleagáidí fiachais agus chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú a rinne sí an iarraidh.

Ar an 8 Iúil 2015, chuir Bord Gobharnóirí SCE de chúram ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar rioscaí maidir le cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro, inbhuanaitheacht fiachais na Gréige agus na riachtanais a d'fhéadfadh a bheith aici amach anseo ó thaobh maoiniúcháin. Is gá an mheastóireacht seo a dhéanamh sula bhféadfar tús a chur leis an gcaibidlíocht mar gheall ar chlár.

Tar éis na meastóireachta ón gCoimisiún Eorpach, a rinneadh i gcomhar le BCE agus a eisíodh ar an 10 Iúil 2015, d'aontaigh Bord Gobharnóirí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh go bhféadfaí tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le clár nua cúnaimh airgeadais don Ghréig.

Inbhuanaitheacht fiachais

Leis an anailís ar inbhuanaitheacht fiachais na Gréige, a rinne an Coimisiún Eorpach i gcomhar le BCE, measadh go bhféadfaí inbhuanaitheacht fiachais a bhaint amach trí chlár forleathan inchreidte athchóirithe agus trí bhearta breise i dtaca leis an bhfiachas, gan leas a bhaint as caolchorrlaigh ainmniúla.

I gcomhréir leis an ráiteas ón gCruinniú Mullaigh Euro ar an 12 Iúil, ar an 14 Lúnasa 2015, dheimhnigh an Grúpa Euro go bhfuil sé réidh le bearta breise a bhreithniú le háirithiú go bhfanfaidh ollriachtanais maoiniúcháin na Gréige ar leibhéal inbhuanaithe. Tharlódh go n-áireofaí sna bearta sin tréimhsí cairde agus aisíocaíochta níos faide; is ag brath ar chur chun feidhme iomlán na mbeart a comhaontaíodh sa chlár a bheidh siad.

Ag an gcruinniú a bhí aige ar an 24 Bealtaine 2016, chomhaontaigh an Grúpa Euro roinnt beart le hinbhuanaitheacht fhiachas poiblí na Gréige a áirithiú. Roinntear na bearta i mbearta gearrthéarmacha, bearta meántéarmacha agus bearta fadtéarmacha. Cuirfear cuid de na bearta sin chun feidhme roimh dheireadh an chláir, agus cuirfear na cinn eile chun feidhme nuair a thabharfar an clár chun críche. Cinnfear raon feidhme na gceann deiridh sin bunaithe ar anailís nuashonraithe maidir le hinbhuanaitheacht fiachais.

Ar an 5 Nollaig 2016, d'fhormhuinigh an Grúpa Euro sraith iomlán na mbeart gearrthéarmach maidir le faoiseamh fiachais don Ghréig. Beidh tionchar dearfach suntasach ag na bearta sin ar inbhuanaitheacht fhiachas poiblí na Gréige. Áirítear ina measc:

  • próifíl aisíocaíochta na Gréige a dhéanamh socair laistigh den mheánaibíocht ualaithe reatha d'iasachtaí suas le 32.5 bliain
  • riosca a bhaineann leis an ráta úis a laghdú trí úsáid a bhaint as straitéis mhaoinithe EFSF agus SCE, gan costais bhreise a thabhú do thíortha a bhí rannpháirteach sa chlár, tráth dá raibh
  • corrlach an ráta úis uaschéimnigh a tharscaoileadh don bhliain 2017, rud a bhaineann leis an tráinse um aischeannach fiacha de chuid dara clár na Gréige

Ghlac boird stiúrthóirí SCE agus EFSF na bearta go foirmiúil ar an 23 Eanáir 2017 agus réitigh siad an bealach lena gcur chun feidhme.

Gníomhaíochtaí a chaithfear a dhéanamh roimh ré

Tar éis an mheasúnaithe a rinneadh ar rioscaí, ar riachtanais maoiniúcháin agus ar inbhuanaitheacht fiachais, tháinig ceannairí thíortha an limistéir euro ar chomhaontú leis an nGréig, ar an 13 Iúil 2015, maidir le tacar gníomhaíochtaí a chaithfear a chur chun feidhme sula gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht maidir leis na coinníollacha a leagtar amach sa mheabhrán tuisceana.

Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin a comhaontaíodh roimh ré:

  • bearta maidir le hathchóiriú CBL agus pinsean
  • an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc a thrasuí (rialacha an aontais baincéireachta)
  • neamhspleáchas an údaráis staidrimh Heilléanaigh (ELSTAT) a choimirciú
  • Cód an Nós Imeachta Shibhialta a ghlacadh

Chuir an Ghréig na gníomhaíochtaí sin a comhaontaíodh roimh ré chun feidhme faoin 14 Lúnasa 2015.

Chomhaontaigh an Grúpa Euro tús a chur le caibidlíocht ar an gclár nua ar an 16 Iúil 2015, agus chinn bord gobharnóirí SCE i bprionsabal tacaíocht chobhsaíochta a thabhairt don Ghréig ar an 17 Iúil 2015.

Meabhrán tuisceana

Ar an 19 Lúnasa 2015, d'fhormheas bord gobharnóirí SCE an meabhrán tuisceana ina sonraítear na beartais athchóirithe a chaithfidh an Ghréig a chomhlíonadh, tar éis do Bhallstáit an tSásra Chobhsaíochta Eorpaigh é a fhormhuiniú i gcomhréir lena nósanna imeachta náisiúnta.

An lá céanna, d'fhormheas an bord gobharnóirí an comhaontú iasachta freisin (an 'máistir-chomhaontú maidir le saoráid cúnaimh airgeadais').

I mí an Mheithimh 2016, le linn an chéad athbhreithniú ar an gclár, síníodh meabhrán tuisceana forlíontach. Leis sin, tugadh an choinníollacht cothrom le dáta go dtí an tríú ráithe de 2017 trí na táirgí insoláthartha a shonrú sna réimsí den bhunmheabhrán tuisceana.

Clár na Gréige: na príomhphointí

Is féidir ceithre chatagóir phríomhúla a dhéanamh de na hathchóirithe a comhaontaíodh sa mheabhrán tuisceana:

  • inbhuanaitheacht fhioscach a athbhunú
  • cobhsaíocht airgeadais a choimirciú
  • athchóirithe a chur chun feidhme a chuideoidh le fás agus poist
  • earnáil an rialtais a nuachóiriú

I measc na gcoinníollacha eile a comhaontaíodh, gheall an Ghréig go mbainfeadh sí leas iomlán as an gcúnamh teicniúil a bhí ar fáil ón Aontas chun na hathchóirithe sin a leagan amach. Tá an cúnamh teicniúil sin á chomhordú ag an tSeirbhís nua Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach (SRSS), ar seirbhís de chuid an Choimisiúin Eorpaigh í.

Inbhuanaitheacht fhioscach a athbhunú

Cad tá i gceist le barrachas príomhúil?

Meastar go mbíonn barrachas príomhúil bainte amach ag rialtas nuair a bhíonn a ioncam reatha níos airde ná an caiteachas reatha (seachas i gcás ús ar fhiacha). Má bhíonn barrachais phríomhúla ann sa mheántéarma, is féidir an fiachas poiblí a laghdú agus inbhuanaitheacht fhioscach a athbhunú, rud atá ríthábhachtach chun an fás inbhuanaithe a athshlánú.

Meastar go bhféachfaidh an Ghréig le barrachas príomhúil3.5% dá OTI a bhaint amach sa mheántéarma. Leis na nithe seo a leanas, den chuid is mó, a bhainfear amach an méid sin:

  • athchóirithe fioscacha, lena n-áirítear trí athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras CBL agus ar an gcóras pinsean, agus tacófar leis an méid sin le clár uaillmhianach lena dtreiseofar le comhlíonadh cánach agus le bainistiú an airgeadais phoiblí
  • dul i ngleic le himghabháil cánach, fad a fhéachfar leis go ndéanfar grúpaí leochaileacha a chosaint

Is mar seo a leanas a dhéanfar an coigeartú fioscach chun barrachas príomhúil a bhaint amach:

  • -0.25 % in 2015
  • 0.5 % in 2016
  • 1.75 % in 2017
  • 3.5 % in 2018

Cobhsaíocht airgeadais a choimirciú

Meastar go nglacfaidh an Ghréig bearta d'fhonn bonn fónta a chur faoi earnáil airgeadais na tíre.

