- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 16 Iúil 2026 12:25
Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach
An 3 Iúil 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/15421 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.
Cinneadh leis an gCinneadh ón gComhairle gur cheart seisear a áireamh i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544.
Seasann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin leis an gCinneadh sin ón gComhairle.
Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.
Tá an gealltanas sin tugtha dá aire ag an Aontas Eorpach agus is díol sásaimh dó é.
1 IO L, 2026/1542, 3.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1542/oj
Teagmhálaithe preasa
-
Anitta Hipper Lead Spokesperson
- +32 2 29 85691
- +32 460 76 14 21
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Iúil 2026