Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 10 Bealtaine 2025 00:05

An Úcráin/an Rúis: Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil le sos cogaidh a iarraidh

Tá an tAontas diongbháilte i gcónaí ina thiomantas do shíocháin chuimsitheach chóir mharthanach san Úcráin, atá bunaithe ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus is díol sásaimh dó gach iarracht chun an tsíocháin sin a bhaint amach.

Táimid i bpáirt leis an Úcráin agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, chun sos cogaidh iomlán, neamhchoinníollach 30 lá ar a laghad a iarraidh. D’fhéadfadh an sos cogaidh sin a bheith ina chéim ríthábhachtach chun fulaingt shibhialtach a laghdú agus spás a thabhairt do chainteanna fiúntacha le haghaidh fíorshíocháin arb é is aidhm dóibh deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise agus síocháin chuimsitheach chóir mharthanach a athbhunú.

Mar a bhí i gceist cheana, is faoin Rúis atá sé anois a léiriú go bhfuil sí toilteanach an tsíocháin a bhaint amach.

Thacaigh rannpháirtithe eile nach rannpháirtithe de chuid an Aontais iad leis an ráiteas sin ag cruinniú neamhfhoirmiúil Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais in Lviv an 9 Bealtaine: An Mholdóiv, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe.

Seasann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia agus an Úcráin leis an ráiteas seo.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Meitheamh 2025