- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 18 Márta 2025 12:20
Ráiteas ón Ardionadaí maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh leis an gCinneadh ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe den Úcráin nach bhfuil faoi rialú rialtas na hÚcráine a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise
An 24 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/3961.
Le Cinneadh (CBES) 2025/396,forchuirtear srianta ar sheirbhísí lena n-éascaítear forghabháil neamhdhleathach na Rúise agus lena gcuirtear ar chumas gníomhaithe eacnamaíocha comhtháthú i gcóras dlíthiúil agus airgeadais na Rúise, go príomha maidir le seirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, leabharchoimeádta, comhairliúcháin cánach, comhairliúcháin gnó agus bainistíochta, caidrimh phoiblí, tógála, ailtireachta, innealtóireachta, comhairleoireachta dlí, comhairliúcháin TF, taighde margaidh agus pobalbhreitheanna, seirbhísí tástála teicniúla agus anailíse agus seirbhísí fógraíochta a sholáthar do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais. Cuirtear toirmeasc breise leis an gCinneadh ar bhogearraí áirithe chun fiontair a bhainistiú agus bogearraí le haghaidh dearadh agus monaraíocht thionsclaíoch, agus ar chearta maoine intleachtúla gaolmhara nó rúin cheirde ghaolmhara a sholáthar do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais. Ina theannta sin, cuirtear toirmeasc ar nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a sholáthar do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais. Leis an gCinneadh, cuirtear srian freisin le hearraí agus teicneolaíocht áirithe a onnmhairiú chuig na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais, ar earraí agus teicneolaíocht iad atá srianta freisin le Cinneadh 2014/512/CBES.
Tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia agus an Úcráin ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/396, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/396/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anitta Hipper Lead Spokesperson
- +32 2 29 85691
- +32 460 76 14 21
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Nollaig 2025