- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 15 Aibreán 2019 10:57
Clár taighde an Aontais Eorpaigh amach anseo: Príomhchuspóirí sainithe ag an gComhairle
Chomhaontaigh an Chomhairle inniu príomhghnéithe an dréachtchinnidh ón gComhairle lena mbunaítear an clár sonrach chun Fís Eorpach a chur chun feidhme. Leagtar amach sa chlár seo cuspóirí oibriúcháin agus na cineálacha gníomhaíochtaí atáthar ag brath a dhéanamh chun Fís Eorpach a chur chun feidhme, clár réime an Aontais Eorpaigh um thaighde agus um nuálaíocht don tréimhse 2021 go 2027.
Leagtar amach sa chinneadh forálacha maidir leis an méid seo a leanas:
- na treoirlínte do na gníomhaíochtaí taighde faoi gach cnuasach de Fís Eorpach;
- an próiseas maidir leis an bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil, atá le glacadh ag an gCoimisiúin i dtaca le dlúth-rannpháirtíocht luath na mBallstát;
- cur chun feidhme na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (EIC);
- cláir oibre lena gcuirfear chun feidhme an clár sonrach, atá le glacadh ag an gCoimisiún;
- rannpháirtíocht a leathnú i dtaca le gníomhaíochtaí taighde arna maoiniú faoi Fís Eorpach
- an Limistéar Eorpach Taighde a neartú;
Eisiatar ó chomhaontú an lae inniu saincheisteanna cothrománacha agus airgeadais atá á bplé faoi láthair mar chuid den chaibidlíocht i ndáil leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile de chuid an Aontais lena gcuimseofar an tréimhse 2021 go 2027. Braithfidh na saincheisteanna seo, agus go háirithe na suimeanna deiridh, ar an gcomhaontú a dtiocfar air maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, ach treoir pholaitiúil na gCeann Stáit agus Rialtais a fháil.
Na chéad chéimeanna eile
Glacfaidh an Chomhairle an dréachtchinneadh, ach tuairim ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a fháil agus comhaontú iomlán ann, maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus an dréachtrialachán maidir le Fís Eorpach.
Teagmhálaithe preasa
-
Leonidas Karamountzos Preasoifigeach
- +32 2 281 85 46
- +32 476 53 11 80
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025