Áirítear an méid a leanas ar na coinníollacha a comhaontaíodh sa mheabhrán tuisceana:

  • aghaidh a thabhairt ar iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna) in earnáil na baincéireachta
  • na bainc a athchaipitliú
  • treisiú le rialú an Chiste Heilléanaigh um Chobhsaíocht Airgeadais (HFSF) agus le rialú na mbanc

Athchaipitliú na mbanc

Rinne BCE measúnú cuimsitheach ar bhainc na Gréige agus athbhreithniú cuimsitheach ar cháilíocht a gcuid sócmhainní i bhfómhar na bliana 2015. Tar éis an mheasúnaithe, rinneadh athchaipitliú ar na bainc sin faoi mar a comhaontaíodh sa ráiteas ón nGrúpa Euro ar an 14 Lúnasa 2015.

Chun na críche sin, d'íoc an Sásra Cobhsaíochta Eorpach €5.4 billiún amach leis an gCiste Heilléanach um Chobhsaíocht Airgeadais chun an caipiteal príobháideach a bhailigh na bainc a chomhlánú, tar éis na gcinntí a d'éiligh an Coimisiún Eorpach maidir le státchabhair.

Fás, iomaíochas agus infheistíocht

Tá an Ghréig ceaptha raon leathan athchóirithe a leagan amach agus a chur chun feidhme, ar athchóirithe iad a chuirfeadh leis an bhfás, leis an iomaíochas agus leis an infheistíocht. Tá sé beartaithe na hathchóirithe a chur i bhfeidhm i margaí an tsaothair agus i margaí na dtáirgí go háirithe, lena n-áirítear an margadh fuinnimh. Ba cheart go n-áiritheodh na leasuithe cloí iomlán le riachtanais an Aontais agus é mar aidhm na cleachtais Eorpacha is fearr a chomhchruinniú.

Leis na hathchóirithe i margadh an tsaothair, táthar ag súil go ndéanfar athbhreithniú ar chreataí na cómhargála agus ar chreataí lena socraítear pá, ar ghníomhaíocht thionsclaíoch, agus ar an dífhostú comhchoiteann. Ba cheart an tsaincheist maidir leis an obair neamhdhearbhaithe a bheith ina príomhábhar tosaíochta freisin.

Clár maidir le príobháidiú

Táthar ag súil freisin go gcuirfidh an Ghréig clár maidir le príobháidiú chun feidhme mar aon le beartais a thacaíonn leis an infheistíocht. Gheall údaráis na Gréige go nglacfaidís reachtaíocht chun an príobháidiú trédhearcach a áirithiú.

Ina theannta sin, ar chuid de choinníollacha an chláir, tá ceangal maidir le ciste neamhspleách a bhunú, a ndéanfaidh údaráis na Gréige é a bhainistiú faoi mhaoirseacht institiúidí ábhartha an Aontais. Beidh sé de chúram ar an gciste sócmhainní stáit na Gréige, a ndearnadh meastóireacht neamhspleách orthu, a phríobháidiú.

I gcomhréir leis an ráiteas ón gCruinniú Mullaigh Euro dar dáta an 12 Iúil 2015, bainfear leas as na cistí a shaothrófar ón gclár maidir le príobháidiú, mar a mheastar, chun an méid a leanas a dhéanamh:

  • athchaipitliú na mbanc agus sócmhainní eile a aisíoc
  • cóimheas fiachais-OTI na Gréige a laghdú
  • infheistíochtaí

Nuachóiriú a dhéanamh ar an riarachán stáit agus ar an riarachán poiblí

Tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí an chláir nuachóiriú a dhéanamh ar an riarachán stáit agus ar an riarachán poiblí. Sprioc thar a bheith tábhachtach atá ann méadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na hearnála poiblí i gcur ar fáil earraí agus seirbhísí poiblí riachtanacha.

Áirítear leis an gclár bearta chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh agus treisiú leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta. Ceanglaítear leis freisin feabhas a chur ar neamhspleáchas institiúideach agus oibriúcháin na n-institiúidí náisiúnta amhail riarachán ioncaim agus an t-údarás staidrimh (ELSTAT).

