Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 30 Lúnasa 2025 16:25

An Phalaistín: Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh

D’fhoghlaim an tAontas faoin gcinneadh víosaí iontrála do chomhaltaí Údarás na Palaistíne agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne a dhiúltú agus a chúlghairm sula nglacfaidh siad páirt i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair.

I bhfianaise na gcomhaontuithe ceanncheathrún atá ann cheana idir na Náisiúin Aontaithe agus a stát óstach, tathantaímid go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh sin.

Tá an Albáin, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, an Mholdóiv (Poblacht na Moldóive), Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin ag seasamh leis an ráiteas seo.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 12 Meán Fómhair 2025