- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 19 Márta 2025 11:50
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise
An 18 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/3381.
Le Cinneadh (CBES) 2025/338, rinneadh an córas a athnuachan go ceann bliain eile go dtí an 24 Feabhra 2026.
Tá an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia agus an Úcráin ag seasamh leis an gCinneadh seo ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/338, 19.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/338/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anitta Hipper Lead Spokesperson
- +32 2 29 85691
- +32 460 76 14 21
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Nollaig 2025