Cúnamh airgeadais faoin gClár

Táthar réidh le cúnamh airgeadais suas le €86 bhilliún a chur ar fáil tríd an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Bailíonn SCE an maoiniú trí na margaí airgeadais agus cuireann sé iasachtaí ar fáil do rialtas na Gréige ansin.

Le clár nua don Ghréig faoin gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, laghdófaí an méid a bheadh ag teastáil ó SCE.

Ina theannta sin, d'fhéadfaí an méid cúnaimh airgeadais atá de dhíth ar an nGréig a laghdú dá mbeadh teacht aici an athuair ar iasachtaí ó na margaí airgeadais agus an clár á chur chun feidhme aici. Ina theannta sin, beidh tionchar ar an tsuim sin freisin ag cé mar a éiríonn leis na bearta athchóirithe a dhéanfaidh an Ghréig, lena n-áirítear príobháidiú sócmhainní an Stáit.

Tacaíocht ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM)

Le linn na gcaibidlíochta faoin gclár nua, chuir EFSM iasacht idirlinne €7 mbilliún ar fáil don Ghréig.

Íocadh ar ais an iasacht nuair a cuireadh tús le clár SCE, agus cuireadh san áireamh í san €86 bhilliún a cuireadh go leataobh do chlár SCE.

An cúnamh airgeadais a íoc

Cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil don Ghréig i dtráinsí ar leith agus iad foroinnte ina bhfothráinsí agus ina dtráthchodanna.

Eiseofar gach tráthchuid má chuirtear chun feidhme go rathúil na coinníollacha a comhaontaíodh.

Is ionann an chéad tráinse faoi chlár SCE agus €26 bhilliún; ar an 19 Lúnasa 2015, tráth ar fhormheas Bord Gobharnóirí SCE é, a eisíodh é; €24.1 billiún ar fad a tugadh don Ghréig.

Ar an 24 Bealtaine 2016, thacaigh an Grúpa Euro le comhaontú ar leibhéal na foirne maidir leis an gcéad athbhreithniú ar an gclár, lenar réitíodh an bealach chun go bhféadfaí an dara tráinse (€10.3 billiún) den chúnamh airgeadais a eisíoc i dtráthchodanna áirithe, tar éis don Sásra agus do Bhallstáit an limistéir euro na nósanna imeachta ábhartha maidir le formhuiniú a chur i bhfeidhm.

Ar an 9 Meitheamh 2016, d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach tuarascáil ar chomhlíonadh an mheabhráin tuisceana i gcomhthéacs an chéad athbhreithniú ar an gclár. Leis an tuarascáil ar chomhlíonadh, agus anailís nuashonraithe ar inbhuanaitheacht fiachais san áireamh inti freisin, tugadh meastóireacht dhearfach fhoriomlán ar chur chun feidhme an chláir agus eisíodh an chéad tuairim go mbeadh an chéad saoradh eile de chúnamh airgeadais indéanta chun riachtanais seirbhísithe fiachais a chumhdach agus an riaráiste a imréiteach.

Ar an 15 Meitheamh 2017, chuir an Grúpa Euro agus na hinstitiúidí bailchríoch ar an bplé i dtaca leis an dara hathbhreithniú ar an gclár, lena réitítear an bealach chun an tríú tráinse cúnaimh a íoc amach, dar luach €8.5 billiún.

Tranche

Amount

Availability

An chéad tráinse

EUR 26 bhilliún

Eisíodh é nuair a d'fhormheas Bord Gobharnóirí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh an cúnamh airgeadais ar an 19 Lúnasa 2015.

An chéad tráinse

EUR 26 bhilliún 

An chéad fhothráinse EUR 10 mbilliún Curtha ar leataobh d'athchaipitliú na mbanc agus do réiteach na mbanc. Bhí sé ar fáil ón 23 Samhain 2015. I mí na Nollag 2015, rinneadh EUR 5.4 billiún a eisiúint as cuntas leithscartha SCE don Chiste Heilléanach um Chobhsaíocht Airgeadais (HFSF), tar éis don Choimisiún Eorpach cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le státchabhair. Níor úsáideadh fós a bhfuil fágtha.

