Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Preaseisiúint
  • 25 Deireadh Fómhair 2024 16:50

Cuireadh do chruinniú mullaigh an Chomhphobail Pholaitiúil Eorpaigh i mBúdaipeist

Tá géarchéimeanna iomadúla le feiceáil i saol an lae inniu. Is é seo an tríú bliain de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus tá sé fós á fhearadh. Tá slad méadaitheach ar bun sa Mheánoirthear agus an chuma ar an scéal go n-éireoidh sé níos measa fós. Tá coinbhleachtaí agus an éagobhsaíocht ag dul i méid san Afraic freisin. Dúshlán breise don Eoraip is ea an imirce neamhrialta agus ionstraimiú na himirce sin. Tá an geilleagar domhanda ag dul i dtreo na hilroinnte arís eile, agus tá tionchar aige sin ar ár samhlacha eacnamaíocha. Dá dheasca sin ar fad, tá an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an rathúnas á gcur i mbaol inár réigiún. Táimid suite de gurb iad na cinntí a dhéanaimid chun aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna a luaitear thuas a chinnfidh ár dtodhchaí go ceann na mblianta fada amach romhainn.

Ag tógáil ar thorthaí ár gcruinnithe mullaigh roimhe seo, tugaimid cuireadh duit teacht chuig an gcúigiú cruinniú mullaigh den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach i mBúdaipeist an 7 Samhain 2024 chun plé a dhéanamh ar na dúshláin slándála atá roimh an Eoraip.

Cuirfimid tús leis an bplé le seisiún iomlánach ar maidin maidir leis na dúshláin shlándála, agus ina dhiaidh sin beidh ceithre sheisiún ar leith maidir leis an imirce agus maidir leis an tslándáil eacnamaíoch. Sa seisiún maidir leis an imirce cumhdófar gach gné den imirce, agus sa seisiún maidir leis an tslándáil eacnamaíoch pléifear nascacht i dtéarmaí fuinnimh, iompair, TF agus trádáil dhomhanda freisin. Ag an dara seisiún iomlánach tabharfaidh cathaoirligh gach cruinnithe comhchéime tuairisc ar an bplé a rinneadh. Críochnóimid le hidirghabhálacha ag an seisiún iomlánach maidir le hábhair na seisiún ar an imeall.

Cuirfear neart deiseanna ar fáil le haghaidh cruinnithe déthaobhacha nó iltaobhacha i rith an lae.

Táimid ag súil go mór le bualadh libh i mBúdaipeist.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Eanáir 2025