- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 21 Márta 2025 18:00
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tríú tíortha áirithe a bheith ag seasamh le Cinneadh (CBES) 2025/484 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
An 11 Márta 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/4841.
Leis an gCinneadh, baintear iontráil amháin de liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha.
Tá an Albáin, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Íoslainn, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia ag seasamh leis an gCinneadh sin ón gComhairle.
Cinnteoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2025/2936, 12.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/484/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anitta Hipper Lead Spokesperson
- +32 2 29 85691
- +32 460 76 14 21
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Márta 2025