An dara fothráinse

EUR 16 bhilliún

Á íoc amach i dtráthchodanna éagsúla.

An dara fothráinse,
an chéad tráthchuid

EUR 13 bhilliún

Eisíodh é ar an 20 Lúnasa 2015.

An dara fothráinse,
an dara tráthchuid

EUR 2 bhilliún

Eisíodh é ar an 24 Samhain 2015, nuair a cuireadh chun feidhme go rathúil an chéad sraith de gharspriocanna.

An dara fothráinse,
an tríú tráthchuid

EUR 1 bhilliún

Eisíodh é ar an 23 Nollaig 2015, nuair a cuireadh chun feidhme go rathúil an dara sraith de gharspriocanna.

 An dara tráinse

EUR 10.3 billiún

D’údaraigh bord stiúrthóirí SCE an dara tráinse ar an 17 Meitheamh 2016.

 An dara tráinse, 
an chéad fhothráinse

EUR 7.5 billiún

An eisíocaíocht arna húdarú ag bord stiúrthóirí SCE ar an 17 Meitheamh 2016.

An dara tráinse, 
an dara fothráinse

 EUR 1.1 billiún 

Thug an Grúpa Euro formheas polaitiúil ar an 10 Deireadh Fómhair 2016. Thug bord stiúrthóirí SCE údarú chun an eisíocaíocht a dhéanamh ar an 25 Deireadh Fómhair. Úsáidfear an méid sin le haghaidh fiachas a sheirbhísiú.

An dara tráinse, 
an tríú fothráinse 

EUR 1.7 billiún

Thug bord stiúrthóirí SCE údarú chun an eisíocaíocht a dhéanamh ar an 25 Deireadh Fómhair, tar éis measúnú dearfach a fháil maidir le glanriaráistí na Gréige a bheith imréitithe. Íocfar an méid sin isteach i gcuntas tiomnaithe le haghaidh riaráistí a imréiteach.

An tríú tráinse 

EUR 8.5 billiún

D'fhormhuinigh an Grúpa Euro íocaíocht an tríú tráinse go polaitiúil ar an 15 Meitheamh 2017.

An tríú tráinse, 
an chéad fhothráinse

EUR 7.7 billiún

D’eisíoc SCE an chéad fhothráinse ar an 10 Iúil 2017. Bainfear leas as EUR 6.9 billiún den mhéid sin ar mhaithe le riachtanais sheirbhísithe fiachais agus as EUR 0.8 billiún ar mhaithe le riaráistí a imréiteach. Nuair a bhí an tríú tráinse, dar luach EUR 8.5 billiún, formheasta aige ar an 7 Iúil 2017, rinne bord stiúrthóirí SCE an cinneadh an chéad fhothrainse a eisíoc.

An tríú tráinse, 
an dara fothráinse 

EUR 0.8 billiún 

Ar an 26 Deireadh Fómhair 2017, thug bord stiúrthóirí SCE údarú chun an EUR 0.8 billiún nár úsáideadh go fóill a eisiúint don Ghréig chun riaráistí a imréiteach.

An ceathrú tráinse

EUR 6.7 billiún 

D’údaraigh bord stiúrthóirí SCE an ceathrú tráinse ar an 27 Márta 2018.

An ceathrú tráinse, 
an chéad fhothráinse

EUR 5.7 billiún 

D’eisíoc SCE an chéad fhothráinse ar an 28 Márta 2018.

An ceathrú tráinse, 
an dara fothráinse

EUR 1 bhilliún 

Thug bord stiúrthóirí SCE údarú chun an EUR 1 bhilliún nár úsáideadh go fóill a eisiúint don Ghréig chun riaráistí a imréiteach, ar an 14 Meitheamh 2018.

An cúigiú tráinse

€15 billiún

D'eisíoc SCE an cúigiú tráinse, arbh é an tráinse deireanach chomh maith, ar an 6 Lúnasa 2018; €15 billiún an luach atá air seo.
Úsáidfear €9.5 billiún den tráinse chun airgead tirim maolánach na Gréige a charnadh agus úsáidfear €5.5 billiún de chun fiacha a ghlanadh.

Faireachán

Déanann na hinstitiúidí (an Coimisiún Eorpach, i gcomhar le BCE, SCE agus CAI) faireachán ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le cur chun feidhme an chláir. Seoltar misin athbhreithnithe chun na hAithne go tráthrialta (gach ráithe is iondúil), agus féadtar iad a fhorlíonadh le misin eatramhacha.

Trí bhíthin na n-athbhreithnithe sin, is féidir toimhdí maicreacnamaíocha agus coinníollacha an chláir a nuashonrú ag brath ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag údaráis na Gréige maidir le coinníollacha an chláir a chur chun feidhme.

An chéad athbhreithniú

Cuireadh an chéad athbhreithniú ar an gclár i gcrích i mí an Mheithimh 2016, rud a réitigh an bealach chun an dara tráinse cúnaimh airgeadais a eisiúint, dar luach €10.3 billiún.

An dara hathbhreithniú

Cuireadh an dara hathbhreithniú ar an gclár i gcrích i mí an Mheithimh 2017, rud a réitigh an bealach chun an tríú tráinse cúnaimh airgeadais a bhí ar fáil don Ghréig faoin gclár, a íoc amach. €8.5 billiún is luach don tráinse. Baineadh úsáid as chun riachtanais airgeadais reatha na Gréige a chumhdach, chun riaráistí a imréiteach, agus chun an deis a chur ar fáil, b'fhéidir, tosú ar airgead tirim maolánach a charnadh.

An tríú hathbhreithniú

Cuireadh an tríú hathbhreithniú ar an gclár i gcrích i mí Eanáir 2018. Réitigh sin an bealach chun an ceathrú tráinse cúnaimh airgeadais, a bhí ar fáil don Ghréig faoin gclár, a íoc amach, dar luach €6.7 billiún.

an ceathrú hathbhreithniú

Cuireadh an ceathrú athbhreithniú ar an gclár i gcrích i mí an Mheithimh 2018, rud a réitigh an bealach chun an cúigiú tráinse cúnaimh airgeadais, a bhí ar fáil don Ghréig faoin gclár, a íoc amach, dar luach €15 bhilliún.

Rannpháirtíocht an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI)

I gcomhréir le Conradh SCE, is gnách clár CAI a lorg in éineacht le clár SCE. I gcás an tríú clár don Ghréig, beidh an cinneadh a dhéanfaidh an Ciste maidir le tacaíocht bhreise airgeadais a chur ar fáil don Ghréig ag brath ar a mheasúnú i dtaca leis na hathchóirithe ar an mbeartas poiblí a dtugtar fúthu agus ar inbhuanaitheacht fiachais phoiblí na tíre.

Ag cruinniú an Ghrúpa Euro ar an 15 Meitheamh 2017, d'fhógair CAI go bhfuil sé de rún aige moladh do Bhord Feidhmiúcháin CAI iarraidh na Gréige ar shocrú teannta dar fad 14 mhí a fhormheas i bprionsabal.

Cláir roimhe seo

Bhí dhá chlár choigeartaithe ag an nGréig sa tréimhse 2010-2015.

An chéad chlár

Cuireadh an maoiniú le linn an chéad chláir coigeartaithe ar fáil ar bhonn iasachtaí déthaobhacha ó Bhallstáit an limistéir euro chun na Gréige tríd an sásra 'Saoráid Iasachta na Gréige'. D'fhógair an Grúpa Euro an méid sin ar an 2 Bealtaine 2010.

Faoin gcéad chlár, €52.9 billiún ar fad de chúnamh airgeadais a fuair an Ghréig. D'íoc an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta suim bhreise dar luach thart ar €20 billiún amach.

An dara clár

Tháinig an dara clár coigeartaithe in ionad an chéad chláir. D'fhormhuinigh an Grúpa Euro é ar an 9 Márta 2012 agus bhí sé i bhfeidhm go dtí Meitheamh 2015.

Chuir Ballstáit an limistéir euro maoiniú ar fáil tríd an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF). I rith na tréimhse sin, d'íoc EFSF €141.8 billiún amach agus d'íoc CAI thart ar €12 bhilliún amach.